Committee Reports::Report No. 01 - Standing Orders (consequent on the coming into operation of the Constitution)::15 December, 1937::Appendix

SCEIDEAL.

Buan-Ordú

Cineál an Leasuithe

Bhunreacht gur dá dhruim is gá an Leasú dhéanamh

1 agus as san amach (ach amháin i mBuan-Ordú Uimh. 51)

An focal “Teachta” no an focal “Teachtaí” do scriosadh amach agus an focal “comhalta” no an focal “comhaltaí”, fé mar is gá sa chás, do chur ina ionad.

Airteagal 15.

1 agus 2

...

...

Na focail “Furógra tionólta an Oireachtais” do scriosadh amach agus na focail “Furógra tionólta Dháil Eireann” do chur ina n-ionad.

Airteagal 13, Alt 2, fo-alt 1°.

13 agus as san amach

An focal “Aire” do scriosadh amach agus na focail “comhalta den Rialtas” do chur ina ionad.

Airteagal 28.

15

...

...

...

An fo-alt so leanas do chur i ndeireadh an Orduithe:—

Airteagal 25, Alt 4, fo-alt 5°.

 

“(3) Cuirfidh an Cléireach fé ndéar go ndéanfar tionntódh oifigiúil go Béarla ar gach dlí dá n-achtuíonn an tOireachtas sa Ghaedhilg, agus tionntódh oifigiúil go Gaedhilg ar gach dlí dá n-achtuíonn an tOireachtas sa Bhéarla.”

 

16, 22 agus 81 (2)

...

Na focail “Uachtarán na h-Ard-Chomhairle” do scriosadh amach agus an focal “Taoiseach” do chur ina n-ionad.

Airteagal 13, etc.

22 agus as san amach

An focal “Ministerial” do scriosadh amach sa leagan Bhéarla agus an focal “Government” do chur ina ionad.

Airteagal 28.

51

...

...

...

Míreanna (a) agus (b) do scriosadh amach agus na míreanna so leanas do chur ina n-ionad:—

Airteagal 15 agus Airteagal 28.

 

“(a) Tagrófar do chomhalta den Rialtas mar seo, an Taoiseach, an Tánaiste, no an tAire ............................ (an Roinn go bhfuil sé ina bun), fé mar is gá sa chás.

 

 

(b) Tagrófar do chomhalta phríobháideach den Dáil mar seo, an Teachta ................ (ag ainmniú an chomhalta).”

 

72, 81 (2), 101 (1) agus 102.

An focal “Ard-Chomhairle” do scriosadh amach agus an focal “Rialtas” do chur ina ionad.

Airteagal 28.

102

...

...

...

Na focail “an tAire Airgid” do scriosadh amach agus na focail “an comhalta den Rialtas a bheas i mbun na Roinne Airgeadais” do chur ina n-ionad.

Airteagal 28, Alt 7, fo-alt 1°.

116

...

...

...

An tOrdú do scriosadh amach agus an tOrdú so leanas do chur ina ionad mar Ordú nua díreach tar éis Buan-Orduithe Uimh. 4:—

Airteagal 14, etc.

 

“Chun crícheanna na mBuan-Orduithe seo ciallóidh an abairt ‘ Ceann Comhairle ’ an comhalta bheidh toghtha ag Dáil Eireann chun bheith ina Chathaoirleach ar Dháil Eireann agus ciallóidh an abairt ‘Leas-Cheann Comhairle ’ an comhalta bheidh toghtha ag Dáil Eireann chun bheith ina Leas-Chathaoirleach ar Dháil Eireann.”