Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1935 - 1936::09 December, 1937::Report

TUARASGABHÁIL

NÓTAÍ GENERÁLTA

Miontuairisc ón Aire Airgid dar dáta an 5adh Deireadh Fomhair, 1937. Págh d’íoc le Ban-bhainisteoir Tionnscail Tuatha.

1. Fuair an Coiste ón Oifigeach dob Oifigeach Cuntasaíochta do Vóta Seirbhísí na Gaeltachta roimh an 1adh Eanar, 1935, iarratas ar chead fianaise do thabhairt uaidh i láthair an Choiste ar an gcaiteachas dá dtagartar i mír 11 dá dTuarasgabháil deiridh. O chóipeanna de chófhreagarthas idir an Roinn Airgid agus an tOifigeach Cuntasaíochta, a cuireadh isteach i dteanta an iarratais, deallruíonn sé go ndearna an tAire Airgid, mar is gnáth a dhéanamh ina leithéid de chás, a iarraidh ar an Oifigeach Cuntasaíochta éinní ba mhian leis a rá i dtaobh an ghnótha bhí i gceist do chur in úil dó. In ionad déanamh mar d’iarr an tAire air do lean an tOifigeach Cuntasaíochta cúrsa nea-ghnáth, eadhon, d’iarr ar an gCoiste go fuirmeálta a cheadú dhó teacht ina láthair chun fóirleitheadú do dhéanamh ar an bhfianaise thug an t-oifigeach do fhreagair sa Vóta i láthair an Choiste um Chuntaisí Puiblí do bhreithnigh na Cuntaisí Leithreasa in aghaidh na bliana airgeadais 1934-35. Ag féachaint don oifig a chólíonann Oifigigh Chuntasaíochta agus dá bhfreagarthacht don Aire Airgid i ndáil le cúrsaí caiteachais phuiblí agus urlámh chistí Stáit, agus á chuimhneamh dóibh gur breithníodh an scéal cheana, do bhraith an Coiste ná raibh sé ceart ag an Oifigeach Cuntasaíochta gan déanamh mar d’iarr an tAire air agus do dhiúltadar dá réir sin d’iarratas an Oifigigh Chuntasaíochta.


Oifigigh Chuntasaíochta do theacht i láthair an Choiste um Chuntaisí Puiblí.

2. Thug an Coiste fé ndeara le blianta beaga anuas é bheith ag fás mar nós ag Oifigigh Chuntasaíochta a chur ar dhuine dá n-oifigigh teacht i láthair an Choiste agus freagairt sna Vótanna ina mbíd féin freagarthach. Na réasúin do bheirtear leis sin ní ró-mhaith a bhíd i gcomhnaí.


Ba mhaith leis an gCoiste a chur in úil arís go mbíonn an tOifigeach Cuntasaíochta freagarthach go pearsanta sa Chuntas Leithreasa bheireann uaidh thar ceann a Roinne agus gur cuid dá dhualgas teacht i láthair an Choiste, nuair a hiarrtar san air, chun freagairt ina chruinneas agus chun éinní eireoidh as do mhíniú. Is tuigthe, dá bhrí sin, nach foláir don Oifigeach Chuntasaíochta teacht i láthair i bpearsain agus is mian leis an gCoiste go dtuigfí ná beid ullamh feasta ar leigint le haon chlaonadh amach ón nós imeachta ceart gan cúis ana-mhaith ar fad do bheith leis.


Meastachán Ró-árd.

3. Ba mhaith leis an gCoiste focal do rá i dtaobh an méid deifríochta atá idir na meastacháin iomlána agus an caiteachas a nochtar sa Chuimre ghabhann le Cuntaisí Leithreasa na bliana.


£28,338,589 méid iomlán glan na ndeontaisí Soláthair le haghaidh na Seirbhísí Puiblí i gcóir na bliana 1935-36 agus £26,050,016 18s. 10d. an méid glan do caitheadh. Fágann san go raibh £2,288,572 1s. 2d. ar fad le tabhairt suas, sé sin, timpeal 8.1% den mheastachán glan.


Le cúig Vótanna bhaineann £1,457,586 no 64% den iomlán do bhí le tabhairt suas, eadhon:


 

£

Uimh. 11.

Oibreacha agus Foirgintí Puiblí

...

340,693

Uimh. 50.

Talmhaíocht

...

...

...

354,777

Uimh. 65.

An tArm

...

...

...

...

164,234

Uimh. 69.

Scéimeanna Fóirthne

...

...

172,245

Uimh. 70.

Deolchairí agus Conganta Easportála

425,637

agus i gcás roinnt vótanna eile bhí an méid nár caitheadh den deontas ró-mhór i gcompráid leis na Meastacháin. Is mian leis an gCoiste a chur in úil arís a mhéid is gá bheith an-aireach ar fad le linn na Meastachán Bliantúil do dhéanamh amach.


CUNTAISI ÁIRITHE

Oibreacha agus Foirgintí Puiblí.

Cta. 2-11.


4. Do hinnseadh don Choiste gur híocadh £100 le Suirbhéir Caindíochta as billí d’ullamhú le haghaidh scoile nua ná deachthas ar aghaidh le n-a tógáil. Do réir dheallraimh níor leanadh an gnáth-nós imeachta, sé sin, údarás d’fháil i gcóir an chaiteachais sara bhfuighfí Billí Caindíocht. Isé tuairim an Choiste nár cheart, ar aon chúinse, dul ar aghaidh le Billí Caindíocht d’ullamhú sara mbeadh pleananna na bhfoirgintí nua ceaduithe ar fad agus cead faighte chun na bhfoirgintí do thógáil.


Fo-scr. III.


5. Do caitheadh £2,023 6s. 6d. i rith na bliana ar léirscrúdadh agus ar dheisiú dreidire ghaile do rinneadh timpeal na bliana 1905 ar thuairim is £10,000. Do bhreithnigh an Coiste miontuairise ón Oifigeach Cuntasaíochta agus, ag cuimhneamh dóibh ar an saghas oibre dheineann dreidire, admhuíonn siad nach foláir mórán do chaitheamh o am go ham ar ghéarscrúdadh agus ar athchóiriú chun é chiomeád i dtreo mhaith oibre. Measaid, ámh, gur mhaith an rud an Roinn Airgid agus na Coimisinéirí do réiteach le chéile i dtaobh an méid caiteachais den tsórt so gur féidir dul fé gan cead roimh ré ón Aire.


Fo-scr. IV.


6. Do breithníodh eás den tsórt ar a dtráchtar i mír 2 d. Thuarasgabháil deiridh an Choiste agus tháinig memorandum ai ón Oifigeach Cuntasaíochta. Do réir dheallraimh thóg Coimisinéir na nOibreacha Puiblí don Ghárda Síochána sa bhliain 1925-6 déanmhas adhmaid do chosain £1,462 10s. 9d. Díoladh é sa bhliain 1935-36 ar £60 toisc gan é bheith ag teastáil a thuilleadh ón nGárda agus fós toisc nárbh fhéidir é chur ar cíos ar chuma shásúil.


Déarfadh duine go raibh an bun-chaiteachas, mar a bhí sa chás eile, as cuimse le luach an déanmhais. Do hinnseadh don Choiste ná dearnadh ach ceithre foirgintí den chineál so agus tá dhá cheann acu i seilbh ag Gárdaí fós. Isé tuairim láidir an Choiste nach foláir gach ní is féidir do dhéanamh feasta chun an Stáit do chosaint ar aon chaillteanas fhéadfadh teacht as caiteachas neamh-cacnamúil den tsaghas so.


Fo-scr. VI.


7. Do bhreithnigh an Coiste memorandum an Oifigigh Chuntasaíochta ar oibreacha do rinne Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí fé Scéimeanna Dréineála Airtéirighe agus ar chúiseanna na deifríochta idir an caiteachas agus méid an deontais do soláthruíodh fé Fho-mhírcheann J (2). Measann an Coiste gur cheart go bhféadfadh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí, as méid a dtaithí, tuairim níos cruinne do thabhairt don chostas do bhainfeadh le hOibreacha agus Scéimeanna Dréineála Airtéirghe.


An Gárda Síochána.

8. Na coinníollacha atá le cólíonadh ag fir iarrann go gceapfaí iad ina nGárdaí, táid leagtha amach i Rialacháin an Ghárda Síochána (Roinnt, Ceapacháin agus Smacht), 1924, do rinne an tAire Dlí agus Cirt, le haontú na hArd-Chomhairle, fé Alt 18 den Acht Gárda Síochána (Forálacha Sealadacha), 1923. Do cuireadh ar an rolla o am go ham roinnt mhaith liostálaithe ná raibh na coinníollacha ba ghá cólíonta acu agus do réir dheallraimh, o thárla nach do réir na rialachán a leigeadh isteach sa bhFórsa iad, ba rud nea-rialta éinní d’íoc leo. Tá an scéal ina cheart anois de bharr an Achta Gárda Síochána, 1937, d’achtú. Tá súil ag an gCoiste go gcólíonfar na rialacháin feasta agus ná beidh gá le reachtúchán cúlghabhálach chun gníomhartha nea-rialta dhéanamh rialta.


9. Leis na rialacháin a bhaineann le liúntaisí mílte slí do Chigirí úsáideann a ngluaisteáin féin ar ghnó oifigiúil foráltar, más mó ná méid áirithe an méid mílte slí siúlfar amhlaidh aon bhliain airgeadais áirithe, gur do réir ráta laigheaduithe a híocfar as an mbreis. Do hinnseadh i dtaobh Cigire do thaistil an méid mílte slí as a bhféadfaí íoc do réir an lán-ráta agus d’fhostuigh ansan carranna aimsire i gcóir turusanna ná fuigheadh sé ach an ráta laigheaduithe ortha dá n-úsáideadh sé a charr féin. Admhuíonn an Coiste ná fuil sé ráite sna rialacháin nach ceaduithe íoc as carranna aimsire ina leithéid sin de chás, ach is dóich leo go bhfuil sé do réir réasúin a mheas gur tuigeadh, nuair a ceapadh na rátaí seo, go mbeadh ar Chigirí do sholáthródh gluaisteáin dóibh féin iad d’úsáid ar gach turus oifigiúil ar ar ghá no ar ar cheaduithe gluaisteáin d’úsáid. Déarfaidís nár mhiste féachaint a bhféadfaí na rialacháin d’atharú i leith cásanna den tsórt so.


Fo-scr. VII.


10. Do chuathas fé thuairim £50 costais chun bád mótair do báthadh do thógaint agus do dheisiú. Do réir dheallraimh, is amhlaidh a fágadh an bád ar a feiste toisc nárbh fhéidir an tigh báid do shroichint ach tráthanna áirithe den taoille. Agus san amhlaidh is léir nach cóir leanúint de bheith ag caitheamh airgid ar an tigh báid do chothabháil agus ba mhaith leis an gCoiste a chloisint an féidir éinní do dhéanamh chun an scéil do leigheas.


An Chúirt Chuarda.

Fo-scr. IX.


11. Do bhreithnigh an Coiste cás Teachtaire Chúirte d’éilimh agus do fuair costaisí taistil mar gheall ar thurusanna bhí sé in ainm a dhéanamh ar traen agus ar rothar agus liúntas cothuithe mar gheall ar a lán tráthanna ná raibh sé sa cheann-cheathrúin. Deallruíonn sé gur ar fhoras bharúlach a cuireadh na héilithe isteach, gur i ngluaisteán an Teachtaire féin a tugadh na turusanna, agus gur híocadh liúntas cothuithe ná raibh do réir na dtráthanna bhí an Teachtaire as láthair. Scrúduigh an Roinn Dlí agus Cirt agus an Roinn Airgid go géar gach ar bhain leis an scéal agus ba dheimhin leo gur go macánta dhó do chuir sé isteach na héilithe barúlacha so; o thárla ná raibh cead faighte aige chun a ghluaisteán féin d’úsáid chun crícheanna oifigiúla bhraith sé nár cheaduithe dhó costas d’éileamh do réir an méid míle slí chuir sé dhe. Deallruíonn sé gur cruthuíodh gur lugha na suimeanna do híocadh in aghaidh na tréimhse atá i gceist ná na suimeanna dob iníoctha fé sna rialacháin dá mb’é costas na dturus sa ghluaisteán d’éileodh sé. Isé tuairim an Choiste, áfach, gur rud ana-nea-rialta éilithe do chur isteach gan gach fíoras táchtach a bhaineann leo do luadh.


Bun-Oideachas.

12. Bíonn ar mhic léighinn a leigtear isteach i gColáistí Oiliúna a gheallúint go ngeobhaid le gairm na múinteoireachta agus go bhfanfaid i Scoileanna Náisiúnta ar feadh tréimhse áirithe ar a laighead. Mara gcólíonaid a ngeallúint dlighid féin agus a gcaomhnóirí an tsuim do chaith an Stát ar a n-oiliúint d’aisíoc. Bhí có-phlé ar siúl idir an Roinn Airgid agus an Roinn Oideachais i dtaobh an nós imeachta is inleanta i gcásanna áirithe agus nuair a bheidh socrú déanta ag an dá Roinn ina thaobh ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in úil dóibh é.


13. Do bhreithnigh an Coiste arís ceist na nea-rialtachtaí i mbreacacháin Scoileanna Náisiúnta as a dtáinig an iomad d’íoc le múinteoirí. Tá breithniú á dhéanamh le tamall ar thairisgintí chun na rialacha d’atharú i dtreo gur fearr a féadfar deighleáil leis na cásanna so. Tá súil ag an gCoiste go bhféadfar na rialacha atharuithe do chur i ngníomh go luath.


Ceárd-Oideachas.

14. Fearas áirithe innealltóireachta ba ghá le haghaidh cúrsaí teagaisc do mhúinteoirí, is amhlaidh ceannuíodh díreach o thrádálaithe é in ionad é cheannach tré Stór-Bhrainse Oifig an Phuist. Do réir dheallraimh ba ghá saineolaí chun na n-earraí seo do thogha agus d’aontuigh Coiste na gConnartha Rialtais gur cheart iad de cheannach díreach o thrádálaithe. Ceapann an Coiste gurb é an rud ceart do rinneadh sa chás so ach isé a dtuairim láidir nár chóir, ach amháin i gcás ana-nea-choitianta, claonadh amach ón rialachán adeir gur tré sna príomh-ranna ceannacháin is ceart ceannach do dhéanamh.


Eolaíocht agus Ealadha.

15. Do hinnseadh don Choiste gur caitheadh, as cuntas an Deontais-i-gCabhair d’Fhoillseacháin Ghaedhilge, £452 13s. 1d. de bhreis ar an méid do bhí ar fáil chuige sin. Níor léir sa chuntas leithreasa aon bhreis fé mhírcheann an Deontais-i-gCabhair ach, o thárla nár leor chun an chaiteachais d’íoc an méid do cuireadh ar fáil fén mírcheann san maraon leis an iarmhéid do tugadh ar aghaidh ar chuntas an deontais-i-gcabhair ón mbliain roimhe sin, do chuathas thar an méid do chuir Dáil Eireann ar fáil i gcóir na seirbhíse seo go dtí an 31adh Márta, 1936.


Admhuíonn an Coiste gur chás nea-choitianta é seo agus, o bhí costas ná raibh coinne leis le n’íoc i gceann na bliana airgeadais, nárbh fhéidir airgead breise d’fháil tré Mheastachán Bhreise. Isé adeir an Coiste, áfach, gurb é intinn na Dála, nuair a vótálaid Deontas-i-gCabhair, go mbeadh sé mór a dhóthain do gach riachtanas, idir choitianta agus nea-choitianta, agus gur rud ana-nearialta ar fad iarmhéidí generálta roinne d’úsáid, mar do rinneadh sa chás so, chun costas breise d’íoc.


Gealtlann Dun Droma.

Fo-scr. XII.


16. Dubhradh i dTuarasgabháil an Ard-Scrúdóra gur híocadh liúntas lóistín, in aghaidh rialach, le freastalaithe pósta áirithe ná raibh ceathrú oifigiúil acu. Sa mhemorandum a thug an Roinn Airgid uatha ar iarratas an Choiste (Fo-scríbhinn XII don tuarasgabháil seo) deirtear nach foláir, do réir choinníollacha seirbhíse an chúigear freastalaithe atá i gceist, an eíos a híoctar do thabhairt thar n-ais, ach gan an méid a híoctar thar n-ais amhlaidh do bheith fé bhun 5/- sa tseachtain i gcás éinne acu. Deallruíonn sé gur scuireadar de chíos d’íoc ón 29adh Iúl, 1933, mar gheall ar bhreith a thug Cúirteanna an tSaorstáit, ach gur leanadar de rátaí na dtithe bhí acu d’íoc, agus gurb é tuairim chinnte an Aire Airgid gur cheart na liúntaisí d’ath-shocrú, do réir an mhinimum de 5/- sa tseachtain, ón dáta luaidhtear. Leanadh de rátaí liúntais ba mhó ná san d’íoc go dtí an 27adh Lúnasa, 1936, nuair do chuir an tArd-Scrúdóir ceist ina dtaobh. O £20 go dtí £32 an méid do bhí sna suimeanna do híocadh thar an gceart, no tuairim is £150 ar fad.


Deirtear gur i scríbhinn do glacadh leis na coinníollacha seirbhíse agus dá bhrí sin ba cheart go mbeadh a fhios ag na freastalaithe go raibh liúntaisí á n-íoc ba mhó ná na cinn do bhí údaruithe. Agus an cúrsa mar atá, aontuíonn an Coiste leis an Aire Airgid gur cheart an bhreis do híocadh thar an gceart do bhaint amach.


Aois-Liúntaisi agus Liúntaisi Fágála.

17. Do bhreithnigh an Coiste ceist do bhain le liúntas bliantúil agus cnap-shuim do moladh d’ionadaí i gcéin. Ní raibh an aois fágála reachtúil slán ag an oifigeach ach deallruíonn sé gur cheap an Roinn ina raibh sé go bhfeabhsódh sé cóghléasadh agus éifeachtúlacht a oifige é scaoileadh as oifig agus mar gheall air sin do moladh cúiteamh dó fé Alt 6 den Superannuation Act, 1909. Foráltar leis an alt san cúiteamh do dheonadh d’éinne eireoidh no cuirfear as an seirbhís phuiblí de dheascaibh a oifig do mhúchadh, no chun gurb usa cóghléasadh na Roinne le n-ar bhain sé d’fheabhsú ar mhaithe le héifeachtúlacht agus eacnamúlacht. Níl an Coiste lán-deimhnitheach gur cheart, do réir chúrsaí an cháis seo, cúiteamh do mholadh fé Alt 6.


Tráchtadh, leis, ar mhéid an chúitimh. Bhí áit chomhnaithe, abhar teine, agus solus in aisce ag an oifigeach agus cuireadh luach bliantúil na sochar oifige sin san áireamh nuair a bhí an cúiteamh á dhéanamh amach cé go ndubhradh sna bun-nótaí sna Meastacháin dá Roinn gur shochair neamh-inphinsin na sochair oifige sin. Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta gur braitheadh gur chás fé leith é seo sa mhéid go raibh an t-oifigeach á chur as oifig láithreach agus go mbeadh a phinsean ana-bheag gan na sochair oifige do chur leis. Ní ghéilleann an Coiste go bhfágann san gur cheart an cúiteamh méaduithe do mholadh. Cuireadh an t-oifigeach as oifig agus bheirtear le tuisgint gur cheart, mar gheall air sin, sochair áirithe oifige do thabhairt dó ná tabharfaí dhó dá mbeadh lántréimhse sheirbhíse curtha isteach aige. Braitheann an Coiste, dá réir sin, nach mór dóibh a chur in úil ná fuilid sásta leis an ní do rinneadh.


Árachas Díomhaointis agus Congnamh Díomhaointis.

18. Fé Alt 26 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933, bíonn ar Chomhairlí Contae-bhuirge agus ar Chomhairlí Bailelíomatáiste suimeanna áirithe d’íoc leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála gach bliain airgeadais tar éis an 31adh Márta, 1934, suimeanna bhíonn do réir an méid ba luach ionrátuithe do sna Chontae-bhuirgí no na Baile-líomatáistí sin i dtosach na bliana airgeadais díreach roimh an íoc san. Is mar Leithreasaí i gCabhair don Vóta Arachais Díomhaointis do bheirtear cuntas sna suimeanna san.


Deallruíonn sé gur do réir na luachálanna fé sna hAchtanna Luachála, lugha-de as-bhaintí in aghaidh maoine Rialtais, foirgintí folmha, maoine bóthair iarainn, agus mar sin dóibh, do bhí na híocaíochtaí do rinne na cóluchtaí áitiúla. Dubhairt an Príomh-Atúrnae gur féidir, go dleathach, as-bhaintí airithe do dhéanamh, ach déarfadh duine gur gá có-aontú cinnte do dhéanamh i dtaobh cadiad na saghsanna locáiste is ceaduithe le ceart agus fós gur cheart go ndeimhneodh an Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí na suimeanna a has-bhaintear fé gach mírcheann fé leith.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncuim.

19. Do bhreithnigh an Coiste cás in ar maitheadh diúité Custum £700 gan údarás reachtúil chuige. Deallruíonn sé go ndearnadh le halt 11 den Acht Airgid, 1935, do tháinig i ngníomh an 16adh Bealtaine, 1935, diúité 2/- an cmt. do chur ar rís, ar phlúr ríse, agus ar mhin ríse, ach amháin aon ullamhóid bá dhóich leis na Coimisinéirí do bheith déanta as faighneoga ríse. I mí Iúil, 1935, do hiomportáladh consighneacht d’ullamhóid ar ar tugadh “bran ríse” agus nuair a scrúduíodh é fuarthas nach as faighneoga ríse amháin a bhí sé déanta agus bhí sé, mar sin, ionchurtha fé dhiúité. Mar gheall ar fhíoraisí uile an cháis fuarthas údarás ón Aire Airgid chun an diúité bhí iníoctha do réir dlí do mhaitheamh. Ní maith leis an gCoiste go mbainfí feidhm ina leithéid de chás as an gcomhacht do bhí ann chun diúité do mhaitheamh gan údarás reachtúil agus a ghiorracht do bhí an diúité sin i bhfeidhm do réir dlí.


An tArm.

20. Do hinnseadh don Choiste i dtaobh an ghnáis úd, leigint do phágh saighdiúirí carnadh chun creidiúna do sna saighdiúirí. Do réir an ghnáis sin ní foláir éilithe bhíonn aibidh cheana d’fhágaint gan íoc go dtí bliain airgeadais eile ina dhiaidh sin, rud do bheireann caoi ar chiontaí do dhéanamh as a dtagann caillteanas puiblí. Bhain págh-chléireach amháin feidhm as chun airgead le baill dá Aonad do mhí-leithreasú agus bhí á dhéanamh san ar feadh bliana nach mór sarar braitheadh é. B’éigean airgead as cistí puiblí do chur in ionad an méid do bhí in easnamh sna cuntaisí bhí i gceist. Is léir ná dearna an págh-oifigeach freagarthach leor-mhaoirseacht sa chás so. Chun dea-nós na cnuaisciúna do chothú imeasc ball de sna Fórsaí measann an Coiste gur cheart go bhféadfaí slí éigin do cheapadh nárbh uiriste a leithéid de mhí-úsáid do dhéanamh di. Ba mhaith leo a leagadh síos arís mar phrínsiobal gur chóir de ghnáth éilithe bheadh aibidh chun a n-íoctha aon bhliain airgeadais áirithe d’íoc an bhliain sin.


21. Ag trácht dó ar shaoire bhreoiteachta agus cóireáil leighis, le n-a n-áirmhítear cóireáil i sanatorium, do dheonadh d’oifigigh de sna Fórsaí, dubhairt an tArd-Scrúdóir ná fuil sé mínithe go soiléir cadé a mhéid díreach d’fhéadfaí na príbhléidí sin uile le chéile do dheonadh d’éinne áirithe, agus go bhfuarthas roinnt cásanna ina ndeachthas, do réir dheallraimh, thar an maximum is féidir a lomháil fé sna rialacháin. Do hinnseadh don Choiste go bhfuil rialachán nua i dtaobh an ní seo á bhreithniú agus tá súil acu gur féidir a shocrú ann go cruinn a mhéid atá costas na seirbhíse seo ionchurtha ar chistí puiblí agus an méid go bhfuil teideal ag gach cifigeach fé leith chuige.


22. Do hinnseadh don Choiste i dtaobh a laige atá an urlámh, do réir dheallraimh, ar chaiteachas ar chóireáil in Ospidéal do mhuirighneacha saighdiúirí pósta. Deallruíonn sé ná fuil aon teora aoise leagtha amach do chlainn saighdiúirí fén scéim seo agus gur tugadh cóireáil do chlainn mhac agus inghean saighdiúirí do bhí os cionn fiche bliain d’aois; níor cuireadh aon teora le faid ré na cóireála agus na cothabhála in ospidéal, ré do bhí chó fada le trí bliana as a chéile i gcásanna áirithe. Do réir dheallraimh ní leor i gcomhnaí an méid eola is a bhíonn ar fáil gan duadh chun éilithe o Ospidéil d’fhíorú. B’é cheapfadh an Coiste go mbeadh urlámh dhaingean ar scéim den tsórt so agus go mbeadh an méid costais do bheadh ar an Stát dá barr leagtha síos go beacht. O tuigtear dóibh go dtabharfar rialachán amach chun an chúrsa do cheartú ba mhaith leo eolas d’fháil in am tráth ar na forálacha bheidh ann.


23. Foráltar le rialacháin Airm págh agus liúntaisí do thabhairt amach do bhaill den Chúl-taca in aghaidh na laetheanta bhíd i láthair nuair a slógtar iad chun tréineála bliantúla, agus do bhreithnigh an Coiste seo ceist a bhaineann le teideal chun páigh in aghaidh na laetheanta slógtha agus dí-shlógtha na gCúltacairí. Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta gurbh é a thuairim fir a thiocfadh i láthair in am chun bheith lán-ghléasta agus ullamh maidin lá ar n-a mháireach do bheith i dteideal págh an lae thiocfaidís amhlaidh. Tá an Coiste ar aon intinn leis ar fad sa méid sin, ach bheiríd fé ndeara gur tugadh págh agus liúntaisí lae d’fhir nár tháinig i láthair go dtí tamaillín roimh mheán oíche cé go rabhadar ina gcomhnaí i gcomhursanacht ionad an tslógtha, agus ní thuigid conus fhéadfaí an t-ullamhú agus an gléasadh is gá do chríochnú in am agus na fir ag teacht chó déanach san. Ní thuigeann an Coiste conus fhéadfadh sé bheith do réir na rialachán págh dhá lá do thabhairt do bhaill den Chúltaca ná raibh i láthair chun tréineála ach cúig uaire fichead a’ chluig agus, cé gurb eol dóibh a dheacracht atá sé uimhir mhór fear do shlógadh an t-aon lá amháin, measaid gur cheart socrú do dhéanamh i slí ná tárlóidh nithe den tsórt so, agus déarfaidís nár mhiste féachaint ar cheart na rialacháin do leasú.


24. Is maith leis an gCoiste go bhfuil córas cinnte cuntasaíochta bunuithe anois do stóraisí teicniúla an Aer-chóir, agus gur fearr an urlámh airgeadais a bheidh ortha feasta. Is áirithe, dar leo, ná beidh aon mhoill ró-mhór ag baint le stóraisí bheidh as dáta, de bhreis ar a mbeidh ag teastáil, do chur de láimh.


I dteanta na gcaillteanas do nochtadh sa Chuntas Leithreasa bhí roinnt stóraisí ionchaithe ann nár tugadh cuntas ionta le linn an mhaoin-áirimh, agus measann an Coiste gur cheart gach lúb-ar-lár den tsórt so, pé ní fé ndeár é, do thabhairt ar áird, agus nach leor in aon chor gan ach saghas áirithe do luadh.


Arm-Phinsin.

25. Do hinnseadh don Choiste i dtaobh éilimh ar phinsean ar illtugadh an bhreith deiridh fén Acht Arm-Phinsean, 1932. illsocruíodh leis an Acht i dtaobh athbhreithniú dhéanamh illleithéidí seo de chásanna, ach do háirmheadh an bhun-illbheith nea-dhleathach toisc nár cólíonadh na rialacháillPhinsean nuair a bhí socruithe á ndéanamh i dtaobh an iarillchur fé scrúdú dochtúra. Dá bharr san do illagus do claochluíodh an bhun-bhreith. Ní hiad ceartailláirithe seo is cás leis an gCoiste, ach bheirid fé ndeara guillníodar bliain áirithe cheana gluais, den tsórt chéanna nacilla dtiocfadh as nós imeachta nea-cheart maidir le héiilldiúltadh ar dtúis. Toisc nach maith leo go bhféadfadh illtheacht do théarmaí na nAchtanna Arm-Phinsean tré lochtillimeachta na Roinne do chuirfeadh, béidir, tuilleadh muirillchistí puiblí measaid nár mhór pé ní do dhéanamh illleor chun a áirithiú go gcólíonfaí go beacht na illreachtúla bhaineann le héilithe d’iniúchadh.


Talmhaíocht.

26. Do hinnseadh don Choiste gur hullamhuíodh agus gur hiniúchadh, fé Alt 39 den Acht um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934, cuntaisí ar an trádáil bheithíoch do rinne an Roinn leis an nGearmáin agus leis an mBeilg sa tréimhse dar chríoch an 31adh Márta, 1935, agus sa bhliain dar chríoch an 31adh Márta, 1936, ach nár tíolaiceadh do Dháil Eireann fós iad agus fós go raibh cuntas á ullamhú ar bheithígh do cheannach sa bhliain 1935-36 chun a gcannuithe. Measann an Coiste gur cheart cuntaisí den tsórt so do chur isteach chun a n-iniúchta luath go leor chun go bhféadfaí, dá gcuirtí fé bhráid an Choiste seo iad, deighleáil leo nuair a bheadh na Cuntaisí Leithreasa don bhliain airgeadais le n-a mbeadh baint acu á scrúdú.


Fo-scr. XV.


27. Do phléidh an Coiste ceist d’eirigh as an Acht Muc agus Bagúin, 1935, do riaradh. Foráltar le hAlt 6 go bhféadfar ordú do dhéanamh ag ceapadh an lae cheaptha le haghaidh Coda II den Acht agus foráltar le hAlt 28, atá i gCuid II, go n-íocfaidh leasuitheoirí bagúin táille in aghaidh gach muice no conablaigh a seachadfar chun scrúdú tréidliaghachta dhéanamh ortha. Thug an Bord Marguithe Muc Ordú Praghais amach á ordú táille 5d an mhuc do bhailiú ón ladh Deireadh Fómhair, 1935, á cheapadh dhóibh go ndéanfaí an t-ordú fé Alt 28 ag ordú na táille. Do cuireadh siar an lá ceaptha le haghaidh Coda II den Acht, áfach, go dtí an 1adh Abrán, 1937, agus dá bhrí sin níorbh fhéidir, do réir dlí, an táille d’ordú ná do bhailiú fé Alt 28 roimh an dáta san. Os rud é, áfach, go ndearna na leasuitheoirí, fén Ordú Praghais do rinne an Bord Marguithe Muc, na táillí do bhaint as an méid do bhí ag dul do sna táirgtheoirí, do chinn an Roinn ná raibh aon tslí as an bpunc ach na táillí do bhailiú o sna leasuitheoirí tar éis coigeartú do dhéanamh maidir le táillí do bhailiú fé sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur). Timpeal £4,000 an tsuim adeirtear atá i gceist.


Bíodh ná raibh de rogha ag an Roinn, agus an cúrsa mar a bhí, ach na suimeanna baineadh as an méid do bhí ag dul do sna táirgtheoirí do bhaint de sna leasuitheoirí bagúin braitheann an Coiste nach maith an rud airgead ná fuil iníoctha do réir dlí do bhailiú agus go bhfuil cúrsaí an cháis seo chó nea-choitianta san nár mhiste reachtúchán do thabhairt isteach chun rialtacht do chur sa scéal.


Fo-scr. XVI.


28. Do phléidh an Coiste cúrsaí deolchaire do híocadh do réir ráta fé bhun an ráta reachtúil ar easportála áirithe ime uachtarlainne do rinne Cuideachta Dhéiríochta Ath Trasna agus cuireadh isteach memorandum ar an scéal ón Roinn Talmhaíochta. Is leis an Stát an Chuideachta agus is do réir Chó-aontuithe Trádála do rinne an Rialtas do heasportáladh an t-im. Orduítear o am go ham le Rialacháin ón Aire Talmhaíochta fé Alt 34 den Acht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935, cadé an ráta deolchaire is iníoctha.


Dá mba do réir an ráta reachtúil do híocfaí an deolchaire ba mhó ná an luach dúthchais ceaptha an méid glan do bheadh ag an gCuideachtain dá bharr agus dubhradh ná raibh aon chúis mhaith chun san do dhéanamh. Isé barúil an Choiste, áfach, nár cheart don Roinn Talmhaíochta ráta deolchaire do horduíodh le hOrdú Reachtúil d’atharú. D’fhéadfaí íoc do réir an lán-ráta agus a chur ar an gCuideachtain an bhreis d’aisíoc ach, dá meastaí nár mhaith san, braitheann an Coiste gur cheart Ordú leasúcháin do dhéanamh ag údarú na híocaíochta atá i gceist.


(Sighnithe)


SÉAMUS DIOLÚN,


Cathaoirleach.


9adh Mí na Nodlag, 1937.