Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1935 - 1936::09 December, 1937::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

31 Márta, 1937:—Orduithe, Go ndeintear, do réir Bhuan-Ordú a 109, Rogha-Choiste dá ngairmfear “An Coiste um Chuntaisí Puiblí” do cheapadh; agus gurb á an Coiste Roghnathóireachta a ainmneoidh baill an Choiste;


Orduithe: Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin;


Orduithe: Go ndeintear na Cuntaisí Leithreasa, maille le Tuarasgabháil an Ard-Scrúdora i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1936, do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairisc do thabhairt ortha.


8 Abrán, 1937:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste ar a raibh Pádraig O Beacháin, Seóirse Beinéid, Tadhg O Cruadhlaoich, Séamus Diolún, Peadar S. Ua Dubhghaill, Seán Ua Gúilidhe, Tomás Hairis, Alasdar Haslett, Mícheál Mac Aoidh, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


27 Deire Foghmhair, 1937:— Orduithe, do ndeintear, do réir Bhuan-Ordú a 109, Rogha-Choiste dá ngairmfear “An Coiste um Chuntaisí Puiblí” do cheapadh; agus gurb é an Coiste Roghnathóireachta a ainmeoidh baill an Choiste;


Orduithe: Go mbeidh sé de chomhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin;


Orduithe: Go ndeintear na Cuntaisí Leithreasa, maille le Tuarasgabháil an Ard-Scrúdora i gcóir na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1936, agus Miontuairiscí na Fianaise a tógadh i láthair an Choiste um Chuntaisí Puiblí ar an Tuarasgabháil sin do chur chun an Choiste um Chuntaisí Puiblí chun iad do scrúdú agus tuairisc do thabhairt ortha.


10 Mí na Samhna, 1937:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste ar a raibh Pádraig O Beacháin, Brooke Brasier, Seán Mac Cumhaill, Máirtín O Comhraidhe, Séamus Diolún, Giolla Easpuig O hEachthigheirn, Tadhg O Líonacháin, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain, Maitiú O Raghallaigh, Pádraig Mac Gabhann agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.