Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1935 - 1936::28 April, 1937::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 28 Abrán, 1937.

Wednesday, 28 April, 1937.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Diolún (i gCeannas), Pádraig O Beacháin, Seán O Gúilidhe, Alasdar Haslett, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1935-36. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig an Aire Dlí agus Cirt, Gárda Síochána, Priosúin, Cúirt Duithche, Cúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt, an Bhreithiúnais Oifig Chlárathachta na Talmhan agus Oifig Chlárathachta na nDintiúirí, an Chúirt Chuarda agus Arachas Sláinte Náisiúnta.


4. Ceistníodh Stiophán de Roiste (Rúnaí, an Roinn Dlí agus Cirt), Séamus Hurson (Rúnaí, Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí), Seán Mac Cearáin (Oifig an Arachais Sláinte Náisiúnta), Tomás Dagg, C. S. Almond (An Roinn Airgid), Proinnsias O Fiannaidhe (An Roinn Airgid) agus an tArd-Scrúdóir.


5. Tairisgint déanta (An Cathaoirleach):—


“That the Accounting Officer for the Gárda Síochána Vote be requested to furnish a Memorandum explaining recruitments of Gárdaí, as referred to in Paragraph 17 of the Report of the Comptroller and Auditor-General.”


Do dhin an Coiste vótáil: Tá, 3; Níl, 3.


Tá—An Cathaoirleach, Alasdar Haslett agus Domhnall Mac Meanman, Teachtaí.


Níl—Pádraig O Beacháin, Seán O Gúilidhe agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


Do faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.10 p.m. go dtí Dé Céadaoin, 12adh Bealtaine.