Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1935 - 1936::12 May, 1937::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 12 Bealtaine, 1937.

Wednesday, 12 May, 1937.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Séamus Diolún (i gCeannas), Pádraig O Beacháin, Tadhg O Cruadhlaoich, Seán Ua Gúilidhe, Alasdar Haslett, Mícheál Mac Aoidh, Domhnall Mac Meanman agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1935-36. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Rialtas Aitiúl agus Sláinte Puiblí, Oifig an Ard-Chárathóra, Oifig an Aire Oideachais, Bun-Oideachas, Meadhon-Oideachas, Ceárd-Oideachas, Eolaíocht agus Ealadha, Scoileanna Ceartucháin agus Saothair.


4. Ceistníodh Séamus Hurson (Runaí, Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí), Tomás O Muirgheasa (Leas-Rúnaí, Roinn Oideachais), Proinnsias O Dubhthaigh (Leas-Rúnaí, Roinn Oideachais), Tomás Dagg, C. S. Almond agus an tArd-Scrúdóir.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.40 p.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.