Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1935 - 1936::25 November, 1937::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 25 Samhain, 1937.

Thursday, 25 November, 1937.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Pádraig O Beacháin, Mairtín O Comhraidhe, Séamus Diolún, Giolla Easpuig O hEachthigheirn, Tadhg O Líonnacháin, Domhnall Mac Meanman, Maitiú O Raghallaigh, Pádraig Mac Gabhann agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.


3. Tairisgint déanta (Pádraig MacGabhann):—


“That pending the arrival of the Chairman, Deputy McMenamin act as Chairman of this meeting.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Do chuaidh Domhnall Mac Meanman, agus in a dhiaidh sin Séamus Diolún, i gCeannas dá réir sin.


4. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1935-36. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na nAnnálacha Puiblí, Iasach agus Deolchairí agus Conganta Airgid um Easportáil.


5. Ceistníodh Séamus O Muirgheasa (Oifig na nAnnálacha Puiblí), Seán O Broin (Leas-Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), C. S. Almond, Seósamh O Loinn agus Seán O Meachair (Roinn an Stát-Chiste agus na hIniúchóireachta).


Fo-Scr. XXI.


6. Do léigheadh có-fhreagharthas ó A. O Brolcháin á iarraidh go gceistneofaí é maidir leis an Vóta i gcóir Seirbhísí na Gaeltachta in aghaidh na bliana dar chríoch 31adh Márta, 1935, agus le Tuarasgabháil Deiridh an Choiste dar dáta 8adh Iúl, 1936.


Do thairg Pádraig Mac Gabhann:—


“That Mr. Bradley’s request be not granted.”


Ceist curtha; do dhin an Coiste vótáil: Tá, 6; Níl, 3.


Tá—An Cathaoirleach, Pádraig O Beacháin, Domhnall Mac Meanman, Maitiú O Raghallaigh, Pádraig Mac Gabhann agus Risteárd Breathnach, Teachtaí.


Níl—Mairtín O Comhraidhe, Giolla Easpuig O hEachthighearn agus Tadhg O Líonacháin, Teachtaí.


Do faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glaca leis an gCeist.


Fo-Scr. XXI.


7. Do léigheadh tuilleadh cofhreagarthais ó A. O Brolcháin, á iarraidh go gceistneodh an Coiste é maidir le cailliúintí adeirtear a thárla don Stát i gcuntas neamhaitheanta ná raibh os cóir an Choiste.


Do haontuíodh gan géilleadh don iarratas so.


8. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.15 p.m.