Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1935 - 1936::18 November, 1937::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 18 Samhain, 1937.

Thursday, 18 November, 1937.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Pádraig O Beacháin, Seán Mac Cumhaill, Mairtín O Comhraidhe, Séamus Diolún, Giolla Easpuig O hEachthigheirn, Tadhg O Líonacháin, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Tairgint déanta (Pádraig MacGabhann):—


“That Deputy Dillon be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Do chuaidh Séamus Diolún i gCeannas dá réir sin.


4. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1935-36. Críochnuíodh an Cuntas seo a leanas:—Talmhaíocht.


5. Ceistníodh Seán O Broin (Leas-Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), R. J. Liaigh (Cuntasóir, An Roinn Talmhaíochta), Tomás Dagg, Seósamh O Loinn (An Roinn Airgid), agus Seán O Meachair (Roinn an Stát-Chiste agus na hIniúchóireachta).


6. Do chuaidh an Coiste i gcomhairle.


7. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.30 p.m. go dtí Déardaoin seo chughainn.