Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1934 - 1935::08 July, 1936::Report

TUARASGABHAIL DEIRIDH.

Oifig na nOibreacha Puiblí.

1. Do hinnscadh don Choiste go ndearnadh iarmhéideanna generálta dcontaisí leithreasa no cistí Roinne d’úsáid go sealadach chun seirbhísí d’airgeadú ná raibh aon tsoláthar luaidhte dhóibh ag an Oireachtas de thurus na huaire. O thárla go raibh an fhadhb atá i gceist á plé idir an Roinn Airgid agus Oifig na nOibreacha Puiblí, braitheann an Coiste gur mhaith an rud na prínsiobail nóis imeachta is inleanta i gcásanna dá shamhail do bhreacadh agus iad do leanúint i ngach cás:


(1) Airgead a leithreasóidh an tOireachtas do Vóta no do chiste áirithe ní foláir gan é aistriú, fiú go sealadach, chun seirbhísí lasmuich de chompás an Vóta no an Chiste sin, mar gur chuma san no gach comhacht ar chaiteachas do bhaint den Oireachtas.


(2) Nuair is gá airgead do chaitheamh ar sheirbhís ná fuil fé réim Vóta ar bith, ba chóir díriú láithreach ar údarás d’fháil ón Oireachtas.


(3) Mara mbeidh breith ar údarás d’fháil ón Oireachtas roimh airgead do chaitheamh ar ghnó ná fuilingeoidh moill, ba chóir údarás d’fháil ón Aire Airgid le haghaidh roimh-íoca ón gCiste Teagmhais go dtí go bhféadfar Meastachán do thíolacadh.


Oibreacha agus Foirgintí Puiblí.

2. Do bhreithnigh an Coiste tuarasgabháil speisialta ar an gcás so ón Oifigeach Cuntasaíochta. Thug an Roinn Airgid údarás uatha ar an gcéad ásc chun bearraic nua, den chinéal chaighdeánach, do thógáil, ar ionad do ceannuíodh ar £80, mar bhuanárus don fhórsa áitiúil den Ghárda Síochána. Do thóg Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí déanmhas adhmaid do chosain £1,355 16s. 7d. agus do caitheadh suim bhreise de £356 0s. 9d. i rith an 5½ bliana do bhí an fhoirgint gabhtha. Sa deireadh díoladh an mhaoin seo ar £131 toisc gan é bheith ag teastáil a thuilleadh ón nGárda.


Sa chás so b’fhéidir ná raibh aon bhreith ar gan na cistí puiblí do chailliúint na suime móire seo de dhruim an díola so. Braitheann an Coiste, áfach, gur cheart gach dícheall do dhéanamh, sara nglactar de láimh mórán do chaitheamh ar ionaid no ar fhoirgintí, chun a áirithiú go ndéanfar leas na puiblíochta do chosaint mar is cuibhe agus gach baol caillteanais do laigheadú.


Ní háil leis an gCoiste locht d’fháil ar gach ceann fé leith d’ítimí an chaiteachais do bhain leis an bhfoirgint seo ach san am gcéanna is baol leo go raibh an caiteachas ró-mhór i gcompráid le luach an déanmhais.


3. Is mian leis an gCoiste a rá arís, mar adubhradar i mír 11 den Tuarasgabháil uatha dar dáta an 1adh Lúnasa, 1933, gur cheart do Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí cead d’iarraidh ar an Roinn Airgid sara gcaithfidís airgead ar áitreabhacha gcarrléasa.


Dubhairt an tAire Airgid ina mhiontuairisc den 31adh Iúl, 1934, go raibh sé toilteanach ar chomhacht na gCoimisinéirí do theorannú i slí ná féadfaidís níos mó ná £100 do chaitheamh ar áitreabh ná beadh níos mó ná cúig bliana dá léas le caitheamh. Measann an Coiste gur leor na srianta atá leagtha amach sa mhiontuairise agus gur chóir déanamh dá réir feasta.


Oifig an tSoláthair.

4. Bheireann an Coiste dá n-aire go n-innstear i dTuarasgabháil an Ard-Scrúdóra gur orduigh an tAire Airgid cuntas trádála agus cuntas sochair agus dochair agus cuntas cothramaíochta d’ullamhú d’Oifig Díolta Foillseacháin an Rialtais agus go ndearnadh na Cuntaisí go dtí an 31adh Márta, 1933, do chur isteach chun a n-iniúchta. Do gheall an tOifigeach Cuntasaíochta go mbeadh na cuntaisí tugtha anuas chun dáta fé cheann bliana. Is dóich leis an gCoiste gurbh fhearr gan leigint do chuntaisí den tsaghas so dul chun deiridh agus tá súil acu go bhféachfar chuige go gcuirfear cuntaisí na hOifige seo isteach go tráthrialta feasta.


Gnóthaí Coigríche.

5. Bheireann an Coiste fé ndeara go bhfuil súil le habhar reachtúcháin do thabhairt isteach i mbliana chun bailiú táillí as pasanna agus as seirbhísí consalta do dhéanamh rialta.


Ceard-Oideachas.

6. Do hinnseadh don Coiste i dtaobh deontas d’íoc le gnó tionnscail as príntísigh do thréineáil. Dob ionann an dcontas agus cion den phágh do híocadh le ban-saoiste do bhí os cionn na bpríntíseach agus iad ag obair sa mhonarchain. Dar leis an gCoiste ní ceart, do réir phrínsiobail, a leithéid de dheontas do thabhairt, mar gur cuma é no cabhair airgid do ghnó tionnscail ar leithligh. Chíd go bhfuarthas cead iar-ré ón Roinn Airgid chun na híocaíochta so do dhéanamh, ach déarfaidís gurbh fhearr soláthar ar leithligh do cheapadh dhi sa Mheastachán má bhíonn aon íocaíochtaí den tsórt so le déanamh feasta.


Bun-Oideachas.

7. Do bhreithnigh an Coiste arís cás an mhúinteora dá dtagartar i mír 3 den Tuarasgabháil uatha dar dáta an 12adh Márta, 1936, duine le n-ar híocadh íochtaí tuarastail go nea-dhlíthiúil. Bheirid fé ndeara tuairim an Ard-Scrúdóra i dtaobh na deacrachta bhaineann leis na híocaíochtaí seo do dhleathú tré reachtúchán, agus aontuíd leis an Aire Airgid nuair adeir sé sa mhiontuairise uaidh dar dáta an 27adh Meitheamh, 1936, gur cheart vóta breise do rith in aghaidh na suimeanna do híocadh go nea-dhlíthiúil.


8. Do hinnseadh i dtaobh cásanna áirithe ina ndearnadh nearialtachtaí áirithe i mbreacacháin Scoileanna Náisiúnta agus in ar haistríodh scoláirí go nea-rialta, nithe dá dtáinig tuarastal thar an gceart d’íoc le múinteoirí. Bheireann an Coiste fé ndeara a dheacracht atá sé deighleáil leis na cásanna so fé sna rialacháin atá ann cheana agus go bhfuiltear, dá bhrí sin, ag cuimhneamh ar na rialacha d’athscrúdú. Ba mhaith leo cloisint ar ball i dtaobh éinní déanfar sa scéal.


Coimisiún na Talmhan.

9. Maidir le Coimisiún na Talmhan do dhíol gabháltaisí agus paistí áirithe talmhan ar 50 no 55 per cent. níos lugha ná an t-ainm-phraghas ceannaigh, dubhradh, cé go bhfuair an Coimisiún cead chuige sin ón Roinn Airgid, ná raibh aon údarás reachtúil acu chuige. Do dheallródh sé o fhianaise an Oifigigh Cuntasaíochta go raibh sé ceart, do réir chothruim, na laigheaduithe sin do dhéanamh ach measann an Coiste, o thárla nach deimhin go bhfuil laigheaduithe den tsórt san do réir dlí, gur ceart féachaint arbh fhearr abhar reachtúcháin do thabhairt isteach d’fhonn an scéal do shoiléiriú.


10. Tráchtadh ar an airgead a caithtear, mar Shaor-Dheontas chun Feabhsuithe Eastát, nuair a bhíonn na tailte bhíonn le feabhsú dílsithe i gceannuitheoirí. Chítear don Choiste go dtuigeann Coimisiún na Talmhan gur gá údarás d’iarraidh ar an Roinn Airgid nuair ná bíonn an t-airgead le caitheamh ach ar thailte dílsithe, ach is i dtaobh cásanna idir-eatorra ciríonn malairt tuairimí, cuir i gcás, nuair a dheineann an caiteachas tairbhe do thailte dílsithe chó maith le tailte nea-dhílsithe.


Do réir dheallraimh ba cheart, fé Alt 22, fo-alt 3, den Acht Talmhan, 1927, údarás d’iarraidh ar an Roinn Airgid nuair fheabhsuíonn an caiteachas so tailte dílsithe chó maith le tailte nea-dhílsithe. Measann Coimisiún na Talmhan, áfach, má thairbhíonn tailte dílsithe go teagmhasach den airgead a caithtear chun tailte nea-dhílsithe d’fheabhsú, nach leor san amháin chun an chaiteachais do thabhairt fé fhorálacha an ailt sin adubhradh i slí gur ghá údarás d’fháil ón Roinn Airgid.


Is dóich leis an gCoiste gur cheart an scéal so do phlé idir an Roinn Airgid agus Coimisiún na Talmhan d’fhonn é shocrú.


Seirbhísí na Gaeltachta.

11. Do hinnseadh don Choiste go raibh íocaíocht á tabhairt do Bhan-bhainisteoir Ionaid Tionnseail ar feadh tamaill mhaith tar éis na hoibre san Ionad san do stad agus dubhradh nárbh fhiú na dualgaisí do chólíon sí lán-chúiteamh Ban-bhainisteora d’íoc léi asta. Do dheimhnigh an tOifigeach Cuntasaíochta ná raibh sna dualgaisí bhí á gcólíonadh aici ón 30adh Meán Fhómhair, 1934, go dtí gur searadh le n-a seirbhísí ach dualgaisí airighigh, ach dubhairt ná raibh aon rogha ag an Roinn, agus cúrsaí mar a bhíodar, ach í choimeád mar Bhan-bhainisteoir. Cheap an tAire Airgid nár cheart an íocaíocht do dhéanamh agus do dhiúltuigh do chead iar-ré do thabhairt. Agus an scéal mar atá, ní féidir scaoileadh leis an geaiteachas mar éileamh is ceart do chur i leith an Vóta. Bhreithnigh an Coiste an cúrsa agus, cé go dtuigid an cás ina bhfuil an Roinn, braithid gur scéal é seo nár cheart leigint dó tuitim amach in aon chor agus gur cheart, ar an oifigeach so do scur de dhualgaisí bainisteoireachta dhéanamh, slí do ghlacadh chun eirghe as í choimeád ar fostú mar Bhan-bhainisteoir agus féachaint chuige go ndéanfaí, dá mba ghá é, í cheapadh mar Airigheach.


An tArm.

12. Mar gheall ar nea-rialtacht áirithe do cuireadh in úil dóibh b’éigean don Choiste, ina dTuarasgabháil in aghaidh na bliana 1932-33, tagairt don mhoill do bhain le rialachán nua do chur i bhfeidhm maidir le págh breise do bhaill de sna Fórsaí bhíonn ar fostú mar shaighdiúirí is ceárdaithe. Bheireann an Coiste dá n-aire go bhfuil an cheist seo i dtaobh páigh bhreise á plé ón mbliain 1931 idir an dá Roinn le n-a mbaineann agus o thárla nach maith an chuma ina bhfuil an scéal fé láthair tá súil acu nach fada go bhfuighfear gur féidir rialachán ceart iomlán do thabhairt amach.


13. Le linn Cuntas Leithreasa an Airm do bheith á scrúdú, tagradh do theagascóir síbhialach do cheapadh chun teagase do thabhairt do mhae-mheieneoirí i gCeann-cheathrú an Aer-chóir. Deirtear gur amhail ón 7adh Eanar, 1935, amach do ceapadh an Teagascóir ach nár liostáladh na mac-mheieneoirí go dtí 1936. Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gur thug an teagascóir a chuid ama go léir idir an dá linn ag ullamhú cláracha tréineála, ag socrú ar an meaisínteacht a cuirfí isteach sa scoil, agus ag déanamh nithe eile. Is dóich leis an gCoiste ná raibh na socruithe chun na scoile do bhunú imithe ar aghaidh fada a ndóthain i mí Eanair, 1935, chun go mbeadh sé ceart an ceapadh do dhéanamh, ach ós rud é, do réir ráitis an Oifigigh Cuntasaíochta, gur hinnseadh an scéal uile don Roinn Airgid, ní déarfaid a thuilleadh.


14. Thug an Coiste fé ndeara na héilithe do lean as gléas iompair meieniúil leis an Arm d’úsáid chun ógláigh d’iompar chun a n-ionad tréineála agus thar n-ais arís, agus dubhradh go raibh sé contrárdha do rialachán áirithe gléas iompair oifigiúil d’úsáid chun na críche sin. Tuigeann an Coiste an cás ina bhfuil an Romn maidir leis an geúrsa so agus déarfaidís gurbh fhéidir, tríd an rialachán do leasú, é dhéanamh rialta gléas iompair leis an Arm d’úsáid amhlaidh. Isé a dtuairim, áfach, gur cheart, ar mhaithe le deigh-bhainistí, an tscirbhís, seo do rialú agus do mhaoirseacht go dílis is go haireach. Maidir le muirearú na n-éilithe seo, aontuíona an Coiste leis an tuairim gur cheart lán-chostas iompartha óglách chun tréineála agus thar n-ais arís, pe’ca le gléas iompair de chuid an Airm no le feithiclí puiblí déanfaí é, do chur i leith an tsoláthair a ceaptar dó fén mírcheann oiriúnach de Vóta an Airm.


15. Do hinnseadh don Choiste nach ró-mhaith a bhí an scéal maidir le riaradh stóraisí i gCeann-cheathrú an Aer-chóir agus an nós imeachta leantar le linn deighleáil leo. Deallruíonn sé ná dearnadh aon mhaoin-áireamh iomlán idir 1930 agus 1935 agus go ndearna na hoifigigh a bhí i bhfeighil na stóras feidhm do bhaint as comhachta, maidir le stóraisí do chur de láimh agus cinn nua d’fháil, ná fuil de cheart ag éinne iad d’fheidhmiú ach an tOifigeach Cuntasaíochta no an Roinn Airgid. Is ’mó taobh den chóras chuntasaíochta bhí á phlé roimhe seo ag an gCoiste agus is oth leo a thabhairt fé ndeara go bhfuil cúrsaí airgeadais gan stiúradh ceart ortha fós. Cuireadh i bhfios don Choiste go bhfuil rialacháin á n-ullamhú anois a chuirfidh deireadh le gach cúis gearáin, ach téigheann díobh a thuisgint canathaobh gan rialacháin do bheith ann cheana do bheadh maith a ndóthain chun stóraisí puiblí do chosaint agus do choimeád slán. Do réir dheallraimh ní i gceann-cheathrú an Aer-chóir amháin a bítear gan maoin-áireamh do dhéanamh go tréimhsiúil. Deintear an gearán céanna i dtaobh príomh-stóraisí eile ina geoimeádtar mórán earraí. Ní maith leis an gCoiste an Roinn do bheith, do réir dheallraimh, ag scaoileadh leis an bhfaillí sin; tá súil acu go gcuirfear i bhfeidhm gan mhoill na rialacháin atá geallta agus is mian leo go neosfaí dhóibh in am tráith i dtaobh a mbeidh á dhéanamh chun stiúradh ceart do chur i bhfeidhm.


16. Tagradh do chonnradh um dhá charr rianacha do cheannach ar thimpeal is £10,500. Fé théarmaí an Chonnartha do híocadh dhá dtrian den tsuim seo i mí na Bealtaine, 1934, leis an tigh gnótha do rinne an connradh agus bhí na cáirr le seachadadh an 1adh Feabhra, 1935, no roimhe sin. Ach bhí ceann acu gan seachadadh go dtí Mí na Samhna, 1935, agus níor cuireadh in úil don Choiste ce’ca fuarthas an ceann eile fós no ná fuarthas. Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gur chúrsaí ná raibh neart ag aon pháirtí sa chonnradh ortha fé ndear gan an clás den chonnradh bhain le seachadadh do chólíonadh. Isé barúil an Choiste, áfach, i dtaobh connarthacha den tsórt so le n-a gceangailtear airgead puiblí d’íoc chó fada roimh sheachadadh do dhéanamh, nach iad is fearr a réitíonn le leas na puiblíochta agus nach ceart iad do dhéanamh ach i gcás ana-nea-choitianta.


17. Maidir le riaradh Fórsa na nOglách, do hinnseadh don Choiste gur gnáth imprestí do thabhairt do dhaoine ghníomhnuíonn mar Rúnaithe do Shluagh-Choistí chun fo-chostaisí d’íoc agus gur deacair cruthúnachtaí d’fháil ar na héilithe is ionchurtha i leith cistí puiblí. Dubhairt an tOifigeach Cuntasaíochta gurbh é fé ndeár an gnás so na deacrachtaí bhí ann nuair a bhítheas ag tosnú ar an bhFórsa so do liostáil agus do chóghléasadh. Tuigeann an Coiste an cás ina bhfuil an Roinn ach ní maith leo imprestí do bheith á dtabhairt amach as airgead puiblí do dhaoine ná fuil sa tscirbhís phuiblí.


Cúiteamh i gCailliúint Mhaoine.

18. Sa chás so do rinne an tAire, mar réiteach, £400 d’íoc, saor o choinníoll, in ionad £800 do mhol an Coimisiún Cúitimh (Eirinn), cúiteamh go raibh coinníoll ath-thógála ag gabháil leis.


Dar leis an gCoiste níor chóir, ach amháin i gcás ana-neachoitianta, atharú do dhéanamh ar an gcoinníoll do bheadh ag gabháil le moladh cúitimh, agus sa chás áirithe seo ní léir dóibh gur cheart £400 d’íoc saor o choinníoll.


19. Sa chás so do híocadh £150 le trádálaí mar chúiteamh fén Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923, as carraí siopa do díobháladh agus do guideadh tamall tar éis an tSosa Chogaidh. D’innis an Príomh-Atúrnae don Roinn Airgid ná raibh na héilithe do rinneadh do réir forálacha an Achta. Ar dtúis diúltuíodh d’íocaíocht do dhéanamh ach sa deireadh do shocruigh an tAire ar gan áird do thabhairt ar an bpuínte dlí agus íocaíocht do dhéanamh do réir chothrom an cháis. Isé tuairim an Choiste gurbh é ba chirte a dhéanamh, agus an scéal mar do bhí agus fós chun é dhéanamh deimhnitheach gur cheart an tsuim seo do mhuirearú ar an vóta, ná meastachán breise do chur fé bhráid na Dála in aghaidh an chaiteachais.


Talmhaíocht.

20. Do hinnseadh don Choiste i dtaobh contrárdhachtaí áirithe do nochtadh le linn scrúduithe cruthúnachtaí tugadh maidir le mairtfheoil do chur ar fáil in aisce fé Chuid IX den Acht um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934. Foráltar le hAlt 47 den Acht go bhféadfaidh an fáltaí féin no a bhean no duine clainne no cleithiúnaí leis cruthúnacht mhairtfheola do thíolacadh agus orduítear leis na Rialacháin um Chruthúnachta Mairtfheola, 1934 (R.O.R. 1934 Uimh. 351) nach foláir an chruthúnacht do bheith sighnithe ag an té gheibheann an mhairtfheoil. Nuair a scrúduíodh na cruthúnachta fuarthas, in anachuid cásanna, gur duine eile seachas an fáltaí do shighnigh an admháil. Is léir gurbh fhearr nuair is duine údaruithe seachas an fáltaí shighníonn an admháil, an gaol atá aige leis an bhfáltaí no an tslí ina bhfuil sé ina chleithiúnas do luadh agus déarfadh an Coiste gur cheart a rá sna rialacháin go gcaithfear an fhaisnéis sin do chur síos sna cruthúnachta feasta.


(Sighnithe) DOMHNALL MacMEANMAN,


Cathaoirleach Gníomhuitheach.


8 Iúl, 1936.