Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1934 - 1935::29 April, 1936::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 29 Abrán, 1936.

Wednesday, 29 April, 1936.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Tadhg O Cruadhlaoich, Seán Ua Guilidhe, Mícheál Mac Aoidh, Seán MacEóin, Donnchadh O Briain agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Tairsgint déanta (Pádraig Mac Gabhann):—


“That Deputy MacEóin be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Do chuaidh Seán MacEóin i gCeannas dá réir sin.


4. Chuathas i mbun breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1934-35. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na nOibreacha Puiblí, Oibreacha agus Foirgintí Puiblí, Longlann Inis Sionnach, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, Gárda Síochána, Priosúin, Cúirt Dúithche, Cúirt Uachtarach agus Ard-Chúirt an Bhreithiúnais, Oifig Chlárathachta na Talmhan agus Oifig Chlárathachta na nDintiúirí agus An Chúirt Chuarda.


5. Ceistníodh Piaras Ceannt (Coimisinéir na nOibreacha Puiblí), Stiophán de Róiste (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), Tomás Dagg (An Roinn Airgid), C. S. Almond (An Roinn Airgid) agus an tArd-Scrúdóir.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.25 p.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.