Committee Reports::Report No. 02 - Standing Orders (hours of sitting and consequent on the Constitution (Amendment No. 24) Act 1936)::03 June, 1936::Report

DARA TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS-IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Buan-Orduithe do Leasú.

1. Do bhreithnigh an Coiste ar Nós Imeachta agus Príbhléidí leasuithe ar Bhuan-Orduithe Dháil Eireann maidir le huaireanna suidhte (agus leasuithe iarmartacha áirithe) do bheadh ar comhardadh leis an nós atá ann fé láthair. Molann an Coiste na leasuithe atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Tuarasgabháil seo do dhéanamh.


2. Do bhreithnigh an Coiste freisin na leasuithe ar na Buan Orduithe is gá de bharr an Achta Bhunreachta (Leasú Uimh. 24), 1936, (Uimh. 18 de 1936), d’achtú. Maidir leis sin molann an Coiste na leasuithe atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Tuarasgabháil seo do dhéanamh.


(Sighnithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


3adh Meitheamh, 1936.


CEAD SCEIDEAL.

Leasuithe ar Bhuan-Orduithe dhail eireann I dTaobh Gnotha Phuibli Maidir le hUaireanna Suidhte (agus Leasuithe Iarmartacha Airithe) do Bheadh ar Comhardadh leis an nos ata ann fe Lathair.


Ordú.

Leasú.

19.

(a) I bhfo-alt (1), na huaireanna “a 12 a chlog meán lae” “a 9 p.m.” “4.30 p.m.” do scriosadh amach agus na huaireanna “10.30 a.m.” “a 11 p.m.” agus “2.30 p.m.” do chur ina n-ionad fé seach.


(b) I bhfo-alt (2), na huaireanna “8.30 p.m.” “4 p.m.” “9 p.m.” agus “4.30 p.m.” do scriosadh amach agus na huaireanna “10.30 p.m.” “2 p.m.” “11 p.m.” agus “2.30 p.m.” do chur ina n-ionad fé seach.


(c) i bhfo-alt (3), na huaireanna “6.30 p.m.” “2 p.m.” “8.30 p.m.” “4 p.m.” “8.30 p.m.” agus “4 p.m.” do scriosadh amach agus na huaireanna “8.30 p.m.” “a 12 a chlog meán lae” “10.30 p.m.” “2 p.m.” “10.30 p.m.” agus “2 p.m.” do chur ina n-ionad fé seach.

20.

Na huaireanna “9 p.m.” “4.30 p.m.” “6.30 p.m.” agus “2 p.m.” do scriosadh amach agus na huaireanna “11 p.m.” “2.30 p.m.” “8.30 p.m.” agus “12 a chlog meán lae” do chur ina n-ionad; na huaireanna sa phrovíso do leasú dá réir sin.

27.

Na huaireanna “7 p.m.” agus “2.30 p.m.” do scriosadh amach agus na huaireanna “9 p.m.” agus “12.30 p.m.” do chur ina n-ionad.

78.

Na huaireanna “7 p.m.” agus “2 p.m.” do scriosadh amach agus na huaireanna “9 p.m.” agus “12 a chlog meán lae” do chur ina n-ionad fé seach.

DARA SCEIDEAL.

Leasuithe ar bhuan-Orduithe dhail eireann I dTaobh gnotha Phuibli de bharr an achta bhunreachta (Leasu uimh. 24), 1936, d’Achtu.


Ordú.

Leasú.

49.

Na focail “no ar Chó-Choiste den dá Thigh” do scriosadh amach.

79.

An focal “no” do chur isteach roimh na focail “chun Coiste Speisialta” agus na focail “no chun Có-Choiste” do scriosadh amach.

93.

Na focail “no o Chó-Choiste den dá Thigh” agus na focail “no o Chó-Choiste” do scriosadh amach.

110 go 115 go huile.

Iad do scriosadh amach.

116.

Na focail “agus an dáta ar ar cuireadh chun an tSeanaid é” do scriosadh amach.

117 go 122 go huile.

Iad do scriosadh amach.