Committee Reports::Report No. 02 - Standing Orders Nos. 123 and 124::04 March, 1924::Report

DÁIL ÉIREANN.

DARA TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS-IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

SECOND REPORT OF THE COMMITTEE ON PROCEDURE AND PRIVILEGES.

1. Tar éis don Choiste Buan-Orduithe 123 agus 124 do bhreithniú do shocruíodar gurbh fhearr atharuithe áirithe do dhéanamh ar na coiníollacha gur fútha a féadfaí aon Bhuan-Ordú no aon Bhuan-Orduithe den Dáil do chur ar fionnraoi. Molaid, ar an abhar san, an dá Ordú san do leigint ar lár agus an tOrdú seo a leanas a chur ina n-ionad:—


Buan-Orduithe do chur ar Fionnraoi.

123. Le cead ón dTigh d’aon-ghuth, no, i gcás dian-ghá do bheith leis, agus isé an Ceann Comhairle a bheidh mar bhreitheamh air sin, féadfar aon Bhuan-Ordú no aon Bhuan-Orduithe den Dáil do chur ar fionnraoi ar feadh suidhe lae agus chun críche áirithe le tairisgint ar a dtabharfar no ná tabharfar fógra agus a déanfar go cuibhe: Ar choiníoll nuair atáthar ar aigne a thairisgint gan fógra go gcuirfear ar fionnraoi aon Bhuan-Ordú a bhaineann le haon chéim Bhille do thógaint ná glacfidh an Ceann Comhairle an tairisgint sin mara mbeidh ag an iarratas chun í do ghlaca tacaíocht leath na dTeachtaí ar a luíod atá tar éis a suidheacháin do ghlaca do réir dlí. Cuirfidh Teachtaí a dtacaíocht in úil tré eirghe ina n-áiteanna.


2. Dá réir sin bheadh uimhir 124 ar Bhuan-Ordú 125.


3. Tá an Coiste ag leanúint dá gcuid oibre.


MICHEAL O hAODHA,


Ceann Comhairle.


4adh Márta, 1924.