Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1934 - 1935::17 June, 1936::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 17 Meitheamh, 1936.

Wednesday, 17 June, 1936.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Pádraig O Beacháin, Tadhg O Cruadhlaoich, Seán Ua Guilidhe, Mícheál Mac Aoidh, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Tairisgint déanta (Pádraig Mac Gabhann):—


“That Deputy McMenamin be Chairman of this meeting of the Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Do chuaidh, Domhnall Mac Meanman i gCeannas dá réir sin.


4. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1934-35. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Talmhaíocht, lascach, Deolchairí agus Conganta Airgid um Easportáil agus Roinn an Ard-Scrúdóra.


5. Ceistníodh Domhnall O Tuama (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), Tomás Dagg, Seósamh O Loinn agus an tArd-Scrúdóir.


6. Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarasgabháil Interim fé bhráid an Choiste; do léigheadh í mar an gcéad agus an dara uair agus do ritheadh í.


Orduithe: Tuairisciú dá réir sin.


7. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1 p.m.