Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1934 - 1935::10 June, 1936::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 10 Meitheamh, 1936.

Wednesday, 10 June, 1936.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Pádraig O Beacháin,


Tadhg O Cruadhlaoich, Seán Ua Guilidhe, Tomás Hairis, Alasdar Haslett, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Tairisgint déanta (Pádraig Mac Gabhann):—


“That Deputy McMenamin be Chairman of this meeting of the Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Do chuaidh Domhnall Mac Meanman i gCeannas dá réir sin.


4. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1934-35. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Teaghlachas an tSeanascail, Oireachtas, Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle, Oifig an Aire Airgid, Iasachtaí Aitiúla, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Saotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Cúiteamh i gCailliúna Maoine, Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta, Aois-Liúntaisí agus Liúntaisí Fágála, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Sheicréideach, Coimisiún na nDleacht, Costaisí fén Acht Timpeal Toghachán, agus fé Acht na nGiúirithe, Costaisí Ilghnéitheacha, Deontaisí Bhreise Talmhaíochta, Dlí Mhuirearacha, Príomh-Scoileanna agus Coláistí, Forbairt Chadhnraidh Leictreachais, Oifig an tSaor-Chíosa, Luach Saothair chun costais bhainistí Stoc-Rialtais, Scéimeanna Fóirthne, Deolchairí agus Conganta Airgid Um Easportáil, Iasachtaí Coigríche Dháil Eireann d’Aisíoc, Roimh-íoc leis an gCiste Urraíochta agus Aisíocanna leis an gCiste Teangmhais.


5. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, an Roinn Airgid) agus an tArd-Scrúdóir.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.15 p.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.