Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1933 - 1934::13 June, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 13 Meitheamh, 1935.

Thursday, 13 June, 1935.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Deasmhumhain Mac Gearailt (i gCeannas), Tadhg O Cruadhlaoich, Alasdar Haslett, Pádraig O Murchadha, Donnchadh O Briain agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1933-34. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na gCoimisinéirí Ioncuim, Pinsin tSean-Aoise, Oifig na nAnnálacha Puiblí, Tabhartaisí agus Tiomanta Déirciúla, Gealtlann Dúndroma, an Gailerí Náisiúnta, an tArd-Scrudóir, Teaghlachas an tSeanascail, an tSeanascail, an tOireachtas, Roinn Uachtaráin na hArd-Chomhairle, Oifig an Aire Airgid, Iasachtaí Aitiúla, Coimisiúin agus Fiosrúcháin Speisialta, Saotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Cúiteamh i gCailliúna Maoine, Cúiteamh i nDiobhála Pearsanta, Aois-Liúntaisí agus Liúntaisí Fágála, Rátaí ar Mhaoin an Rialtais, an tSeirbhís Sheicréideach, Coimisiún na nDleacht, Costaisí fén Acht Timpeal Toghachán, agus fé Acht na nGiúirithe, Costaisí Ilghnéitheacha, Deontas Breise Talmhaíochta, Dlí-Mhuirearacha, Príomh-Scoileanna agus Coláistí, Congnamh Airgid do Shiúicre Bhiatais, Oifig an tSaor-Chíosa, Luach Saothair alos Costais Bhainistí Stoc Rialtais, Forbairt Chadhnradh Leictreachais, Scéimeanna Fóirithne, Deolchairí agus Conganta Airgid Um Easportáil, Tionnscal an tSiúicre Bhiatais, Cáirde Tionnscail, Iasachtaí Coigríche Dháil Eireann d’Aisíoc, Banc Sinn Féin, Rosc Náisiúnta, Faoiseamh Maidir le Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta agus Aisíocanna leis an gCiste Teangmhais.


4. Ceistníodh Liam O Briain (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncuim), Séamus O Muirgheasa (Oifig na nAnnálacha Puiblí), Liam Mac Gabhann (Tabhartaisí agus Tiomanta Déirciúla), Dr. G. W. Scroope (Gealtlann Dúndroma), Brinsley Mac Conmara (An Gailerí Náisiúnta), Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, an Roinn Airgid), Tomás Dagg agus an tArd-Scrúdóir.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.20 p.m.