Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1933 - 1934::06 June, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 6 Meitheamh, 1935.

Thursday, 6 June, 1935.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Deasmhumhain Mac Gearailt (i gCeannas), Tadhg O Cruadhlaoich, Mícheál Mac Aoidh, Eamonn O Ciosáin, Domhnall Mac Meanman, Pádraig O Murchadha, Donnchadh O Briain, Maitiú O Raghallaigh agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1933-34. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Puist agus Telegrafa, Fóirleatha Nea-Shrangach, An tArm agus Arm-Phinsin.


4. Ceistníodh Pádraig O hEigceartuigh (Rúnaí, An Roinn Puist agus Telegrafa), Séamus Plaisted (An Roinn Puist agus Telegrafa); Proinnsias O Fiannaidhe agus Eoghan Réamonn (An Roinn Airgid); Peadar Mac Mathghamhna, Lefteanant-Ghenerál (Rúnaí, An Roinn Cosanta), C. S. Almond agus an tArd-Scrúdóir.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.20 p.m. go dtí Déardaoin seo chughainn.