Committee Reports::Report - Accounts 1932 and first quarter of 1933::21 February, 1934::Report

TUARASGABHAIL

Toisc gan aon toradh fónta do bheith ag teacht as stiúrú oifigiúil Seomra Bhidh an Oireachtais agus toisc na ndeacrachtaí bhain leis an stiúrú san do bheith ag dul i méid do cinneadh an gnó do chur fé chúram lucht stiúrtha tighe lóin. Do breithníodh tairisgintí o roinnt tithe creidiúnacha lóin agus do rinneadh, i dtráth, có-aontú le Messrs. J. E. Mills, Ltd., Raedh Mhuirbhthean, Baile Atha Cliath, chun na cearta lónadóireachta do chur ar cíos chucha san go cionn bliana ón ladh Abrán, 1933.


Tá cuntaisí ag gabháil leis seo á thaisbeáint cad ba theacht isteach agus cad ba chaiteachas don tSeomra Bhidh in aghaidh na bliana 1932, agus na céad ráithe den bhliain 1933. Taisbeánann an cuntas cothromuíochta deiridh, dar dáta an 30adh Meitheamh, 1933, atá ag gabháil leis seo freisin, suim de £430 13s. do bheith ar láimh; iarmhéid trádála amháin atá sa tsuim sin. Ar an dáta san, amh, bhí iarmhéid de £350 ag dul don Aire Airgid alos iasachtaí do tugadh o am go ham i rith na mblian tosaigh chun caillteanaisí trádála do ghlanadh. I dteanta na suime sin do bhítheas fé fhiachas mhór chaipitail ag an Aire alos caiteachais ar ghléasradh, agus alos costaisí cothabhála agus oibrithe. Tá an Có-Choiste, dá réir sin, tar éis a aontú le moladh an Aire go ndéanfaí tuilleamh uile an tSeomra Bhidh d’aistriú chuige sin go dtí go mbeidh na héilithe sin glanta.


(Sighnithe),


CAITLÍN, BEAN UÍ CHLÉIRIGH,


Cathaoirleach Gníomhathach.


21 Feabhra, 1934.