Committee Reports::Report - Accounts 1932 and first quarter of 1933::21 February, 1934::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

8 Márta, 1933. Beartuithe ag an Dáil: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de sheisear ball den Dáil agus de sheisear ball den tSeanad do bhunú chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bhidh an Oireachtais [Rúnaí Páirliminte don Uachtarán].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


15 Márta, 1933. Beartuithe ag an Seanad: Go n-aontuíonn an Seanad go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de sheisear ball den Dáil agus de sheisear ball den tSeanad do bhunú chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bhidh an Oireachtais; agus go gcuirtear teachtaireacht chun na Dála dá réir sin. [Mícheál O h Annluain.]


16 Márta, 1933. Orduithe ag an Dáil: Go mbunuítear Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de sheisear ball den Dáil agus de sheisear ball den tSeanad chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bhidh an Oireachtais; go gcuirtear teachtaireacht chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh; go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta seisear Teachtaí chun fónamh ar an gCó-Choiste. [Rúnaí Páirliminte don Uachtarán.]


16 Márta, 1933. Orduithe ag an Seanad: Go mbunuítear Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de sheisear ball den Dáil agus de sheisear ball den tSeanad chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bhidh an Oireachtais.


Có-Choiste ainmnithe dá réir sin ar a raibh:—


22 Márta, 1933. (1) Peadar S. Ua Dubhghaill, Seán O Fionnlaoich, Mícheál O Cinnéide, Seán O Maoláin, Tadhg O Murchadha, agus Séamus Mac Maoilis, Teachtaí.


22 Márta, 1933. (2) Sir Eadbhard Biger, Mícheál O Dubhthaigh, Mícheál Fainín, Séamus Mac Eáin, Daithi Mac Roibín agus Tomás O Tuathail, Seanadóirí.


30 Márta, 1933. D’eirigh Daithi Mac Roibín, Seanadóir, as an gCoChoiste.


14 Meitheamh, 1933. Caitlín, Bean Uí Chléirigh, Seanadóir, ceaptha ar an gCo-Choiste.


CLAR.


Leathanach

1.

Orduithe Tagartha

..

..

ii

2.

Tuarasgabháil

..

..

..

iv

3.

Cuntaisí

..

..

..

v