Committee Reports::Report Proceedings and Minutes of Evidence - Slaughter of Animals Bill, 1933::17 January, 1934::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN ROGHA-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE SELECT COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 17° Eanair, 1934.

Wednesday, 17th January, 1934.

1. Do chruinnigh an Rogha-Choiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Mícheál O hAnnluain (i gCeannas), Sir Eadbhard Bigear, Seán O Cúnacháin, Seán O Fearghail, Liam O Cuirc agus Risteárd Mac Liam.


3. Do ceistníodh an tOllamh J. F. Craig, M.A., M.R.C.V.S. (Ceannasaí Choláiste Sréidliagheachta na hEireann), an tOllamh J. Brontë Gatenby, M.A., Ph.D., Dublin, D.Phil., Oxon, D.Sc. (Ollamh le hAinmhí-eolas agus le Corpshnasadh Compráideach i bPríomh-Scoil Bhaile Atha Cliath), Dr. B. B. Ferrar, M.D., F.Z.S., M.R.I.A. (Maoirseoir Gharraithe Chumann Ríoga na nAinmhithe) agus Dr. I. Herzog, M.A., D.Litt. (Príomh-Rabbí Shaorstáit Eireann).


4. Do léigheadh leitir ó Phríomh-Choimisinéir an Ghárda Síochána agus do cinneadh a iarraidh air fianaise do thabhairt uaidh go pearsanta nó tré ionadaí.


5. Do cuireadh an Rogha-Choiste ar ath-ló ar 1.30 p.m. go dtí 12 nóin amáireach.