Committee Reports::Report Proceedings and Minutes of Evidence - Slaughter of Animals Bill, 1933::16 January, 1934::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN ROGHA-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE SELECT COMMITTEE.

Dé Máirt, 16° Eanair, 1934.

Tuesday, 16th January, 1934.

1. Do chruinnigh an Rogha-Choiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Mícheál O hAnnluain (i gCeannas), Sir Eadbhard Bigear, Seán O Cúnacháin, Seán O Fearghail, Liam O Cuirc agus Risteárd Mac Liam.


3. Do ceistníodh P. F. O Doláin, M.R.C.V.S. (Prímh-Chigire Beithíoch do Bhárdas Baile Atha Cliath), S. O Broin (Uachtarán Chumainn Bhiadhtóirí Bhaile Atha Cliath) agus H. O Laoghaire, M.R.C.V.S.


4. Do chuaidh an Coiste ar ath-ló ó 1.45 p.m. go dtí 2.30 p.m.


5. Do ceistníodh Pádraic O Curnáin (Príomh-Bhúistéir do Mhuinntir Mhic Dhonnchadha agus a gCuid), W. O Fogartaigh agus J. C. Leaindí (Bainisteoir Comhar-Chumann Feola na hEireann, Teo).


6. Do chinn an Choiste dul ar aghaidh le n-a gcuid breithnithe i suidhe príobháideach.


7. Do léigheadh leitir o Dhonnchadh Báiréad á iarraidh ar an gCoiste a chuid fhianaise d’éisteacht.


Do cinneadh an Báiréadach d’éisteacht.


8. Do cuireadh an Rogha-Choiste ar ath-ló ar 5 p.m. go dtí 11 a.m. amáireach.