Committee Reports::Report - Proceedings and Minutes of Evidence - Exclusion of Certain Duly Authorised Visitors::14 March, 1934::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 14° Márta, 1934.

Wednesday, 14th March, 1934.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: An Cathaoirleach (i gCeannas), an Leas-Chathaoirleach, Siobhán Bean an Phaoraigh, Séamus Dubhglas, Tomás Mac Eoin, Muiris O Mórdha, Brian O Ruaire agus Risteárd Mac Liam.


3. Labhair an Cathaoirleach i dtaobh cosc do bheith á chur ar thrácht i Sráid Chill Dara agus i Sráid Tighe Laighean.


4. Ceistníodh Maoirseoir an Oireachtais (Pádraig O Braonáin, Coirnéal).


5. Chinn an Coiste leanúint dá mbreithniúchán i suidhe príobháideach.


6. D’iarr an Coiste ar an gCléireach tuarasgabháil fé rún d’ullamhú i dtaobh conus atá cúrsaí idir dhá Thigh an Oireachtais.


7. Chuaidh an Coiste ar ath-ló 12.30 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Céadaoin, 21° Márta.