Committee Reports::Report No. 01 - Amendment of Standing Orders::05 October, 1933::Report

CEAD TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS-IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Buan-Orduithe do Leasu.

1. Tá an Coiste ar Nos-imeachta agus Príbhléidí tar éis breithniú do dhéanamh ar Leasuithe ar Bhuan-Orduithe na Dála i dtaobh Gnótha Phuiblí, Leasuithe is gá do dhéanamh de dhruim forálacha Ailt 3 den Acht Toghacháin (Leasú), 1933, (Uimh. 14 de 1933).


2. Molann an Coiste na Leasuithe seo leanas do dhéanamh ar na Buan-Orduithe atá ann fé láthair:—


A. Buan-Ordú 1 do scriosadh amach agus an Buan-Ordú so leanas do chur ina ionad:—


Rolla na mBall.


1. (1) Beidh Rolla de Bhaill de Dháil Eireann ann, agus sighneoidh gach Teachta an Rolla san i láthair an Chléirigh roimh a shuidheachán do thógaint.


(2) Nuair a bheidh freagra faighte aige ar gach Rit a tugadh amach i gcóir Toghacháin Ghenerálta chun na Dála, cuirfidh an Cléireach in úil do sna Teachtaí uile a toghadh nách foláir dóibh bheith i láthair, chun forálacha míre (1) den Bhuan-Ordú so do chólíonadh, in áit a cheapfa sé agus ar lá (no laetheanta) ainmneoidh sé, agus beidh an lá (no na laetheanta) san roimh an dáta bheidh luaidhte i bhFurógra tionólta an Oireachtais.


B. Na focail agus na figiúirí “Airtiogal 17 den Bhunreacht” do scriosadh amach as Buan-Ordú 125, mír (4), agus na focail agus na figiúirí “míre (1) de Bhuan-Ordú 1” do chur in n-ionad.


(Sighnithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach


5adh Deire Fómhair, 1933.