Committee Reports::Report No. 01 - Amendments to Standing Orders (Time limit to debate on private members' motions)::07 November, 1940::Report

AN CHEAD TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Buan-Orduithe do leasú

1. Tá an Coiste ar Nós Imeachta agus Príbhléidí tar éis breithniú dhéanamh ar a mhéid a fhónfadh sé a áirithiú go mbreithneoidh an Dáil tairgsintí Teachtaí príobháideacha fé cheann tréimhse réasúnta tar éis iad a chur ar Riar na hOibre.


2. Isé tuairim an Choiste gur cheart, mar chabhair chuige seo, teora ama shonnrách do leagadh amach alos gach tairgseana o Theachta phríobháideach agus dá réir sin molaid go nglacfaí leis an mBuan-Ordú so leanas :—


80 A.—Ní bheidh thar tréimhse de thrí huaire a chluig ar fad san am a lomhálfar le haghaidh na díospóireachta ar thairgsint a thairgfidh comhalta príobháideach, seachas tairgsint a bhainfidh le céim ar bith de Bhille. Nuair a bheidh an tréimhse sin caithte, déanfaidh an Ceann Comhairle, mara mbeidh na himeachta críochnuithe roimhe sin, an cheist no na ceisteanna do chur láithreach is gá chun na n-imeacht ar an tairgsint agus ar aon leasú uirthi do chríochnú.


(Sighnithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


7adh Mi na Samhna, 1940.