Committee Reports::Report - Audited account of Income and Expenditure for 1931::25 May, 1932::Report

TUARASGABHAIL.

Taisbeánann an Cuntas a ghabhann leis seo, agus ina bhfuil ioncum agus caiteachas Seomra Bhidh an Oireachtais don bhliain 1931, sochar de £400 1s. 8d. Ní rabhthas níos fearr as ach uair amháin o thosnuigh an Seomra Bidh. Sé is mó fé ndeár an sochar ná gur minicighe a bhfad a shuidh an dá Thigh an bhliain sin ná mar a shuidheadar morán de sna blianta roimhe sin. Taisbeántar sa tábla fé n-a bhun so an méid do mhéaduigh an gnó i gcomparáid leis an mblian 1930. Toisc a fhábharaighe atá scéalta airgid, mar a chítear ón gcuntas, dob’ fhéidir don Fho-Choiste a mholadh go n-íocfaí £300 leis an Roinn Airgid, mar thráth-chuid eile in aghaidh na n-iasacht do fuair an Coiste ón Roinn sin i rith blianta tosaigh an tSeomra Bhidh.


Bliain

Suidheanna de sna tithe.

An MÉid LÓn.

An MÉid BÉilÍ TÉ.

DÁil

Seanad

1930

59

30

9,272

7,526

1931

82

39

10,622

9,814

(Sighnithe),


SEÁN BRADY,


Cathaoirleach.


25 Bealtaine, 1932.