Committee Reports::Report - Audited account of Income and Expenditure for 1931::25 May, 1932::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

20 Abrán, 1932. Beartuithe ag an Dáil: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de chúigear ball den Dáil agus de chúigear ball den tSeanad do bhunú chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bhidh an Oireachtais [Riobárd Brioscú].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


27 Abrán, 1932. Beartuithe ag an Seanad: Go n-aontuíonn an Seanad go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de chúigear ball den Dáil agus de chúigear ball den tSeanad do bhunú chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bhidh an Oireachtais; agus go gcuirtear teachtaireacht chun na Dála dá réir sin. [Mícheál O h Annluain.]


28 Abrán, 1932. Orduithe ag an Dáil: Go mbunuítear Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de chúigear ball den Dáil agus de chúigear ball den tSeanad chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bhidh an Oireachtais; go gcuirtear teachtaireacht chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh; go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta cúigear Teachtaí chun fónamh ar an gCó-Choiste. [Rúnaí Páirliminte don Uachtarán.]


4 Bealtaine, 1932. Orduithe ag an Seanad: Go mbunuítear Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de chúigear ball den Dáil agus de chúigear ball den tSeanad chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bhidh an Oireachtais.


Coiste animnithe dá réir sin ar a raibh:—


29 Abrán, 1932. (1) Seán Mac Brádaigh, Eamonn O Cuanaigh, Peadar S. O Dubhghaill, Tadhg O Murchadha, agus Séamus Mac Maoilis, Teachtaí.


4 Bealtaine, 1932. (2) Mícheál O Dubhthaigh, Mícheál Fainín, Séamus Mac Eáin, Séamus O Riain, agus Tomás O Tuathail, Seanadóirí.