Committee Reports::Report - Opening of Sittings of the Dáil with Prayer::08 June, 1932::Report

CEAD TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS-IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Suidheanna na Dála d’Oscailt le hUrnaighe.

1. Do bhí an cheist i dtaobh Suidheanna na Dála d’oscailt le hUrnaighe fé dhíospóireacht ag Coistí ar Nós-imeachta agus Príbhléidí a bhí ann roimhe seo, agus do tarraingeadh an scéal anuas arís ag an gcéad chruinniú den Choiste atá ann fé láthair.


2. Aontuíonn an Coiste gur ceart baint do bheith ag Urnaighe le Suidheanna na Dála, agus molaid an méid seo leanas do ghlacadh mar Bhuan-Ordú de chuid Dháil Eireann:—


PAIDIR.

21a. Ar dhul i gCeannas do gach lá, agus sara dtosnuítear ar aon ghnó, léighfidh an Ceann Comhairle an phaidir seo leanas:


Iarraimíd Ort, a Thiarna, T’anál naomhtha do chur fúinn chun sinn do stiúradh in ár ngníomhartha agus neart do ghrásta do bhronnadh orainn chun iad do thabhairt chun críche, ionnus gur Uait-se tosnófar ár n-uile bhriathar agus ár n-uile ghníomh feasta, agus gur Tríot a críochnófar iad; tré Chríost ár dTiarna. Amen.


(Sighnithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


8adh Meitheamh, 1932.