Committee Reports::Report and Proceedings - Private Bill Standing Orders::25 November, 1931::Report

TUARASGABHAIL.

Deineann an Có-Choiste den Dáil agus den tSeanad a bunuíodh chun Buan-Orduithe na Dála agus an tSeanaid i dtaobh Gnótha Phríobháidigh do bhreithniú agus chun a thuairisciú cadiad na leasuithe, más aon cheann é, is gá, deinid a thuairisciú mar leanas:


Sa bhliain 1923 do bunuíodh Có-Choiste den dá Thigh chun dréachta de Bhuan-Orduithe, chun Gnótha Bhille Phríobháidigh do rialáil, d’ullamhú agus do chur fé bhráid na dTithe. Do hullamhuíodh Dréacht de Bhuan-Orduithe dá réir sin agus tar éis roinnt leasú do dhéanamh ortha do glacadh leo mar Bhuan-Orduithe na Dála agus an tSeanaid i dtaobh Gnótha Phríobháidigh. Cé ná raibh sna Buan-Orduithe le n-ar ghlac an dá Thigh an uair sin ach iarracht trialach admhuítear i gcoitinne go rabhdar sasúil, tríd is tríd. Da ainneoin sin, agus mar thoradh ar an taithí a fuarthas as a n-oibriú, do cheap an Coiste gur ghá a lán leasú do dhéanamh, go mór mór chun na mBuan-Orduithe do dhéanamh níos léire agus chun iad do chur ar aon dul leis an bhfás atá tagtha ar an nós-imeachta. Ceapann an Coiste gur maith an rud é, agus an scéal mar atá, an dréacht athscrúduithe de sna Buan-Orduithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Tuarasgabháil seo do thíolacadh, agus molaid gurb iad na Buan-Orduithe fé mar atáid leasuithe amhlaidh a bheidh mar Bhuan-Orduithe na Dála agus an tSeanaid i dtaobh Gnótha Phríobháidigh.


(Sighnithe),


DANIEL MORRISSEY,


Cathaoirleach.


25adh Mí na Samhna, 1931.