Committee Reports::Report and Proceedings - Private Bill Standing Orders::25 November, 1931::Orders of Reference

DAIL EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

27adh Bealtaine, 1931—Beartuithe: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste den Dáil agus den tSeanad do bhunú chun na mBuan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh do bhreithniú agus chun a thuairisciú cadiad na leasuithe is gá, más gá aon cheann, do dhéanamh ortha;


Gur seachtar Teachtaí ionadóidh an Dáil ar an gCó-Choiste sin [Leas-Cheann Comhairle].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


4adh Meitheamh, 1931.—Teachtaireacht ón Seanad go n-aontuíonn an Seanad leis an Dáil san Rún réamhráite agus gur seachtar Seanadóirí ionadóidh an Seanad ar an gCó-Choiste sin.


Orduithe: Go mbunuítear Có-Choiste den Dáil agus den tSeanad chun na mBuan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh do bhreithniú agus chun a thuairisciú cadiad na leasuithe is gá, más gá aon cheann, do dhéanamh ortha:


Gur seachtar Teachtaí ionadóidh an Dáil ar an gCó-Choiste sin [Leas-Cheann Comhairle].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


Orduithe: Go n-ainmneóidh an Coiste Roghnathóireachta seachtar Teachtaí chun fónamh ar an gCó-Choiste [Leas-Cheann Comhairle].


12adh Meitheamh, 1931.—Teachtaí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Seóirse Beinéid, Proinnsias O Fathaigh, Tomás O Fionnghalaigh, Aodh Law, Pádraig O Caoilte, Domhnall O Muirgheasa agus Liam Thrift.


SEANAD EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

3adh Meitheamh, 1931.—Teachtaireacht ón nDáil—“Tá Dáil Eireann tar éis an Rún so leanas do rith:—


‘Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste den Dáil agus den tSeanad do bhunú chun na mBuan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh do bhreithniú agus chun a thuairisciú cadiad na leasuithe is gá, más gá aon cheann, do dhéanamh ortha;


Gur seachtar Teachtaí ionadóidh an Dáil ar an gCó-Choiste sin.”’


Beartuithe: Go n-aontuíonn an Seanad go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste den Dáil agus den tSeanad do bhunú chun na mBuan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh do bhreithniú agus chun a thuairisciú cadiad na leasuithe is gá, más gá aon cheann, do dhéanamh ortha;


Gur seachtar Seanadóirí ionadóidh an Seanad ar an gCó-Choiste sin [Tomás O Fearáin].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála dá réir sin.


10adh Meitheamh, 1931—Teachtaireacht ón nDáil a rá go raibh an Dáil tar éis a ordú Có-Choiste do bhunú mar adubhradh.


Orduithe: Go mbunuítear Có-Choiste den tSeanad agus den Dáil chun na mBuan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh do bhréithniú agus chun a thuairisciú cadiad na leasuithe is gá, más gá aon cheann, do dhéanamh ortha;


Gur seachtar Seanadóirí ionadóidh an Seanad ar an gCó-Choiste sin [Leas-Chathaoirleach].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála dá réir sin.


17adh Meitheamh, 1931.—Seanadóirí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Somhairle Brún, Mícheál Comyn, Séamus Dubhglas, Tomás O Fearáin, Pádraig Hooper, Tomás Mac Eoin agus Mícheál O hAnnluain.


16adh Deire Fomhair, 1931.—Séamas Dubhdal ceaptha in ionad Phádraig Hooper, Seanadóir, do fuair bás.


CLAR.


leathanach

1.

Orduithe Tagartha

..

..

2

2.

Tuarasgabháil

..

..

..

4

3.

Imeach a an Chó-Choiste

..

54