Committee Reports::Report No. 03 - Joint Restaurant Committee::26 February, 1930::Report

TUARASGABHAIL.

Tá cuntas iniúchta, ina n-innstear tora an gnótha a dineadh i Scomra an Bhidh i rith na bliana 1929, ag gabháil leis seo. Taisbeánann an cuntas so barrachas de £159 8s. 7d. Ba cheart a thabhairt fé ndeara go raibh an méid lá do shuidh an Dáil ocht lá déag níos lú ná mar do bhí sa bhliain roimhe sin. Ina theanta san isí an bhliain seo caithte an chéad bhliain ina rabhthas i seilbh an áitreibh nua ina bhfuil cóiríocht agus gléas níos fearr agus níos iomláine ná mar a bhí sa tsean-áitreabh, agus bhí roinnt muirear sa bhreis le n-íoc dá dhruim sin.


Dob fhéidir íocaíocht tosaigh de Chúig Chéad Punt do thabhairt don Roinn Airgid as na barrachais d’fhás i rith 1929 agus na bliana roimhe sin. Cúiteamh é seo i gcuid de sna suimeanna do deonadh as cistí puiblí in aghaidh cailliúna ar an ngnó i Seomra an Bhidh i rith blianta roimhe sin.


(Sighnithe),


P. S. UA DUBHGHAILL,


Cathaoirleach.


26adh Feabhra, 1930.