Committee Reports::Report No. 03 - Joint Restaurant Committee::26 February, 1930::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

19 Deire Fomhair, 1927. Beartuithe ag an Dáil: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste a bheidh códhéanta de chúigear ball den Dáil agus de chúigear ball den tSeanad do bhunú chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bidh an Oireachtais. [Rúnaí Páirliminte don Uachtarán.]


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


16 Mí na Samhna, 1927. Beartuithe ag an Seanad: Go n-aontuíonn an Seanad go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste a bheidh códhéanta do chúigear ball den Dáil agus do chúigear ball den tSeanad do bhunú chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bidh an Oireachtais: go bhfágtar fén gCoiste Roghnathóireachta baill an tSeanad do roghnú: agus go gcuirtear teachtaireacht chun na Dála dá réir sin.


23 Mí na Samhna, 1927. Orduithe ag an Dáil: Go mbunítear Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de chúigear ball den Dáil agus de chúigear ball den tSeanad chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bidh an Oireachtais; teachtaireacht do chur chun an tSeanad a chur san in úil dóibh; go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta cúigear Teachtaí chun fónamh ar an gCó-Choiste.


30 Mí na Samhna, 1927. Orduithe ag an Seanad: Go mbunuítear Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de chúigear ball den Dáil agus de chúigear ball den tSeanad chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bidh an Oireachtas.


Coiste ainmnithe dá réir sin ar a raibh:—


24 Mí na Samhna 1927. (1) Seán Mac Brádaigh, Ailfrid O Broin, Giolla Easpuig O Casaide, Peadar S. O Dubhghaill agus Seán de Faoite, Teachtaí.


30 Mí na Samhna, 1927. (2) Tomás O Fearáin, Séamus Mac Eóin, Mícheál Fainín, Proinnsias Mac Aonghusa agus Tomás O Tuathail, Seanadóirí.


4 Mí na Nodlag, 1928. Do scuir Ailfrid O Broin, Teachta, de bheith ina bhall den Chó-Choiste ar n-a thogha chun an tSeanaid.


27 Feabhra, 1929. Sir Séamus Craig, Teachtaí, ceaptha.


CLAR.


 

Leathnach

1.

Orduithe Tagartha

...

...

ii

2.

Tuarasgabháil

...

...

iv

3.

Cuntas

...

...

...

v