Committee Reports::Report - Game Preservation Bill, 1929::07 May, 1930::Report

TUARASGABHAIL NA CODHALA.

1. Do tháinig an Chódháil le chéile ar 12 meán lae an 7adh lá de Bhealtaine, 1930.


2. Do bhí na baill seo leanas i láthair:—


Ag ionadú na Dála:—An tAire Dlí agus Cirt; Mícheál O Braonáin, Eamon O Dubhghaill, Seán Mac on tSaoi agus Diarmuid O Mathghamhna, Teachtaí.


Ag ionadú an tSeanaid:—Somhairle Brún, Mícheál Comyn, Séamas Dubhglas, Pádraig Hooper agus Tomás Mac Eoin, Seanadóirí.


3. Do cuireadh Somhairle Brún i gCeannas.


4. Os rud é gurb é tuairim na Códhála go leanann as Alt 32 den Bhille chun Géim do Chosaint, 1929, nách gá fo-alt (5) de Leasú Uimh. 6 a tairgeadh do chur isteach, do chinneadar a mhola don tSeanad gan seasamh ar an bhfoalt tairgthe do chimeád.


Is mian leis an gCódháil a chur ar breaca nár eirigh an cheist fén mBunreacht sa chás so.


5. Tuairiscíonn an Chódháil dá réir sin.