Committee Reports::Report - Game Preservation Bill, 1929::07 May, 1930::Orders of Reference

SEANAD EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

26adh Feabhra, 1930: — Bearluithe, Gur mhaith an rud é Códháil do bheith ann idir bhaill den tSeanad agus den Dáil ar leasú Uimh. 6 a dhin an Seanad ar an mBille chun Géim do Chosaint, 1929, agus le n-ar aontuigh an Dáil tar éis leasú do dhéanamh air, eadhon, fo-alt (5) den alt nua tairgthe do scriosa, agus go bhfuil socair ag an Seanad seasamh air fé mar a bhí sé ar dtúis:


Gur cúigear Seanadóirí a ionadóidh an Seanad ag an gCódháil a tairgtear


19adh Márta, 1930:—Orduithe, Go mbeidh Códháil ann idir bhaill den tSeanad agus den Dáil ar leasú Uimh. 6 a dhin an Seanad ar an mBille chun Géim do Chosaint, 1929, agus le n-ar aontuigh an Dáil tar éis leasú do dhéanamh air, eadhon, fo-alt (5) den alt nua tairgthe do scriosa, agus go bhfuil socair ag an Seanad seasamh air fé mar a bhí sé ar dtúis:


Agus gur cúigear Seanadóirí a tonadóidh an Seanad ag an gCódháil sin.


Orduithe, Ainmniúchán na Seanadorí chun fónamh ar an gCódháil d’fhágaint fén gCoiste Roghnathóireachta.


10adh Abrán, 1930:—Seanadóirí ainmnithe chun an Seanad d’ionadú ag an gCódháil:—Somhairle Brún, Mícheál Comyn, Séamas Dubhglas, Pádraig Hooper agus Tomás Mac Eoin.


DAIL EIREANN

ORDUITHE TAGARTHA.

13adh Márta, 1930:—Beartuithe, Go n-aontuíonn an Dáil leis an Seanad ina Rún, do cuireadh in úil don Dáil an 26adh lá d’Fheabhra, 1930, gur mhaith an rud é Códháil do bheith ann idir bhaill den tSeanad agus den Dáil ar leasú Uimh. 6 a dhin an Seanad ar an mBille chun Géim do Chosaint, 1929, agus le n-ar aontuigh an Dáil tar éis leasú do dhéanamh air, eadhon, fo-alt (5) den alt nua tairgthe do scriosa, agus go bhfuil socair ag an Seanad seasamh air fé mar a bhí sé ar dtúis.


20adh Márta, 1930:—Orduithe, Go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta cúigear Teachtaí bheidh mar ionadaithe don Dáil sa Chódháil le baill a ionadóidh an Seanad ar Leasú Uimh. 6 a dhin an Seanad ar an mBille chun Géim do Chosaint, 1929, agus le n-ar aon-tuigh an Dáil tar éis leasú do dhéanamh air, eadhon, fo-alt (5) den alt nua tairgthe do scriosa agus go bhfuil socair ag an Seanad seasamh air fé mar a bhí sé ar dtúis.


11dh Abrán, 1930:—Teachtaí ainmnithe chun an Dáil d’ionadú ag an gCódháil:—Mícheál O Braonáin, Eamon O Dubhghaill, Seán Mac an tSaoi, Diarmuid O Mathghamhna agus an tAire Dlí agus Cirt.