Committee Reports::Report and Proceedings - Poor Law Relief::27 June, 1929::Report

TUARASGABHAIL.

Tuairscíonn an Coiste mar leanas:—


Níor hatharuíodh le reachtúchán ar na mallaibh comhachta na gCoimisinéirí atá ag gníomhú do Chaomhnóirí na mBocht in Aontasí Dlí na mBocht i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath.


Na haiemí daoine ’na bhféadfar fóirithin allamuc hi do dheona dhóibh, táid curtha síos in Alt 1 den Poor Relief (Ireland) Act, 1847, eadhon:—


(a) Daoine atá ina mbuan-mháirtírigh de dheaseaibh seanaoise agus easláinte.


(b) Daoine atá fé mhí-chumas shealadach de dheascaibh breoiteachta no tionóisce.


(c) Baintreacha go bhfuil beirt no níos mó páistí dlistineachta aea.


Socruítear le halt 2 den Acht chéanna i gcóir fóirithin aic mí eile i gcás gan aon chóiríocht do bheith ar fáil dóibh i dtigh na mbocht.


Socruítear le halt 13 den Local Government Act, 1898, i gcóir fóirthin daoine infehadhma lasmuich de thigh na mbocht i gcás cruatain nea-ghnáthaigh.


Na teoranta reachtúla, bhaineann le deona fóirithine allamuich do dhaoine infheadhma, do bhaintreacha go bhfuil níos lú ná beirt pháistí dlistineacha aca, etc., agus atá ar Bhúird Chaomhnóirí agus a cuireadh i leathoibh in áiteacha ’na bhfuil Scéim Chontae i bhfeidhm, le at 10 den Acht um Rialtas Aitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923, táid éifeachtúil fós i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath agus i gContae Bhaile Atha Cliatha, áiteacha ná fuil aon Scéimeanna Contae fé mar a mínítear leis an Acht iad curtha le chéile agus ceaptha.


Tuigeann a Coiste go bhfuil iarrachtaí á dhéanamh chun a chur in áirithe go gceapfadh Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath agus Coimisinéirí Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath có-scéim. Isé tuairim an Choiste, ámh, gur gá, chun an cheist do réiteach, comhachta Caomhnóirí Aontaisí Bhaile Atha Cliath do leathnú gan mhoill agus ar an abhar san molaid don tSeanad gur cheart reachtúchán do rith gan mhoill ina bhforáltar:—


Go dtí go gceapfar Scéim Chontae go mbeidh ag Caomhnóirí na mBocht d’Aontasí Bhaile Atha Cliath na comhachta agus na dualgaisí go léir, chun fóirithin allamuich do dheona, a bheadh aca agus a fheidhmeoidís fé Alt 10 den Acht um Rialtas Aitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), dá gceaptaí Scéim Chontae agus dá mbeadh sí i bhfeidhm.


PÁDRAIG Ó CIONADOHA,


Cathoirleach an Choiste Spesialta.