ORDUITHE TAGARTHA.
2° Bealtaine, 1929:—Gurb é
barúil an tSeanaid nách leor é an soláthar atá ann fé láthair chun fóirithin ar dhíomhaointeas, agus gur ceart fiosrú do dhéanamh gan mhoill i dtaobh na slí ina riartar cabhair theinteáin ar mhná agus ar mhuiríneacha na ndaoine atá
díomhaoin agus na ndaoine atá i gcruatan agus go bhfuil sé oiriúnach Coiste Speisialta do cheapa, ar a mbeidh seachtar Seanadóirí agus ceathrar aca san do bheith mar quorum, chun breithniú agus tuairisciú
do dhéanamh i dtaobh cia aca tá aon mhí-ábaltacht dlíthiúil ann no ná fuil chun na gCoimisinéirí
a ghníomhuíonn mar Chaomhnóirí
na mBocht i mBaile Atha Cliath do chosc ar leor-fhóirithin do thabhairt do dhaoine atá gátarach no i gcruatan de dheascaibh díomhaointis no atá fé mhí-chumas de dheascaibh breoiteachta no tionóisce no do mhuiríneacha daoine den tsórt san no do bhaintreacha gátaracha ’na bhfuil páistí
ag brath ortha.
15° Bealtaine, 1929:—Seanadóirí
ceaptha chun fónamh ar an gCoiste Speisialta:—Sir Eadbhard Bigger, Somhairle Brún, Mícheál Comyn, Tomás Mac Eóin, Pádraig O Cionaodha, Mícheál O hAnnluain agus Brian O Ruaire.
CLAR.
|
leathanach |
1. |
Orduithe tagartha |
... |
... |
ii |
2. |
Tuarasgabháil |
... |
... |
iii |
3. |
Imeachta an Choiste |
... |
v |
|