Committee Reports::Interim Report - Betting Act 1926, and the Law relating to the Business of Bookmaking::18 April, 1929::Report

TUARASGABHÁIL INTERIM óN gCó-CHOISTE AR AN ACHT UM GHEALL-CHUR, 1926, AGUS AR AN DLÍ I dTAOBH GNÓ GLACTHA GEALL.

1. Tá dul-ar-aghaidh déanta ag an gCó-Choiste i dtaobh na nithe a cuireadh fé n-a mbráid, ach ní féidir dóibh fé láthair a dtuarasgabháil deiridh do thíolaca. Ba mhaith leo, ámh, mar gheall ar an Aire Airgid bheith ag tabhairt isteach a chuid molta i dtaobh an Achta Airgid gan ró-mhoill, na nithe seo leanas do mhola agus gan fanacht le tuarasgabháil iomláin ar na nithe a cuireadh fé bhráid an Chó-Choiste.


2. Tugadh fianaise os cóir an Chó-Choiste a chuir ina luighe ortha go bhfuil an cháin a cuirtear ar gheall-chur a dintear ar rás-chúrsaí ag déanamh ana-dhíobhála do thionnscal shíolra na geapall i Saorstát Eireann. Moltar, dá réir sin, an cháin seo do tharrac siar.


3. Moltar freisin, go dtí do dtugtar an suimitheoir in úsáid, rud go bhfuiltar ag brath ar a lán ioncuim uaidh don Stát, gur cheart, d’fhonn cúiteamh éigin do dhéanamh in aghaidh an laigheaduithe san ioncum a thiocfadh as an mola san roimhe seo, féachaint ar mhaith an rud é méadú do dhéanamh ar an diúité a héilítear fé láthair ar gheall-ghlacadóirí a bhíonn ag obair ar rás-chúrsaí.


(Sighnithe),


BRYAN MAHON,


Cathaoirleach.


18adh Abrán, 1929.