Committee Reports::Interim Report - Betting Act 1926, and the Law relating to the Business of Bookmaking::18 April, 1929::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

25 Deire Fomhair, 1928. Beartuithe ag an Dáil: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste, ar a mbeidh seachtar ball den Dáil agus seachtar ball den tSeanad, do cheapa chun oibriú an Achta um Gheall-chur, 1926, do bhreithniú, agus chun a thuairisciú cadiad na leasuithe ab’ fhearr a dhéanamh ar an dlí atá ann fé láthair i dtaobh gnó glactha geall.


Go mbeidh comhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin [Aire Airgid.]


Orduithe ag an Dáil: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


26 Deire Fomhair, 1928. Beartuithe ag an Seanad: Go n-aontuíonn an Seanad go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste, ar a mbeidh seachtar ball den Dáil agus seachtar ball den tSeanad, do cheapa chun oibriú an Achta um Gheall-chur, 1926, do bhreithniú, agus chun a thuairisciú cadiad na leasuithe ab’ fhearr a dhéanamh ar an dlí atá ann fé láthair i dtaobh gnó glactha geall; agus


Go mbeidh comhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin [Seán Mac Lochlainn, Seanadóir].


Orduithe ag an Seanad: Teachtaireacht do chur chun na Dála dá réir sin.


31 Deire Fomhair, 1928. Orduithe ag an Dáil: Go gceaptar Có-Choiste, ar a mbeidh seachtar ball den Dáil agus seachtar ball den tSeanad, chun oibriú an Achta um Gheallchur, 1926, do bhreithniú, agus chun a thuairisciú cadiad na leasuithe ab’ fhearr a dhéanamh ar an dlí atá ann fé láthair i dtaobh gnó glactha geall;


Go mbeidh comhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin [Aire Airgid].


Orduithe: Go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta seachtar Teachtaí chun fónamh ar an gCó-Choiste [Aire Airgid].


7 Mí na Samhna, 1928. Do hainmníodh na Teachtaí seo a leanas dá réir sin: Risteárd Antoine, Ailfrid O Broin, Brian Cúipéir, P. S. O Dubhghaill, Seán Mac an tSaoi, Pádraig Ruithléis agus Pádraig Seaghach.


28 Mí na Samhna, 1928. Orduithe ag an Seanad: Go gceaptar Có-Choiste, ar a mbeidh seachtar ball den Dáil agus seachtar ball den tSeanad, chun oibriú an Achta um Gheall-chur 1926, do bhreithniú, agus chun a thuairisciú cadiad na leasuithe ab’ fhearr a dhéanamh ar an dlí atá ann fé láthair i dtaobh gnó glactha geall;


Go mbeidh comhacht ag an gCoiste fios do chur ar dhaoine ar pháipéirí agus ar bhreacacháin;


Go n-ainmneoídh an Coiste Roghnathóireachta seachtar Seanadóirí chun fónamh ar an gCó-Choiste.


28 Mí na Samhna, 1928. Do hainmníodh na Seanadóirí seo a leanas dá réir sin: Tomás Beinéid, Tomás O Fuaráin, Proinnsias Mac Aonghusa, Seán Mac Lochlainn, Sir Brian O Macháin, Liam O Maolmhuaidh agus Séamus O Peáircin.


4 Mí na Nodlag, 1928. (1) Do scuir Ailfrid O Broin, Teachta, de bheith in a bhall den Có-Choiste ar n-a thogha chun an tSeanaid.


(2) Do scuir Sir Brian O Macháin, Seanadóir, de bheith ina bhall den Có-Choiste.


19. Eanair, 1929. Senator Sir Bryan Mahon ath-cheaptha ar an gCó-Choiste.


27 Feabhra, 1929. Seósamh X. O Murchadha, Teachta, ceaptha.


CLAR.


 

leathanach

1.

Orduithe Tagartha

...

ii

2.

Tuarasgabháil Interim an

 

 

Chó-Choiste

...

...

iv

3.

Tuarasgabháil Deiridh an

 

 

Chó-Choiste

...

...

vi

4.

Imeachta an Chó-Choiste

...

xxii

5.

Liost na bhFínnithe

...

xxxvi

6.

Miontuairiscí Fianaise

...

1

7.

Fó-Scríbhinní

...

...

130