|
TUARASGABHAIL DEIRIDH.1. Chuir téarma tagartha an Chó-choiste dhá dhualgas ortha, eadhon:— 1. Fiosrú do dhéanamh i dtaobh oibriú an Achta um Gheall-chur, 1926. 2. Tuarasgabháil do thabhairt uatha ar na leasuithe is dó leo a bheadh oiriúnach ar an dlí atá ann fé láthair i dtaobh gnó glactha geall. Do réir na dtreoracha san tá an Có-choiste anois tar éis an fiosrú i dtaobh oibriú an Achta do chríochnú. Do ceistníodh roinnt fínnithe agus tá a gcuid fianaise ag gabháil leis an dTuarasgabháil seo. Do piocadh amach na fínnithe sin asta siúd is mó go bhfuil baint aca le riara an Achta no is mó dá ndineann sé deifir no asta siúd gur mhaith leo oibriú an Achta a bhunú ar dhubh-shraith shásúil. Do mhínigh Coimisinéir an Ghárda Síochána, oifigeach do sna Coimisinéirí Ioncuim, Rúnaí na Roinne Puist agus Telegrafa, Breitheamh den Chúirt Dúithche i mBaile Atha Cliath, agus an Príomh-Choiste Coigiltis an taobh oifigiúil den scéal. Nocht na trí prímh-Eaglaisí a dtuairimí ar an scéal, go speisialta ó thaobh an mhorálais. Fuarthas roinnt tuairimí generálta, leis, ó Chomhlachaisí Cóluite na Tráchtála, ó Chumann na Múinteoirí Náisiúnta agus ó na Páipéirí spóirt. Do mhínigh dhá fhínné thábhachtacha cad a tháinig do ghnó shíolrú na gcapall as an Acht agus fós as an Acht Airgid, 1926, a ghabhann leis. Agus sa deire, do hiarradh ar oifigigh fheidh- miúcháin dhá Chómhlachas geall-ghlacadóirí tuairmí lucht na gairme is mó go gcuireann an tAcht isteach ortha do nochta. Is é tuairim an Chó-Choiste go bhfuil lán-eolas don Oireachtas ar gach taobh d’oibriú an Achta um Gheall-chur, 1926, ar fáil sa bhfianaise sin ar fad. I slite áirithe, do thrácht na fínnithe sin ar an dlí go generálta a bhaineann le gnó glactha geall lasmuich den dá Reacht dar tagradh cheana. 2. Ba léir ón eolas a cuireadh ar fáil amhlaidh go raibh a lán daoine ar aon aigne i dtaobh cad a tháinig as oibriú an Achta. Ní tháinig aon fhínné ós cóir an Chó-Choiste chun a chur ina luighe ortha nár tháinig lochta móra i lorg oibriú an Achta. Deirtear gur lochta iad so a bhaineann le saol na ndaoine, cuir i gcás, dineann sé díobháil maidir le hordúlacht agus le deagh- iompar puiblí, nó maidir le staid economíocht na ndaoine go mór mór na daoine bochta, nó maidir le múnlú aigne na ndaoine óga. Thuig gach aoinne gur chun críche airgeadais amhlán do ceapadh an tAcht, agus ná raibh aon ailt shábhálacha ann i gcoinnibh mí-úsáide den tsaghas a tháinig i réim ina dhiaidh sin. Go sonn- rách, dubhairt Coimisinéir an Ghárda Síochána ’na bhfuil a Roinn freagarthach in ordúlacht phuiblí, dubhairt sé leis an gCo-Choiste go bhfuair sé go raibh sé gan aon chomhachta do bheadh sáthach éifeachtúil chun deighleáil leis na huile adeir sé atá tar éis fás. Ansan arís, bhí fínnithe áirithe ann, e.g., iona- daithe cuid de sna hEaglaisí, agus do chuaidh na droch-nithe do tháinig tar éis rithte an Achta ina luighe chó mór san ortha gur mholadar deire do chur le primh-phrínsiobail an Achta, eadhon, geall-ghlacadóirí do cheadúnú agus áitreabhacha do chlárú chun geallta in airgead tirim do ghlaca. Do chuir dhá ní ina luighe ar an gCó-Choiste gan aontú leis an dtairisgint seo. Sa chéad áit, níor dhin na fínnithe seo leor-scrúdú ar cad do leanfadh as so, sé sin, an dlí do chur ar an staid ’na raibh sí roimh 1926. Tá an Có-Choiste deimhnitheach go bhfuil sé cruthuithe gur rud ceart an tAcht atá ann sa mhéid gur chuir sé deire le geallta do chur sna sráideanna—rud a dintí i gan fhios agus go nea-dhleathach. Na prínsiobail ar a raibh na Dlithe Cearrbhachais bunuithe roimh 1926, sa mhéid gur cuireadh ar ceal iad leis an Acht um Gheall- chur, ní féidir dar leis an gCó-Choiste iad do thabhairt thar n-ais. Sa dara háit, do thug an Có-Choiste dá n-aire ráiteas Choimisinéara an Ghárda Síochána, eadhon, má tugtar isteach in aon reachtúchán nua atharuithe áirithe do mhol seisean, féad- fidh sé an córus geall-chuir atá bunuithe ar na prínsiobail atá leagtha amach san Acht do choinneail fé riail agus san am gcéanna, d’ainneoin sriantachtaí nua, cose do chur le geall-chur sna sráideanna do theacht thar n-ais arís. 3. Ghá ghlaca mar fhírinne nár cheart an dlí atá ann i dtaobh geall-chuir d’athghairm ach, ina ionad san, gur cheart í do leasú i slí is go gcuirfí deire leis na droch-nósanna a fuarthas a bheith ag gabháil leis, tá sé riachtanach cuntas do thabhairt ar na príomh-lochta a fuarthas a bheith ag gabháil le n-a hoibriú. Tá líon na n-oifigí geall-ghlacadóireachta méaduithe i bhfad níos mó ná mar is gá go réasúnta; dintar an gnó ionta go fothramúil agus go mí-ordúil; cruinníonn agus moillíonn slóite ionta; cuirtear ar taisbeáint ionta, mar a dintar ar rás-chúrsa, liostaí de chapaill a bhíonn ag rith agus de gheall-bhreiseanna; fanann lucht curtha geall ionta ó rás go rás agus íoctar geallta díreach tar éis foillsiú tora an ráis——rud a fachtar amach láithreach tré sheirbhís speisialta telefóna; bíonn leanbhaí sa tsluagh agus fós mná agus leanbhaí le n-a gcois i dtreo go méaduíonn ar an gcearbhachas imeasc daoine óga; bíonn na huilc sin níos mó i líomatáistí na ndaoine mbocht sna cathracha; tá gach aicme go fiú daoine a gheibheann sochar díomhaointis agus cabhair theinteain gabhtha ag an dúil sa chearbhachas, agus tagann aimhleas, mí-ordúlacht, bochtaineacht agus easba baileachais as san go léir. An cuntas san maraon leis na tuairimí líonmhara a leanann as, deimhníonn na fínnithe go léir gurb é an rud coitchianta é agus ní foláir don Chó-choiste glaca leis mar fhírinne. I dteannta an lochta so in oibriú an Achta um Gheall-chur, is mian leis an gCó-choiste tagairt achmair do dhéanamh do locht eile a fuarthas ar oibriú taobh an ioncuim den Acht san maidir leis an gcuma ina ndeigh- leálann sé le gnó glactha geall. Mar gheall ar an gcleachta gur thug geall-ghlacadóirí fé n-a chur i bhfeidhm, dintar suim do réir rátaí na gcánach atá ann do bhaint as iomlán a mbuaidhtear agus, i roinnt cásanna, as iomlán a mbuaidhtear agus as an ngeall le chéile agus ní has na geallta amháin mar a foráltar leis an dlí. Mar gheall ar an gcleachta so dineann geall-ghlacadóirí, agus a seasamh ar aineolas lucht curtha geall ar a gcearta dlí sa scéal so, an cháin d’fháil thar n-ais gan aon údarás. Luaidhtear tora táchtach eile i mír 8 thíos. 4. Ag deighleail dóibh leis na leighseanna do mhol na fínnithe, tuairiscíonn an Có-Choiste nár fhéad na baill teacht ar aon aigne i dtaobh cuid de sna leasuithe do tairgeadh. Dá bhrí sin táid ag fágaint na leasuithe sin fé bhreith an Oireachtais. Thánadar ar aon aigne i dtaobh na mion-innste seo leanas agus molaid dá réir sin iad d’ionchorparú in aon reachtúchán eile a déanfar i dtaobh geall-chuir. (i) Maidir le haosóga, ba cheart go ndéanfí cionta inphionó- suithe de gheall-ghlacadóir do dhéanamh geall-ghnótha le daoine fé bhun 18 mblian d’aois. Ba cheart é bheith ina chionta do gheall-ghlacadóir leigint do dhaoine fé bhun 16 mblian fanúint in áitreabh geall-ghlacadóireachta cláruithe. Níor cheart go mbainfadh san le pé daoine ar a mbíonn gnáth- chomhnaí ann. Ba cheart é bheith ina chionta d’éinne duine fé bhun 16 mblian d’aois do thabhairt no do chur go dtí áitreabh geall-ghlacadóireachta cláruithe. Fágann san go bhfuil an Có-Choiste i bhfabhar do chlás do thabhairt isteach á thoirmeasc ar mhnáibh agus leanbhaí ar a mbaclainn acu dul isteach in áitreabh geall-ghlacadóireachta, clás den tsórt atá sna Dlithe Ceadúnaithe Oil. (ii) Glacann an Có-Choiste leis an bprínsiobal a bhaineann le geall minimum, mar rud a théigheann chun teora do chur leis an méid geall-chuir atá ar chumas na muintire atá chó bocht san gur mhaith an rud an teora san d’árdú. Is iomdha suim do mhol na fínnithe mar gheall mhinimum e.g., 2/6, 2/-, 1/- agus fiú amháin 6d. Isé tuairim an Chó-Choiste gur as suim 1/- mar gheall mhinimum is dóichíde a thiocfadh an tora is mian leo agus molaid í dá réir sin. (iii) Tá an Có-Choiste ar aon aigne ar fad leis an tuairim gurb é is mó fé ndeár na huilc do tháinig maidir le háitreabhacha geall-ghlacadóireachta cláruithe ná gur gnáth íoc ar nochta tora an ráis díreach tar éis an ráis. Is féidir san do dhéanamh toisc saoráidí speisi- alta telefóna do bheith sna háitreabhacha san. Tagann as go moillíonn lucht curtha geall ionta agus, as a mbuadhaid, go gcuirid geall ar an gcéad rás eile. Mara mbeadh an gnás san ní beifí ag síor-chur geall mar sin. Isé a moltar ina thaobh ná é bheith ina chionta do gheall-ghlacadóir íoc ar nochta tora ráis aon uair le linn na rás. Ba cheart, gan amhrus, gan íoc do dhéanamh ach in áitreabh geall-ghlacadóireachta cláruithe. Ní bhaineann an mola so le geall-chur ar an rás-chúrsa. (iv) Ní ceart, dar leis an gCó-Choiste, áitreabh geall- ghlacadóireachta ceadúnuithe do stiúrú ar nós atá níos oiriúnaí do rás-chúrsa. Ba chóir gur chionta do gheall-ghlacadóirí geall-bhreiseanna do ghlaoch amach chun custuiméirí do bheadh cruinnithe ina n-áitreabh. Fágann san gur cheart go ndéanfí cionta, leis, den iomad daoine do bheith in áitreabh cláruithe agus de mhoilleadóireacht ann. (v) Measann an Có-Choiste nár cheart liostaí de chapaill do rithfadh, praghsanna tosach rás, leatháin spóirt, litríocht spóirt ná éinní eile do ghríosfadh no do mheallfadh daoine chun geall-chuir do bheith ar tais- beáint in áitreabh cláruithe i slí is go mbeidís le feis- cint ón sráid. Ba cheart an gnás san do thoirmeasc. (vi) Ba cheart daoine a gheibheann cabhair theinteain do chose ar gheall do chur in áitreabh cláruithe, agus ba cheart stad do chur le n-a sochair ar a chruthú gur dhineadar no gur dineadh thar a gceann geall do chur agus iad ag fáil na cabhrach san. (vii) Maidir le huaire gnótha molann an Có-Choiste áitrea- bhacha geall-ghlacadóireachta do bheith ar oscailt i gcóir geallta in airgead tirim ó n-a 9 a.m. go dtí a 3 p.m. agus ó n-a 5 p.m. go dtí a 7 p.m. amháin. D’fhéad- fadh eadarghnóthaí creidiúna, tré thelefón, tré thele- gram, no tré leitir, bheith ar siúl o n-a 3 p.m. go dtí a 5 p.m. Ar alt 16 den Acht a déanfí an leasú sa chás so. Ghá mhola san don Chó-Choiste cuimhníd air go dtabharfadh san neart ama do gach aicme daoine chun a ngeallta do chur agus fós ar fhianaise Chathaoir- leach an Turf Accountants’ Protection Association, (Ceist 587), eadhon, “ná tagann éinne isteach sna hoifigí tar éis a 3 p.m. chun geallta do chur” ach amháin nuair is oifigí iad a stiúruítear ar an nós ar a dtugtar cuntas thuas agus ar a bhfuarthas locht. (viii) Ba cheart a chur fhiachaint ar gheall-ghlacadóirí in áitreabhacha geall-ghlacadóireachta ceadúnuithe admháil orduithe agus uimhir uirthi do thabhairt do gach custuiméir ar gach geall in airgead tirim a cuir- far in áitreabh den tsórt san; ba chóir ainm agus seola an gheall-ghlacadóra do bheith ar gach admháil den tsórt san. Ba cheart gur chionta aon admháil no duillín ach ceann ar an bhfuirm orduithe agus uimhir air do thabhairt amach. Ba cheart méid aon chánach ioncuim do cuirfí leis an ngeall no do bainfí as do thaisbeáint ar an admháil sin. (ix) Molann an Có-Choiste go ndéanfí cléirigh bhainistí agus congantóirí geall-ghlacadóirí féin do cheadúnú agus, sara ndeonfí ceadúnaisí, go sásóidís an Gárda agus na Coimisinéirí Ioncuim chó fada is théigheann gach ní is gá fén Acht. (x) Do chuir Coimisinéir an Ghárda in úil, pé nea-rialtachtaí do thárlódh in áitreabh geall-ghlacadóra cheadúnuithe, ná raibh comhacht aige an dlí do chur ar siúl ná fiú amháin éinní do dhéanamh fén Acht um Gheall-Chur go dtí, i gceann na bliana, go n-iarrfí arís deimhniú ar oiriúnacht phearsanta no ar oiriúnacht áitreibh. Isé tuairim an Chó-Choiste go bhfuil an t-éileamh do dhin sé cruthuithe aige, eadhon, gur cheart comhacht do bheith ag na póilíní an dlí do chur ar siúl aon uair i rith na bliana. (xi) Aontuíonn an Có-Choiste le ráiteas na muintire adubhairt go bhfuil áitreabhacha geall-ghlacadóireachta ceadúnuithe níos líonmhaire ná mar is gá go réasúnta do sna daoine. I roinnt líomatáistí, cuir i gcás, táid i bhfad níos líonmhaire ná na hOifigí Puist. Isé a moltar ná gan níos mó ná aon oifig gheall- ghlacadóireachta amháin do lomháil in aghaidh gach 5,000 den lucht áitreibh i gcathracha Bhaile Atha Cliath, Chorcaighe, Luimnigh agus Phortláirge. Aon oifig gheall-ghlacadóireachta amháin in aghaidh gach 2,000 den lucht áitreibh an méid ba cheart a bheith i líomatáistí baile agus i líomatáistí tuatha níos lú ná san no do ghrúpaí oiriúnacha dá leithéidí. Ba cheart gléas riaracháin do chur in oiriúint chun na cothroma san do thabhairt chun críche diaidh ar ndiaidh. 5. Baineann na molta san thuas ach aon cheann amháin le prínsiobail ná fuil san Acht. Dubhradh leis an gCó-Choiste gur cheart roinnt leasuithe do dhéanamh ar ailt áirithe den Acht. Do glacadh leis na cinn seo dhíobh agus moltar iad:— Alt. 1.—An téarma “gnó glactha geall” do mhíniú. Alt 3.—Fo-alt nua do chur leis sa chéil seo: Más mian le duine ná comhnuíonn i Saorstát Eireann agus go bhfuil sé dá dhruim sin gan teideal aige chun deimhniú d’iarraidh fén Alt so, ba chóir do, mar mhalairt ar na coiníollacha atá luaidhte san alt agus roimh iarratas chun Ceannphuirt an Ghárda teistméireacht d’fháil o údarás rialuithe an Turf Club no an National Hunt Club ar a charachtar pearsanta agus ar a oiriúnacht maidir le hairgeadas. Alt 4.—Na focail “agus ní har aon scór eile in aon chor” do scrios amach. Alt 4.—Na scóranna breise seo chun diúltuithe do chur leis. (a)Gan cúrsaí airgeadais an iarratasóra do bheith sásúil. (b)Má ceadúnuíodh an t-iarratasóir cheana, gur dhiúltuigh sé do gheallta d’íoc no gur theip air iad d’íoc. (c)Gur lú ná bliain atá an t-iarratasóir ina chomhnaí i Saorstát Eireann. Alt 5.—Foráil do chur leis, go raghaidh na ceadúnaisí uile in éag ar an aon dáta amháin, eadhon, an 30adh Mí na Samhna gach bliain. Glactar leis an dáta so mar mhare ar dheire saosúr na rásanna ar thalamh réidh. Alt 5.—Grianghraf an tsealbhóra do bheith ar gach ceadúnas. Alt 8.—Na focail “agus ní har aon scór eile in aon chor” i bhfo-alt 1, line 2, do sciosa amach. Alt 8.—Na scóranna breise seo chun diúltuithe do chur leis:— (a)go bhfuil áitreabhacha cláruithe go leor sa cheanntar cheana. (b)gur tabhairneoir ceadúnuithe an t-iarratasóir. Níl sé ceaptha go mbainfadh an agóid seo le cás in ar thárla an t-áitreabh dá mbeidh deimhniú á iarraidh do bheith, roimh 28adh Iúl, 1926 ina chuid d’áitreabh a bhí ceadúnuithe chun deocha meisciúla do dhíol ann. Alt 10 (2).—An tréimhse de 21 lá a luaidhtear ann do laigheadú go dtí 14. Alt 10 (5) (a) Gur cheart teideal do bheith ag an gCeann- phort glaoch ar aon bhall den Ghárda Síochána no ar aon tsaoránach chun fianaise do thabhairt. Alt 15 (4), líne 2.—Na focail “laistigh ná lasmuich” do chur i ndiaidh an fhocail “siúl.” Alt 16.—Tá mola i dtaobh na n-uair déanta cheana féin. Alt 19 (3).—Comhacht do bheith ag an nGárda Síochána daoine do ghabháíl fén bhfo-alt so. 6. Maidir leis na hailt den Acht Airgid, 1926, a bhaineann leis an scéal, moltar na nithe seo leanas:— Tá an Có-Choiste i bhfabhar don cháin atá ar eadarghnóthaí geall-chuir fé láthair, rud nár oibrigh go maith, d’athghairm. Chun cúiteamh do thabhairt don Stát- Chiste sa chailliúint do thiocfadh as san moltar (1) an diúité ar cheadúnaisí geall-ghlacadóirí agus an diúité ar áitreabhacha geall-ghlacadóireachta do mhéadú, (2) diúité do chur ar líon na dtelefón do bheadh ag geallghlacadóirí, agus (3) diúité do chur ar fhostú fuirinne ag geall-ghlacadóirí agus é gráduithe do réir statuis oifigiúla. Má fhanann an cháin ar cadarghnóthaí geall-chuir mar atá sí fé láthair measann an Có-Choiste gur mhaith an rud foráil do chur isteach chun cose do chur le cáin ar a mbuaidhtear do bhailiú gan údarás mar a luaidh- tear i mír 3 thuas. Aon tslí amháin chun san do dhéanamh isea aon tsuim a bainfar mar cháin as a mbuadhfar d’íoc isteach sa Stát-Chiste. 7. Níor scrúduigh an Có-Choiste, in aon tslí ghenerálta, an cheist i dtaobh cadiad na comhachta áirithe gabhála no fíneála no pionósuithe is gá chun an dlí do chur i bhfeidhm mar a bheidh sí ar bheith leasuithe dhi. Ba cheart, áfach, an gléasra is gá chuige do chur sa Bhille atá le teacht. 8. Ní miste tagairt san áit seo d’fhianaise bheirt fhínnithe údarásacha do thrácht ar a dtáinig as an Acht um Gheall-chur, 1926, agus as Alt 24 den Acht Airgid, 1926, don ghnó san capaill fholaíochta do thógaint in Eirinn. Isé brí a n-argóna ná go bhfuil an dá ní seo ar na prímh-nithe atá ag laigheadú líon na ndaoine a théigheann chun rásanna, eadhon, saoráidí chun geall- chuir do bheith chó coitianta in áiteanna eile seachas na háiteanna ina mbíonn na rásanna capall agus truime na geall-chánach a bailítear ar rás-chúrsaí; go ndineann san laigheadú mór ar shéan na rás-chomhairlí feidmiúcháin; go bhfuil luach na stácaí ag dul i laighead agus go bhfuil na rás-chruinnithe ag leagha. Ar an gcuma san deirtear gur baineadh d’únaerí agus de lucht síol- ruithe capall folaíochta slí riachtanach a bhí acu chun ceann de sna rudaí is fearr a thagann as Saorstát Eireann do thaisbeáint. An méid sa bhliain is fiú an gnó so, an áit ar leithligh i saol na haimsire seo atá ag capaill do síolruíodh in Eirinn, agus an méid oibre a thugann an gnó san do dhaoine le déanamh, coda iad san d’fhianaise na bhfínnithe ’na bhfuil an Có-Choiste á iarraidh go dtabharfaí aire speisialta dhóibh. Tá tora chó táchtach san tagtha as an reachtúchán um gheall-chur atá ann cheana gur leagadh mola in aghaidh an mheatha san fé bhráid an Oireachtais i dTuarasgabháil Interim. Tar éis an scéal do bhreithniú tuille don Chó-Choiste, daingníd na molta san, agus táid deimhni- theach de go ndéanfidh an t-ioncum a thiocfidh as an suimitheoir do thabhairt isteach níos mó ná cúiteamh do thabhairt don Stát- Chiste in aon chailliúint do leanfadh as laigheadú na geall- chánach atá ann sa mhéid go mbaineann sí le rás-chúrsaí. 9. Níor lean an Có-Choiste, in aon tslí iomláin, dá bhfiosruithe sa tseana-dhlí maidir leis an gcuma in ar oibrigh sí ar ghnó ghlactha geall. Do tráchtadh ar thaobhanna áirithe dhi, áfach, sa bhfianaise do tugadh. Dubhradh gur cheart a shocrú go bhféadfí geall-fhiacha do bhaint amach le dlí. Ní mian leis an gCoiste go ndéanfí aon atharú sa tslí sin ar an dlí atá ann. Do thug Seoirse O Cúisín, Breitheamh den Chúirt Dúithche i mBaile Atha Cliath, os cóir an Chó-Choise rud eile a eiríonn as an Acht um Gheall-chur, 1926, as Acht Airgid na bliana san, agus as reachtanna is sine ná iad. Sa dá Acht chéad-luaidhte orduítear fíneála móra áirithe mar gheall ar chiontaí. “Fíneála máil” a tugtar ortha san agus suimeanna deifriúla suas go dtí £500 atá ionta. Is iontuigthe as an téarma “fíneáil mháil,” an té go dteipfidh air an tsuim a bheidh i gceist d’íoc nuair a hordó- far do é, gur féidir é chur i bpríosún ar bharántas nách foláir do sna Breithimh a shighniú agus fanúint ann faid is toil leis na Coimisinéirí Ioncuim. Do chuir an Breitheamh Dúithche in úil don Chó-Choiste gur leasuíodh an taobh san den dlí chó fada siar leis an mbliain 1879 sa Bhreatain Mhóir ach go bhfuil sé gan atharú sa tír seo fós. Deir sé gur cheart san a dhéanamh anois. Deir se, leis, gurb é a thuairim, más chun críche ioncuim do ceapadh na fíneála so, gurb fhearr chun na críche sin na suime- anna móra so do laigheadú go dtí méid réasúnta agus san am gcéanna go raghadh san chun leasa don phuiblíocht. Neartuíonn an Có-Choiste leis an dá chointinn sin aige. Moltar dá bhrí sin (1) an dlí láithreach le n-a rialáltar méid na bhfíneála so do leasú i slí is go mbeidh comhacht ag an mBreitheamh iad do laigheadú anuas ón méid atá ionta fé láthair go dtí ainm-shuim deich bpunt más dó leis gur ceart é sa chás, (2) leigheas do dhéanamh ar nea-rialtacht na dlí maidir le duine do chur i bpríosún. (Sighnithe), P. J. RUTTLEDGE, Cathaoirleach pro tem. 9 Bealtaine, 1929. |
||||||||||||