Committee Reports::Final Report - Betting Act 1926, and the Law relating to the Business of Bookmaking::14 November, 1928::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHO-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 14 Mí na, Samhna, 1928.

Wednesday, 14 November, 1928.

1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Ailfrid O Broin, Brian Cúipéir, Peadar S. O Dubhghaill agus Seán Mac an tSaoi, Teachtaí; Tomás Beinéid, Tomas O Fuaráin, Proinnsias Mac Aonghusa, Sir Brian O Macháin, Liam O Maolmhuaidh agus Séamus Mac Peáircín, Seanadóirí.


3. Tairisgint déanta (Tomás O Fuaráin):—


“That Senator Sir Bryan Mahon be Chairman of the Joint Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Chuaidh Sir Brian O Macháin i gCeannas dá réir sin.


4. Orduithe: Cúigear, ar a mbeidh ball amháin ar a laighead de gach Tigh, do bheith mar quorum.


5. Orduithe: Lucht na bPáipeur Nuachta do leigean isteach chun cruinnithe den Chó-Choiste nuair a bheidh fianaise á tógaint; ach cead do bheith ag fínnithe, más rogha leo é, a gcuid fianaise a thabhairt uatha go príobháideach.


6. Orduithe: Cead a bheith ag fínnithe comhairleóirí teincniciúla, ar a n-áirítear atúrnaethe, do thabhairt in éineacht leo, ach ná héistfear iad tré abhcóide.


7. Chinn an Có-Choiste a iarraidh ar Choimisinéir an Ghárda Síochána, ar na Coimisinéirí Ioncuim, agus ar an Roinn Puist agus Telegrafa, imeasc daoine eile, fianaise do thabhairt uatha.


8. Cuireadh an Có-Choiste ar athló ar 11.45 a.m. go dtí an Chéadaoin seo chughainn ar 4 p.m.