|
TUARASGABHAIL.An Có-Choiste a ceapadh chun ath-bhreithniú do dhéanamh ar an gceist ghenerálta i dtaobh luach saothair Airí agus i dtaobh na liúntaisí is iníoctha le baill den Dáil agus den tSeanad tuairiscíonn sé mar leanas:— Luach Saothair Airi.1. Molann an Coiste:— (a) Go bhfanfaidh tuarastail Airí fé mar atáid ceaptha fé láthair; (b) Go dtabharfar isteach scéim fé n-a bhfaghaidh ex-Airí liúntaisí speisialta, ach go mbeid tar éis bheith i seilbh oifige ar feadh tréimhse minimum a luadhfaidh an tOireachtas, agus na liúntaisí sin do leanúint go ceann tréimhse nách sia ná cúig bliana tar éis dóibh dul as oifig. Bhí an móráireamh den Choiste i bhfabhar méadú éigin do dhéanamh ar an íocaíocht atá ceaptha d’Airí anois, ach ní rabhthas ar aon aigne i dtaobh conus ab’ fhearr san do thabhairt chun críche. Cheap cuid den Choiste gur cheart é dhéanamh tríd an scála tuarastail atá ann fé láthair d’árdú agus leigint do sna hex-Airí féin soláthar do dhéanamh i gcóir na haimsire atá le teacht. Cheap baill eile den Choiste gur cheart na tuarastail d’fhágaint fé mar atáid fé láthair, ach liúntaisí fé choiníollacha áirithe do bheith ar fáil d’ex-Airí. Bhí baill eile fós a bhí i bhfabhar scéime liúntaisí den tsórt san ach a cheap gur cheart tuarastail na nAirí do laigheadú dá nglactaí leis an scéim. Ar an taobh eile, bhí mionáireamh den Choiste a bhí go mór i gcoinnibh glaca le haon chúrsa acu so, agus dob’ é a dtuairim san, mar gheall ar an gcuma ’na bhfuil cúrsaí airgid agus economaíochta sa tSaorstát, gur cheart na tuarastail atá ag Airí fé láthair do laigheadú go substainteach agus nár cheart aon liúntaisí do thabhairt d’ex-Airí. 2. Ag teacht dóibh ar an gcomhairle atá leagtha amach i bhfomhír (b) thuas bhí an móráireamh den Choiste den bharúil gur ró-dheabhruitheach gur daoine den aicme chaitheann a gcuid do thuilleamh is mó bheidh mar Airí sa tSaorstát go ceann mórán blian eile. Dubhradh go raibh sé mí-réasúnta bheith ag brath air go ndéanfadh daoine den aicme seo ’na mbeadh an éirim acu ba ghá dhóibh chun bheith ina nAirí a ngnó príobháideach do thabhairt suas agus cúramaí Rialtais do thógaint ortha féin ar feadh roinnt blian gan, ar a laighead, deimhin éigin do bheith acu ná beadh an scéal ró-mhór ina gcoinnibh nuair imeoidís as oifig agus a bheidís ad’ iarraidh iad féin d’ath-bhunú ina ngnáthghnó. Bhí an móráireamh sásta, leis, nách leor an scála tuarastail atá ann fé láthair chun a chur ar chumas Airí aon tsoláthar den tsaghas so do dhéanamh dóibh féin le linn bheith in oifig dóibh, agus b’é a mbarúil gur cheart don Stát féin an soláthar san do dhéanamh dóibh má táthar chun fir go mbeidh na cáilíochta cearta acu do sprioca chun cúram Aireachta do thógaint ortha féin. Do measadh, fós, an tairisgint a moltar go ndéanfadh sé tuille chun ex-Airí do chlaona chun leanúint ina mbaill den Oireachtas agus go ndéanfaí ar an gcuma san sochar an colais agus na taithí do fuaradar le linn dóibh bheith i bhfeighil a Ranna fé seach do chur in áirithe don Stát. Bhí an puínte seo chó táchtach san, dar le cuid de bhaill an Choiste, gur mhian leo gan aon liúntas do dheona ach ar an gcoiníoll go bhfanfadh an t-ex-Aire san Oireachtas, ach do cheap an móráireamh go ndéanfadh an mola do cinneadh an méid sin do chur in áirithe i bhfurmhór na gcásanna agus san am gcéanna go n-oirfeadh sé i geás aon ex-Aire do staonfadh, ar aon chúis, o n-a iarraidh go dtoghfaí é no dá n-iarradh ná toghfaí é. Liuntaisi do Bhaill an Oireachtais.3. Ní bhraitheann an Coiste go mbeadh sé ceart a mhola go ndéanfaí aon laigheadú ar an seála atá ann fé láthair de liúntaisí a híoctar le baill an Oireachtais. Bhí dhá chúis láidre ag an gCoiste chun teacht ar an gcomhairle seo: (a) gur cheart i ndaonfhlathas caoi do bheith ag saoránaigh de gach céim ar bheith ina mbaill d’aon Tigh den dá Thigh Reachtúcháin gan dochar ró-mhór dá leas príobháideach, agus (b) ag féachaint don chur isteach a dintear ar an leas san agus do sna costaisí nách foláir a bheith ag baint le n-a staid mar bhaill den Oireachtas, go ndineann Seanadóirí agus Teachtaí chólínann a ndualgaisí go coinsiasach luach iomlán na liúntaisí a híoctar leo fé láthair do thabhairt don Stát. Dubhairt mionáireamh gur cheart liúntaisí na Seanadóirí do laigheadú toisc gan na dualgaisí Páirliminteacha agus an obair phuiblí bhíonn ortha san do bheith chó foirleathan is bhíd i gcás na dTeachtaí. Níor ghlac an móráireamh leis an mbarúil seo; isé mheasadar san ná gur cheart an ráta liúntais atá ann fé láthair d’áireamh mar mhinimum do bhaill de cheachtar den dá Thigh, gur cheart an obair a tugtar le déanamh do Sheanadóirí do mhéadú agus, dá mbeadh aon atharú airgeadais le déanamh, gur cheart gur méadú ar liúntas na dTeachtaí a déanfaí. 4. Do breithníodh na slite ina n-íoctar baill i dtíortha deifriúla agus táthar ar aon aigne gurb é an modh íoctha atá ann anois, eadhon, do réir ráta cheaptha, an socrú is fearr. Ceapann an Coiste, maidir le duine toghtar mar bhall de cheachtar Tigh den Oireachtas, nách foláir do, pe’ca is gá dho bheith go minie sa Tigh no ag cruinnithe de Choistí Páirliminteacha no nách gá, bheith ullamh ar mhórán dá chuid aimsire agus dá aire do thabhairt suas do ghnó Pháirliminteach i gcoitinne agus gur tomhas fallsa freastal na suidheanna chun an méid oibre go mbíonn súil leis uaidh do mheas. Níl an Coiste i bhfabhar claona ón ngnás atá ann fé láthair, eadhon, gan liúntas speisialta do thabhairt ar son seirbhíse ar Choistí Páirliminteacha. 5. Do cuireadh in úil don Choiste gur thárla o am go ham go raibh baill den Dáil agus baill den tSeanad do thaisbeáin, tré fhaillí i bheith i láthair ag suidheanna, ná raibh áird chuibhe acu ar a n-oblagáidí mar reachtairí. Cásanna eisceachta iad so, ámh, agus is dó leis an gCoiste gur cheart socruithe speisialta dhéanamh dóibh. Níl an Coiste sásta go n-eireodh le haon scéim ghenerálta chun an liúntas do laigheadú uaidh féin de dheascaibh neafhreastail, ach measaid gur cheart an dlí do leasú i dtreo go mbeadh cead ag gach Tigh nós-imeachta do bhunú chun deighleáil le cásanna speisialta ina mbeadh a bhaill as láthair ar feadh i bhfad no nea-rialta ina bhfreastal. Molann an Coiste go socrófaí leis an nós-imeachta san go ngairmfeadh an Tigh an ball chun freastal agus dá dteipeadh air beart do dhéanamh do réir na gairme seo gan leor-mhíniú do thabhairt uaidh go ndéanfaí a liúntas do tharrac siar, i bpáirt no go hiomlán, ar feadh tréimhse do luadhfaí. Ceannurra an Fhreasabhra.6. Do bhreithnigh an Coiste an cheist ar cheart liúntas speisialta do mhola do Cheannurra an Fhreasabhra. Tuigid go maith, maidir leis an méid oibre bhíonn le déanamh ag Ceannurra an Fhreasabhra, no ag Ceannurra aon pháirtí mhóir a bhíonn i gcomhnaí i bhfreasabhra, chun go bhféadfadh sé deighleáil mar is cóir leis na nithe deifriúla thagann os cóir an Oireachtais, go mbíonn sé ana-throm agus gur truime-de é gan aon chomhairleoirí teicniciúla do bheith ag an gCeannurra ná fuireann oifigiúil fheidhmiúcháin, mar a bhíonn ag Airí. Cé go n-aontuíd go generálta gur mhaith an rud go ndéanfadh an Stát soláthar don Teachta ar a mbíonn an cúram trom agus an fhreagarthacht mhór a ghabhann leis an bpost so, ní féidir don Choiste mola cinnte do dhéanamh mar gheall ar na deacrachtaí atá sa scéal. Isé deacracht is mó ortha so ná modh do cheapa, do bheadh oiriúnach do sna cásanna deifriúla d’fhéadfadh eirighe, chun a chinne cé hé gur cheart a áireamh mar “Cheannurra an Fhreasabhra” i dTigh a toghtar do réir Ionadaíochta Cothromúla. Meastar go bhféadfadh an cheist seo fanúint go bhfuighfear níos mó taithí ar fhás ár saoil pháirlimintigh. Saoraidi Taistil.7. Isé tuairim an Choiste go bhfuil an modh atá ann go dtí so chun saoráidí taistil do sholáthar do Theachtaí agus do Sheanadóirí mí-shásúil ag féachaint air o thaobh na dTeachtaí agus na Seanadóirí agus maidir leis an gcostas a chuireann sé ar an Stát, agus measaid gur cheart don Stát dul i gconbharsáid leis na cuideachtana iompair i dtaobh lán-tsaoráidí taistil i ngach páirt den tSaorstát do sholáthar. Meastar go raghadh sé chun leasa don náisiún a chur in usacht do sna baill colas do chur ar staid is ar chor an tsaoil i ngach páirt den tSaorstát agus iad do sprioca chuige sin, i dtreo go dtaisbeánfaí go follus gur freagarthacht náisiúnta agus nách freagarthacht áitiúil amháin an fhreagarthacht atá ortha mar reachtairí. Bíodh go mbeadh costas a leithéidí sin de shaoráidí beagán níos aoirde ná an tsuim do vótáladh i gcóir saoráidí taistil le cúpla bliain anuas isé tuairim an Choiste gurbh fhiú an bhreis chostais é. Más rud é, ar réasún ar bith, ná beifear sásta leis an tairisgint seo molann an Coiste go ndéanfaí, ar a laighead, saoráidí do thabhairt do Theachtaí chun taisteal do dhéanamh, gan íoc as, ar chóracha iompair phuiblí in aon áit laistigh dá ndáilcheanntair. Saoraidi Puist.8. Do cuireadh in úil don Choiste an costas puist a bhíonn ar Theachtaí toisc iad do bheith ina dTeachtaí. Dubhradh go mbíonn an costas so cuibhseach mór ina lán cásanna agus do cuireadh tairisgint fé bhráid an Choiste go dtabharfaí roinnt clúdach frainceálta do gach Teachta gach mí le húsáid i gcó-fhreagarthas den tsórt so. Ní raibh an móráireamh den Choiste, ámh, i bhfabhar don tairisgint seo. (Sighnithe) PATRICK J. HOOPER, Cathaoirleach. 4adh Mí na Nodlag, 1929. |
||||||||||||