|
DÁIL EIREANN.ORDUITHE TAGARTHA.1° Márta, 1929.—Tairisgint: That it is expedient that a Joint Committee, consisting of five members of the Dáil and five members of the Seanad, be set up to consider and report on the question of the amount of the allowance which should be paid to members of Seanad Eireann (Deputy Tierney). Orduithe: An Díospóireacht do chur ar ath-ló anois (Seán O hAnnluain). Orduithe: An Díospóireacht d’aththógaint Dé Céadaoin seo chughainn. 10° Abrán, 1929.—Beartuithe: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste den Dáil agus den tSeanad do bhunú chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh ar mhéid an liúntais ba cheart a íoc le baill de Sheanad Eireann; Gur seachtar Teachtaí a bheidh ag an Dáil ar an gCó-Choiste sin (Mícheál O Tighearnaigh). Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh. 25° Abrán, 1929.—Teachtaireacht ón Seanad—Go bhfuil Seanad Eireann tar éis an Rún so leanas do rith:— That the Seanad is unable to agree that it is expedient that a Joint Committee of the Dáil and the Seanad be set up to consider and report on the question of the amount of the allowance which should be paid to members of Seanad Eireann, but is of opinion that the time is opportune for the reconsideration by a Joint Committee of both Houses, consisting of seven members of each House, of the general question of the remuneration of Ministers and the allowances payable to members of the Dáil and Seanad; and the concurrence of the Dáil is desired to the setting-up of such a Joint Committee. Beartuithe: Go n-aontuíonn an Dáil leis an Seanad gur ceart an cheist ghenerálta i dtaobh luach saothair Airí agus na liúntas is iníoctha le baill den Dáil agus den tSeanad do chur chun a hath-bhreithnithe chun Có-Choiste den dá Thigh, ar a mbeidh seachtar ball de gach Tigh mar ionaduithe ón Tigh sin (Liam Thrift). Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh. 16° Bealtaine, 1929—Teachtaí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Tomás O hAonghusa, Seán Lemass, Tomás O Conaill, Diarmuid O Mathghamhna, Pádraig Mac Gabhann, Liam Thrift agus Mícheál O Tighearnaigh. SEANAD EIREANN.ORDUITHE TAGARTHA.12° Abrán, 1929.—Teachtaireacht ón Dáil—Go bhfuil Dáil Eireann tar éis an Rún so leanas do rith:— Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste den Dáil agus den tSeanad do bhunú chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh ar mhéid an liúntais ba cheart a íoc le baill de Sheanad Eireann: Gur seachtar Teachtaí a bheidh ag an Dáil ar an gCó-Choiste sin. Orduithe: An Teachtaireacht do bhreithniú Dé Céadaoin, 24° Abrán. 24° Abrán, 1929.—Beartuithe: That the Seanad is unable to agree that it is expedient that a Joint Committee of the Dáil and the Seanad be set up to consider and report on the question of the amount of the allowance which should be paid to members of Seanad Eireann, but is of opinion that the time is opportune for the reconsideration by a Joint Committee of both Houses, consisting of seven members of each House, of the general question of the remuneration of Ministers and the allowances payable to members of the Dáil and Seanad; and the concurrence of the Dáil is desired to the setting up of such a Joint Committee (Senator Johnson). Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála dá réir sin. 25° Abrán, 1929.—Teachtaireacht ón Dáil—Go bhfuil Dáil Eireann tar éis an Rún so leanas do rith:—Go n-aontuíonn an Dáil leis an Seanad gur ceart an cheist ghenerálta i dtaobh luach saothair Airí agus na liúntas is iníoctha le baill den Dáil agus den tSeanad do chur chun a hath-bhreithnithe chun Có-Choiste den dá Thigh, ar a mbeidh seachtar ball de gach Tigh mar ionaduithe ón Tigh sin. 1° Bealtaine, 1929.—Orduithe: An cheist ghenerálta i dtaobh luach saothair Airí agus na liúntas is iníoctha le baill den Dáil agus den tSeanad do chur chun a hathbhreithnithe chun Có-Choiste den dá Thigh, ar a mbeidh seachtar ball de gach Tigh mar ionaduithe ón Tigh sin. Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála dá réir sin. 2° Bealtaine, 1929.—Seanadóirí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha, Pádraig Hooper, Tomás Mac Eoin, Mac Giolla Coda na gCruach, Seán O Maolruaidhe, Muiris O Mórdha agus Mícheál O hAnnluain. CLAR.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||