Committee Reports::Report No. 04 - Disorderly Conduct towards the Chair::02 May, 1929::Report

CEATHRU TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS-IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Iompar mí-ordúil leis an gCathaoir.

1. Tá an Coiste tar éis breithniú do dhéanamh ar an Ordú tagartha do dhin an Dáil, an 5adh Iúl, 1928, á ordú don Choiste ar Nós-imeachta agus Príbhléidí Buan-Ordú no Buan-Orduithe do réir na dtéarmaí tagartha do chur le chéile.


2. Toisc na slí ina bhfuil an scéal ó dineadh an tOrdú tá socair ag an gCoiste d’aon ghuth a mhola don Dáil an tOrdú do dhin an Dáil an 5adh Iúl, 1928 (Iompar mí-ordúil leis an gCathaoir) do chur ar ceal.


(Sighnithe)


MÍCHEÁL O hAODHA,


Cathaoirleach.


2adh Bealtaine, 1929.