Committee Reports::Report No. 04 - Disorderly Conduct towards the Chair::12 July, 1928::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 12adh Iúl, 1928.

Thursday, 12th July, 1928.

1. Do tháinig an Coiste le chéile ar 11.30 a.m. i Seomra a 106.


2. Bhí na baill seo leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (i gCeannas); Proinnsias O hAodhagáin, Gearóid O Beolláin, Seán O Broin, Brian Cúipéir, Risteárd Mac Fheorais, Eamon O Dúgáin, Peadar O Dubhghaill, Aodh O Floinn, Pádraig O Caoilte, Tadhg O Donnabháin agus Liam Thrift.


4. Iompar mi-orduil leis an gCathaoir.


Do bhreithnigh an Coiste an tOrdú do dhin an Dáil ar an 5adh Iúl, 1928, i dtaobh Buan-Ordú no Buan-Orduithe, ag deighleáil le hiompar míordúil leis an gCathaoir, do chur le chéile.


Tar éis díospóireachta do haontuíodh gan a thuille breithnithe do dhéanamh ar an scéal go dtí an chéad chruinniú den Choiste tar éis an tSosa.


6. Ath-la.


Do cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.35 p.m. go dtí 12 meadhon lae an chéad Dardaoin i Mí Dheire Fomhair ’na mbeidh an Dáil ’na suidhe.