Committee Reports::Report - Remuneration of Ministers and the Allowances to Members of Oireachtas, 1929::15 November, 1929::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHO-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé hAoine, 15adh Mí na Samhna, 1929.

Friday, 15th November, 1929.

1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Pádraig Hooper (i gCeannas); Tomás O hAonghusa, Seán Lemass, Diarmuid O Mathghamhna, Liam Thrift agus Mícheál O Tighearnaigh, Teachtaí; Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha, Tomás Mac Eoin, Muiris O Mórdha agus Mícheál O hAnnluain, Seanadóirí.


3. Luach Saothair Airi.


Do tháinig an tUachtarán i láthair ar n-a iarraidh don Chó-Choiste go dtabharfadh sé a thuairim dóibh i dtaobh dóthanacht an luach saothair atá ag Airí fé láthair.


D’ath-chrom an Có-Choiste ar bhreithniú na tairisginte (Mícheál O hAnnluain): “That the remuneration of Ministers remain as at present fixed” agus an leasuithe (Pádraig Hooper):


“To delete all the words after the word ‘That’ and substitute the words:—


“‘the salaries of Ministers should be reduced, but should not be subject to income-tax, and that ex-Ministers be entitled to pensions commensurate with the duration of their periods of office.”’


Leasú, fé chead, tairgthe siar.


Leasú tairgthe (Liam Thrift):


“To delete the word ‘remuneration’ and substitute the word ‘salary.”’


Ceist curtha; do dhin an Có-Choiste vótáil; Tá 7; Níl, 2.


Tá:—Tomás O hAonghusa, Diarmuid O Mathghamhna, Liam Thrift agus Mícheál O Tighearnaigh, Teachtaí; Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha, Pádraig Hooper agus Tomás Mac Eoin, Seanadóirí.


Níl:—Seán Lemass, Teachta agus Muiris O Mórdha, Seanadóir.


Do faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glaca leis an leasú.


Leasú tairgthe (Mícheál O Tighearnaigh):


“To delete all the words after the word ‘Ministers’ and substitute the words ‘be increased.”’


Ceist curtha; do dhin an Có-Choiste vótáil; Tá, 4; Níl, 6.


Tá:—Tomás O hAonghusa, Diarmuid O Mathghamhna agus Mícheál O Tighearnaígh, Teachtaí; Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha, Seanadóir.


Níl:—Seán Lemass agus Liam Thrift, Teachtaí; Pádraig Hooper, Tomás Mac Eoin, Muiris O Mórdha agus Mícheál O hAnnluain, Seanadóirí.


Do faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don leasú.


Leasú tairgthe (Seán Lemass):


“To delete all the words after the word ‘Ministers’ and substitute the words: ‘be reduced.”’


Ceist curtha; do dhin an Có-Choiste vótáil; Tá, 2; Níl, 7.


Tá:—Seán Lemass, Teachta; Muiris O Mórdha, Seanadóir.


Níl:—Tomás O hAonghusa, Diarmuid O Mathghamhna, Liam Thrift agus Mícheál O Tighearnaigh, Teachtaí; Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha, Pádraig Hooper agus Mícheál O hAnnluain, Seanadóirí.


Do faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don leasú.


Bun-Cheist, mar do leasuíodh, curtha; do dhin an Có-Choiste vótáil; Tá, 6; Níl, 4.


Tá:—Liam Thrift, Teachta; Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha, Pádraig Hooper, Tomás Mac Eoin, Muiris O Mórdha agus Mícheál O hAnnluain, Seanadóirí.


Níl:—Tomás O hAonghusa, Seán Lemass, Diarmuid O Mathghamhna agus Mícheál O Tighearnaigh, Teachtaí.


Do faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glaca leis an tairisgint.


Tairisgint déanta (Mícheál O Tighearnaigh):


“That the Joint Committee is in favour of the introduction of a scheme under which ex-Ministers should receive special allowances.”


Leasú tairgthe (Tomás Mac Eoin):


“At the end of the motion, to add the words: ‘so long as they remain members of the Oireachtas.”’


Ceist curtha; do dhin an Có-Choiste vótáil; Tá, 5; Níl, 5.


Tá:—Tomás O hAonghusa agus Seán Lemass, Teachtaí; Tomás Mac Eoin, Muiris O Mórdha agus Mícheál O hAnnluain, Seanadóirí.


Níl:—Diarmuid O Mathghamhna, Liam Thrift agus Mícheál O Tighearnaigh, Teachtaí; Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha agus Pádraig Hooper, Seanadóirí.


Do faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don leasú.


Do cuireadh díospóireacht na tairisginte ar ath-ló.


4. Do cuireadh an Có-Choiste ar ath-ló ar 1.30 p.m. go dtí 11 a.m. Dé hAoine seo chughainn.