Committee Reports::Report - Remuneration of Ministers and the Allowances to Members of Oireachtas, 1929::13 June, 1929::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHO-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Déardaoin, 13adh Meitheamh, 1929.

Thursday, 13th June, 1929.

1. Chruinnigh an Có-Choiste um meán lae.


2. I láthair: Pádraig Hooper (i gCeannas); Tomás O hAonghusa, Seán Lemass, Tomás O Conaill, Diarmuid O Mathghamhna, Pádraig Mac Gabhann agus Liam Thrift, Teachtaí; Eibhlín Bean Mhic Coisdealbha, Tomás Mac Eoin, Mac Giolla Coda na gCruach, Seán O Maolruaidhe, Muiris O Mórdha agus Mícheál O hAnnluain, Seanadóirí.


3. Do tháinig an Ceann Comhairle i láthair ar n-a iarraidh don Chó-Choiste go dtabharfadh sé a thuairim dóibh i dtaobh ce’ca ab fhéidir no nárbh fhéidir baint de liúntaisí Ball na Dála mar gheall ar iad do bheith as láthair.


4. Do cuireadh an Có-Choiste ar ath-ló ar 1.20 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chughainn.