Committee Reports::Report - Rules of the Circuit Court::26 June, 1928::Report

TUARASGABHAIL.

An Có-Choiste a ceapadh chun breithniú do dhéanamh agus chun tuarasgabháil do thabhairt ar na Rialacha Cúirte Cuarda, a dhin an tAire Dlí agus Cirt fé Alt 66 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, agus a tíolaiceadh do dhá Thigh an Oireachtais ar an 25° lá d’Abrán, 1928, is mian leo a thuairisciú mar leanas.


1. Níor dhin an Coiste breithniú mion ar na Rialacha so toisc, dar leo, go bhfuil ar an gcéad dul síos socrú na ceiste seo leanas ag baint leo, eadhon, an bhfuil na Rialacha so, ag breithniú ortha san iomlán, feiliúnach agus oiriúnach do sna Cúirteanna Cuarda nuair a cuimhnítear ar an údarás teoranta atá ag na Cúirteanna so, agus ar na cúrsaí ’na raibh sé beartuithe iad do bheith i mbaint leo, agus fós ar na leasanna go bhfuilid le fónamh dóibh. Ina mbrí agus ina n-éifeacht tugann na Rialacha so atá i gceist do sna Cúirteanna Cuarda cleachta agus nós-imeachta na hArd-Chúirte, agus chun na críche seo, lasmuich de bheagán eisceachtaí, bainid leis na nithe céanna le n-a mbaineann Rialacha na hArd-Chúirte, cé go bhfuil a lán atharuithe ionta maidir leis an mbéarlagar.


2. Do réir gach deabhramh, ceapadh na Rialacha féin tar éis breithniú cúramach a dhéanamh, ach theip ar an gCoiste éinní d’fháil ionta a thaisbeánfadh gur ceart iad do chur in ionad Rialacha na hArd-Chúirte atá ann fé láthair agus atá tar éis an teist do sheasamh le leith-chéad bliain. Má táthar chun éifeacht do thabhairt don chrích chun a bhfuilid beartuithe, b’fhearr agus ba shimplí chuige sin Rialacha so na hArd-Chúirte do ghlaca tar éis pé oiriúnuithe a dhéanamh ortha a dheabhródh bheith riachtanach sa chás. Ní féidir don Choiste, ámh, an cúrsa so do mhola, toisc go gcreidid gur cúrsa é a dhéanfadh mórán chun an príomh-chuspóir do chur ar ceal chun ar bunuíodh na Cúirteanna Cuarda so, sé sin le rá, cúirteanna do chur ar fáil ina bhféadfaí deighleáil le cásanna dlítheach ar bheagán maoine go saor, réidh, tapaidh, cois baile. Is fíor go bhfuiltear tar éis breath-údarás do bhronna ar na Cúirteanna so atá, agus an t-atharú atá tagaithe ar airgead-luach d’áireamh, níos leithne ná an breath-údarás a bhí roimhe sin ag na Cúirteanna Billí Síbhialta gur ina n-áit a thángadar, ach ní fheiceann an Coiste gur leor-chúis an méid seo amháin leis an mór-atharú nách foláir a theacht as cleachta agus nós-imeachta na hArd-Chúirte do chur ar siúl go hobann sna Cúirteanna so. Is léir ó mhion-scrúdú cúramach do dhéanamh ar na Rialacha atá beartuithe go méadóid go mór an costas, an trioblóid agus an mhoill a bhaineann le cúrsaí dlí.


3. Cuirid in úsáid sna cúirteanna íochtaracha áitiúla so den chéad uair an modh a bhaineann le pléideálacha, nochta scríbhinní, mion-innste, admhálacha, etc., modh casta as a bhféadfaí a theacht mar thora go mbeifí ag déanamh iarratas do shíor chun na Cúirte de shaghas eadarlabharthach ar gach céim de sna himeachta a thosach go deire gach aicsin dá shuaraí é agus a chuirfeadh ar chumas cosantóra a bheadh tugtha don dlí agus a bheadh ina theanta san neamh-fhiach-acfuinneach gan aon tsásamh do thabhairt dá ghearánaí go dtí go mbeadh mórán aimsire caithte le dlí ciapathach go mbeadh i ndeire na dála a chostaisí go léir le n-íoc ag an ngearánaí. Mar shompla, dinimíd tagairt do sna Rialacha a dheighleálann leis na “Páirtithe” in aon aicsean. Tá dhá cheann déag is fiche aca ann cé gur leor ceann is fiche i gcóir na hArd-Chúirte agus fós gur leor naoi gcinn fé sna Rialacha Cúirte Contae de 1877 atá ann go dtí so. Níl aon teora le breath-údarás na hArd-Chúirte agus gabhann leis, go speisialta i gcásanna tráchtála agus probháide agus fós in aicsin i dtaobh leonta pearsanta, iniúcha a dhéanamh ar éilithe ina mbíonn na céadta punt i gceist, agus chuige sin is minic a bhíonn an nós-imeachta casta so úsáideach, no riachtanach b’fhéidir. Ina theanta san Cúirt chomhnaitheach isea í go bhfuil a hionad suidhe i mBaile Atha Cliath agus suidheanna laethiúla aici ’na mbíonn breithiúin agus oifigigh ar fáil ina gcóir. Ar an taobh eile, téigheann an Chúirt Chuarda ó áit go háit agus sa chuid is mó de sna cásanna tá mórán contae fé n-a cúram i dtreo gurab éigean Breitheamh bheith as láthair ar feadh tréimhsí fada ó aon chontae áirithe. Tá sé ana-dheacair a dhéanamh amach conus is féidir do, agus an scéal ar an gcuma san, bheith ar fáil chun na hiol-iarrataisí d’éisteacht d’fhéadfadh éirghe fén nós-imeachta nua so i ngach céim den dlí-imeacht, dá shuarai iad ina bhfuirm no maidir leis an suim i gceist, iarrataisí nách foláir do deighleáil le n-a bhfurmhór laistigh de thréimhse áirithe theoranta. Más rud é go mbeidh na hiarrataisí seo le héisteacht sa chontae inar tosnuíodh an dlí-imeacht beidh sé riachtanach don bhreitheamh éirghe as a chuid oibre i gcontae eile, agus má éisteann sé iad sa chontae ina dtárluíonn do bheith de thurus na huaire cuirfidh san isteach ar a chuid oibre sa chontae sin agus go minic beidh sé ar na hatúrnaethe a bheidh ag obair do sna páirtithe go bhfuil leas aca sna hiarrataisí turasanna fada do thaisteal agus san fé dhuadh mhór dhóibh féin as a dtiocfidh breis costais agus moille dá gcliaintí.


4. Tá an Coiste sásta, má haontuítear leis na Rialacha so, go gcuirfid an oiread san cúramaí breise ar an mBreitheamh, ar an gClárathóir Contae agus ar fhuirinn na n-oifigeach go gcaithfear a bhfad níos mó dhíobh a bheith ann agus fós is beag ná go gcosefidh an chastacht, an costas agus an mhoill bhreise ar dhaoine bochta feidhm do bhaint as an dlí sa Chúirt seo. B’fhéidir go n-éireodh cásanna, fén mbreath-údarás leathnuithe atá fé láthair ag na Cúirteanna Cuarda, sna hioaid tráchtála i gContaethe Bhaile Atha Cliath agus Chorcaighe, cásanna a bheadh chó táchtach no chó casta is go mbeadh sé ceart an nósimeachta nua do chur ar siúl maidir leo, ach is tearc cás aca san a éireodh agus i gcontaethe talmhaíochta an Iarthair agus an Deiscirt eisceacht a bheadh i gcásanna den tsaghas san, agus, mar gheall ar sin, ní dhéanfadh an corr-bhuntáiste seo cúiteamh sa chostas, sa cheataí, agus sa mhoill a thiocfadh d’fhurmhór mór na ndlítheach. Ina theanta san ní mór cuimhneamh air go bhfuil cód Rialacha ar bith agus ar fáil i gcóir na gCúirteanna Cuarda, agus gur leis an gcód san a rialáladh cleachta agus nós-imeachta na gCúirteanna Contae o 1877 i leith. Tá timpal dhá chéad díobh ann agus is féidir do dhlíthigh no do dhlighdeoirí iad d’úsáid gan an costas ná an mhoill a ghabhann le roimhiarratas chun na Cúirte. I rith na tréimhse atá luaidhte fuarthas gur leor agus gur dhóthanach iad, gan mórán atharuithe do dhéanamh ortha ná breise do chur leo, i gcóir crícheanna uile na gCúirteanna Contae, agus níor dhin na dlíthigh, na dlighdeoirí, na Breithiúin Chúirte Contae ná na Breithiúin Ard-Shiosóin aon éileamh riamh ar an nós-imeachta breise atá le fáil sna Rialacha nua so. Is ag na Cúirteanna Contae seo amháin a bhí breathúdarás i ngach cás sna Workmen’s Compensation Acts agus ní hamháin gurbh éigean go minic damáiste chó hárd leis na céadta punt do mhola sna cásanna so ach gurbh éigean, leis, breith do thabhairt ar dhátáin achrannacha agus ar dhlí chasta; ach anso arís ní tháinig aon iarratas ó sna fir oibre ná ó sna fostathóirí ag lorg nós-imeachta casta den tsaghas atá ar fáil sna Rialacha so.


5. Is é ár dtuairim, ar an abhar san, gur leor na Rialacha so chun crícheanna uile na gCúirteanna Cuarda ach pé atharuithe is gá do dhéanamh ortha chun iad do dhéanamh oiriúnach don bhreath-údarás nua, cuir i gcás, an chomhacht chun fiacha do gharniseáil, agus ina theanta san méadú réasúnta do dhéanamh ar líon na gcás inar gá do chosantóir, fé sna Rialacha Cúirte Contae atá ann fé láthair, fógra do thabhairt i dtaobh cosaintí speisialta áirithe. Maidir leis seo is aisteach an rud é gurb í an t-aon tsrian amháin atá ar úsáid na Rialacha nua so ná an tsrian atá le fáil i gcás pléideálacha in éilithe ar dhamáiste ná téigheann thar £50, agus go bhfuil an chuid eile ar fad den nós-imeachta agus den chleachta nua so le cur i mbaint in iomlán is cuma cadí an cheist no cadé an méid airgid atá i gceist. Ní thaithneann an tsrian áirithe seo leis an gCoiste mar d’fhéadfadh aicsean ina n-éileofí damáiste den tsórt san no níos lú ná san bheith agus is minic a bhíonn sé níos casta maidir le dátáin agus le dlí ná aicsean den tsórt chéanna mar gheall ar shuim níos mó go mór ná san, agus más gá eadardhealú éigin den tsaghas san do dhéanamh, agus is léir gurb é brí agus intinn na Rialacha gur gá, ba cheart, dar linne, é do bheith do réir nádúra agus cineáil cúise an aicsin féin in ionad a bheith do réir mhéid an éilimh.


6. Ní foláir tuille breithnithe agus ath-scrúduithe do dhéanamh ar conus a sheasuíonn an Clárathóir Contae fé sna Rialacha nua so. Toisc na Cúirteanna Cuarda bheith ag gabháil ó áit go háit ní foláir do go minic bheith as láthair agus achar maith ó n-a phríomh-oifig, agus i rith na dtréimhsí seo, agus fós nuair a bhíonn sé as láthair ar shaoire no de dheascaibh breoiteachta, ní foláir a iol-dualgaisí do chur i gcúram duine éigin eile. Ar na dualgaisí seo tá cúram agus roinnt suimeanna móra airgid a bhaineann le riara estát daoine ná maireann agus mion-aoiseach agus fós le híoc éileamh in imeachta i dtaobh iontaobhas, gnóbhrise, pairtnéireacht agus cuideachtana agus, má cuimhnítear ar an gcomhacht gan teorainn gan srian atá aige chun gach ceann no aon cheann dá dhualgaisí. ach amháin iad súd is gá dho fé Riail 170 a chólíona é féin, do leigint ní hamháin chun fear ionaid cháilithe ach d’éinne is rogha leis, is léir gur gá socrú cúramach do dhéanamh chun a chur in áirithe go mbeadh gach duine den tsórt san lán-cháilithe agus fós go dtabharfadh sé leor-urrús uaidh. Orduítear i Riail 170 triocha mír-cheann difriúil fé n-a dtugtar don Chlárathóir Contae breath-údarás nách féidir do, do réir téarmaí na Rialach, a fheidhmiú ach amháin i bpearsain. Deabhruíonn an scéal go mbíonn breath-údarás aige le linn do gníomhú i gcuid de sna rudaí seo, ach, lasmuich de sin, maidir leis an deacracht a taisbeánadh cheana féin i gcás an Bhreithimh Chuarda ag déighleáil do le hiarrataisí ó Chontae amháin faid a bhíonn sé ina shuidhe i gContae eile, do dheabhródh sé go mbaineann an deacracht chéanna san leis an gClárathóir Contae go speisialta sna nithe go gcaitheann sé déighleáil leo i bpearsain. Ar an taobh eile más rud e go bhfuil an Riail seo nea-dhleathach— agus creidimíd gur léir go bhfuil—maidir le mórán de sna rudaí go dtugtar fé bhreath-údarás do bhronna air ina dtaobh, caithfear na dualgaisí a forchuirtar air léi sin, dualgaisí le n-a ngabhann iarrataisí fé n-a lán mír-cheann difriúil, do chólíona ag an mBreitheamh Chuarda agus ní foláir no go méadóidh san a chuid oibre go mór.


7. Inár dtuairim-ne ba cheart Rialacha 71 go 73, go huile, a dhéighleálann le himeachta dlí a bhunóidh daoine bochta agus a bunófar ina gcoinnibh, do leasú tríd an mhaoin-theora d’árdú ó £10 go £25, agus fós tríd an clás ana-mhíthaithneamhach do scriosa amach a chuirfeadh ar chumas an abhcóide agus an atúrnae don duine bhocht táillí agus costaisí d’fháil in aon chás inar moladh iad don chliaint i gcoinnibh a fhreasabhraigh. Tugann an clás so isteach den chéad uair i gcúrsaí dlighdeoireachta sa tír seo an prinsiobal ’na dtugtar íocaíocht de bharr thora, saighde díreach chun dul chun dlí ar sheans buachtana. Ní féidir aon chúis bheith le n-a thabhairt isteach ach gur tuigeadh é do bheith mar mhaithe leis na dlighdeoirí, ach dar linne céim síos isea é dhóibh idir abhcóidí agus atúrnaethe, agus ní hiongna linn a chlos gur thug Comhairle an Bharra i Saorstát Eireann druim láimhe glan leis. Is follus leis go bhfuil an clás éagcóireach chó fada agus bhaineann sé le freasabhrach an duine bhoict sa chúis dlí, óir nách féidir do, in aon chás ina n-éiríonn leis pe’ca mar ghearánaí no mar chosantóir é, oiread agus feoirling dá chostaisí d’fháil ón duine bhocht, ach dá gcaillfeadh sé bheadh sé freagarthach, fén gclás so, don duine bhocht i dtáillí agus i gcostaisí nár chuaidh an fear deireannach san fé aon fhreagarthacht mar gheall ortha.


8. I mórán cásanna tá comhacht gan teorainn chun gabhála á bhronna ag na Rialacha so ar an gCúirt Chuarda i gcoinnibh daoine agus páirtithe ná fuil ina saoránaigh de Shaorstát Eireann ná ná comhnuíonn laistigh de, agus is deacair a fheicsint conus d’fhéadfaí aon orduithe den tsórt san, dá mbeidís dleathach féin, do chur i bhfeidhm. Tá Rialacha eile ann nár dheacair locht d’fháil ortha, ach do staonamair ón locht san do nochta toise sinn do bheith ag cur i gcoinnibh na Rialacha go huile i bprinsiobal.


9. Táthar tar éis an deacracht so do chur in úil dúinn. eadhon, má diúltuítear do sna Rialacha so ná beidh aon sceideal costaisí ann a fholóidh nós-imeachta uile na Cúirte Cuarda. Ní féidir dúinn, ámh, a mhola go n-aontófaí leis an Sceideal a ghabhann leis na Rialacha, toise mórán de sna hítimí a bheith ag baint leis an nós-imeachta nua, ach molaimíd go bhféadfaí teacht ar an scéal go fóill dá ndintí glaca i gcoitinne leis an gcleachta atá ann anois agus is tuigthe dhúinn a bheith i bhfeidhm sa chuid is mó de sna Cúirteanna Cuarda, cleachta tré n-a n-úsáidtear scála na Cúirte Contae agus, nuair nách féidir an scála so d’úsáid no nuair is gá é d’athbhreithniú, tré n-a n-úsáidtear scála na hArd-Chúirte tar éis laigheadú de phercentáiste maith do dhéanamh air. Má faghtar gur gá reachtúchán chun déanamh do réir an mholta so, molaimíd go rithfí Acht gearr strus-ócáide a thabharfidh éifeacht dlí don chleachta dá dtagartar.


10. Ina theanta san uile do chuir an tAire Dlí agus Cirt in úil don Choiste go bhfuil na Rialacha nua riachtanach, nuair a cuimhnítear ar an nós-imeachta atharuithe a fhágann nach “athéisteacht” sa chéill theicniciúil a thuille an t-athchomhare ón gCúirt Chuarda go dtí an Ard-Chúirt ach go n-éistear é agus go dtugtar breith air ar an bhfínnéacht a tugadh sa Chúirt íochtaráí, go bhfuilid riachtanach chun gach a mbaineann leis an gcás idir dhátáin agus scríbhinní do nochta i dtreo go mbeidís ar breaca i gcóir na Cúirte le linn an athchomhaire. Cé go bhfuil an Coiste sásta, maidir le furmhór na gcás a trialtar sna Cúirteanna Cuarda, go ndéanfadh an nós-imeachta agus an cleachta atá ann fé láthair, dá gcuirtí leo sna slite a luadhadh cheana, gach caoi réasúnta do thabhairt chun an cás do chur chó hiomlán agus is féidir é ós cóir na Cúirte Cuarda, táid tar éis breithniú cúramach do dhéanamh ar an argóint seo adeir gur ceart, toise an t-atharú atá déanta sa mhodh “athchomhairc,” na Rialacha so no Rialacha eile dá sórt do thabhairt isteach. Níorbh’ fhéidir don Choiste deighleáil leis an argóint seo ach amháin mar chuid de cheist níos generálta, eadhon, an costas, an mhór-bhruid agus an mhoill a bhaineann, cheana féin, ní hamháin le hobair na gCúirteanna Cuarda ach fós le héisteacht athcomhare, fé mar is deimhin dúinn ón lear mór aithrisí cúise a tháinig o dhreamanna deifriúla go bhfuil leas aca sa scéal. Ní féidir dar linne aon locht d’fháil, ar an scór so, ar na bínsí ná ar a gcuid oifigeach mar gheall ar an iomarca oibre ar fad do bheith le déanamh ag an mbeagán aca atá ann chuige sin. staid nách féidir a fheabhsú ach a raghaidh in olcas má tugtar isteach agus má cuirtear in úsáid nós-imeachta nua casta. An modh atá ann fé láthair tré n-a gcaithtear nóta iomlán i luath-scríbhinn den bhfínnéacht uile a tugtar i ngach cás do thógaint so Chúirt Chuarda agus fós an fhínnéacht san do chur ar fail i láimh-scríbhinn don Ard-Chúirt ar éisteacht athcomhare di, tá deacrachtaí agus constaicí tar éis fás suas timpal air ná raibh aon tsúil ná aon choinne leo in aon áit. Tá an modh san tar éis faidiú mór do dhéanamh ar na himeachta sa Chúirt Chuarda, toise gur mian leis an dlítheach, ní nách iongna, na dátáin uile a bhaineann leis an éileamh no leis an gcosaint atá á dhéanamh aige do ochta tré fhínnéacht, ar eagla go mb’fhéidir go ndéanfadh sé féin ná a fhreasabhrach athchomhare. Mar atá an scéal, ámh, creidimíd, maidir le seachtó per cent. ar a laighead de sna cásanna a héistear, ná dintar aon athchomhare agus, dá bhrí sin, is costas agus saothar gan tairbhe an nóta i luath-scríbhinn do thógaint. Nuair a dintar athchomhaire agus a cuirtear chun cinn iad chó fada leis an éisteacht cuirtear lear mór fínnéachta, ina mbíonn go minic na mílte ceist agus freagra, os cóir na hArd-Chúirte agus b’fhéidir go dtógfadh sé lá iomlán no níos mó ar Abhcóide d’aon cheann de sna páirtithe no don dá pháirtí an fhínnéacht san do léigheamh. Na baill den Choiste go bhfuil taithí aca sa ní seo, chuireadar in úil dá gcó-bhaill ná deighleáltar ach le tuairim is trí cinn de sna hathcomhaire seo sa ló fén nós-imeachta atá ann anois bíodh go n-áirítear ortha so na cinn a socruítear no a tarraingtear siar. Ní foláir, ar an abhar san, no gur léir go dtiocfidh mar thora as tabhairt isteach na Rialacha so um nós-imeachta agus cleachta go raghaidh méadú mór ar an méid fínnéachta a tabharfar le linn éisteachta an cháis agus dá dheascaibh sin nách foláir no go méadófar go mór an t-am a thógfidh éisteacht an cháis agus fós an t-athchomhare. Is follus leis ó thaithí gur ar cheist dlí, ná bíonn aon bhaint in aon chor ag furmhór na fínnéachta léi, a bhíonn an bhreith de bharr athchomhaire ag brath i ndeire báire i mór-chuid de sna cásanna.


11. Bhí an Coiste, ar an abhar san, aghaidh ar aghaidh le faidhb nárbh’ fhéidir a réiteach ach tré cheann éigin den dá ní seo do dhéanamh, eadhon, aontú leis na Rialacha atá beartuithe no atharuithe ar bhreath-údarás na gCúirteanna Cuarda do dhéanamh maraon le hatharú ar an modh chun athchomhairc d’éisteacht. Ní féidir dúinn a mhola go nglacfaí leis an gcéad ní aca so mar gheall ar na réasúin a tugadh cheana féin agus fós toisc go gcreidimíd go diongmhálta go dtiocfadh as san, sa mhéid breithiún breise ba ghá a cheapa idir Bhreithiúin Chuarda agus Bhreithiúin Ard-Chúirte, mór-chaitheamh ama agus airgid a bheadh as cothrom ar fad le haon tairbhe a thiocfadh as. Ar an taobh eile is léir don Choiste ón taithí a fuarthas le trí bliana anuas go bhfuil leathnú an bhreath-údaráis a bhí cheana ag na Cúirteanna Contae, in aicsin ar chonnartha no i gcóir damáistí, ó mhaximum £50 go £300 ró-mhór ar fad. £50 ba theora don bhreath-údaráis i Sasana go dtí 1903, nuair a hárduíodh an teora go £100, agus d’fhan sí ag an bpuinte sin ó shoin. Cé go bhfuil an Coiste ar aon aigne gur cóir laigheadú do dhéanamh ní maith leo aon tsuim áirithe do mhola, ach isé a dtuairim nár cheart an tsuim sin do bheith os cionn £150 agus san do bheith fé réir aon tsocruithe speisialta a ceapfaí ba ghá i gcóir na gCúirteanna Cuarda i mBaile Atha Cliath agus i gCorcaigh. Molaimíd fós gur cheart breath-údarás na gCúirteanna Dúithche d’árdú go £30 i gcásanna den tsaghas chéanna.


12. Fágann san ceist na n-athchomhare le breithniú fós, ceist ná fuil dar linne ach dhá shlí ann chun í do réiteach lasmuich den tslí atá i bhfeidhm fé láthair, eadhon, glaca leis an modh atá i bhfeidhm i Sasana agus tré n-a ndintar athchomhaire i dtaobh ceisteanna dlí amháin do lomháil, no dul thar n-ais go dtí an seanamhodh chun ath-éisteacht áitiúil do dhéanamh, tré bhreithiúin den Ard-Chúirt ar cuaird do dhéanamh na hath-éisteachta san in ionaid chaothúla nách gá ceann díobh do bheith i ngach contae. Is léir go bhfuil mórán buntáistí ag gabháil leis an gcéad modh dhíobh so. Ní gá ina chóir na dátáin d’ath-éisteacht mar dineann an Breitheamh Cúirte Contae nóta den bhfínnéacht a bhaineann leis an gceist dlí do chur chun na Cúirte a éisteann an t-athchomhare, i dtreo nách gá an costas agus an mhoill a gabhann le tógaint nótaí i luath-scríbhinn. Faid agus théigheann prinsiobal is féidir a rá le réasún gur cheart oiread urraime do thabhairt do thuairim an Bhreithimh Chuarda ar cheisteanna dátán agus a tabharfaí do thuairim Bhreithimh den Ard-Chúirt; go deimhin, d’fhéadfaí a rá gur i dtuairim an Bhreithimh Chuarda is ceart an tsuim is mó do chur maidir leis na ceisteanna san toisc eolas áitiúil do bheith aige. Rud eile, dineann a leithéid de mhodh líon na n-athchomhare agus fós an t-am a tógtar le n-a n-éisteacht do laigheadú go mór agus, maidir le n-a éifeacht, tá sé andeabhrathach leis an modh atá againn fé n-ar gnáth an bhreith do bheith ag brath ar cheist dlí mar adubhradh cheana. Ar an taobh eile cuireann an Coiste suim sa ní seo is eol dóibh féin, eadhon, gur maith le furmhór na ndlítheach, fén tuaith ar aon chuma, an dara seans do bheith aca agus go bhfuil urraim aca le fada d’ath-éisteacht áitiúil ag Breithiúin na h-Ard-Chuirte. San aimsir atá caithte d’fhás lochtaí sa mhodh so, lochtaí nár bhain leis an módh féin ach leis an slí ina ndintí é do riara agus is féidir, dá bhrí sin, a leigheas, agus san am chéanna, ar nós an mhodha atá i bhfeidhm i Sasana, do chuirfeadh sé deire leis an gcostas agus leis an moill a gabhann le nótaí luath-scríbhinne do thógaint agus fós dhéanfadh sé laigheadú mór ar na dualgaisí atá ar Bhreithiúin den Chúirt Chuarda agus den Ard-Chúirt le cólíona óir do chuirfeadh sé ar a gcumas deighleáil níos tapúla leis na cásanna. Ag tógaint gach ní le chéile creidimíd, dá nglactaí leis na nithe atá molta againn i dtaobh breath-údaráis, i dtaobh oiriúnú do dhéanamh ar na seana-Rialacha sna háiteanna inar gá san agus i dtaobh dul thar n-ais go dtí an seana-mhodh athéisteachta, gurbh’ fhéidir an fhadhb atá ann do réiteach chó fada agus théigheann na puintí táchtacha, gan aon bhreis mhór do chur leis na fóirne atá fé láthair san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Chuarda, agus ina theanta san go dtiocfadh laigheadú mór ar an gcostas agus ar an moill a ghabhann leis an modh atá ann fé láthair.


13. B’fhollus don Choiste i dtosach a gcuid oibre go gcaithfidís, pé léiriú réasúnta a déanfaí ar na téarmaí tagartha leathana nea-chruinne a tugadh dóibh, breithniú do dhéanamh, agus tuarasgabháil do thabhairt, ar cad is dóichí a thiocfadh as na Rialacha so mar chabhair le heconomíocht, le simplíocht, agus le tapúlacht i riara modha nua na Cúirte Cuarda no mar bhac ar na nithe sin. Ag socrú na ceiste seo níorbh’ fhéidir dóibh, tar éis na taithí atá fachta as oibriú an mhodha, gan ath-bhreithniú do dhéanamh air agus, toise iad a bheith sásta go ndéanfaí na deacrachtaí agus na lochtaí a bhí tar éis fás cheana in oibriú an mhodha do mhéadú go mór tré ghlaca leis na Rialacha so, bhíodar ar aon aigne go bhféadfaí, le réasún, an tuarasgabháil do lochtú, chó fada agus théigheann an ní seo, mar thuarasgabháil neamh-iomlán, neachríochnuithe dá mba rud é ná beadh molta inti uatha chun an cheist do réiteach ar shlí eile.


14. Do thoiligh agus d’aontuigh baill uile an Choiste leis an dTuarasgabháil so ach amháin gur go dtí £200 a mholann Pádraig Ruithléis, Teachta, an breath-údarás do laigheadú.


(Sighnithe)


GLENAVY,


Cathaoirleach.


26° Meitheamh, 1928.