Committee Reports::Report - Rules of the Circuit Court::26 June, 1928::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

ORDERS OF REFERENCE.

SEANAD EIREANN.

Bealtaine, 1928.—Beartuithe: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad do cheapa chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh ar na “Rialacha Cúirte Cuarda” a dhin an tAire Dlí agus Cirt fé Alt 66 den Act Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), Rialacha do tíolacadh do gach Tigh den Oireachtas ar an 25° lá d’Abrán, 1928 (Pádraig O Bráda).


Orduithe: Go gcuirtar Teachtaireacht chun na Dála chun an Rún so do chur in úil dóibh agus chun a n-aontú do lorg.


16° Bealtaine, 1928.—Teachtaireacht ón Dáil go n-aontuíonn an Dáil leis an Seanad san Rún roimhráite.


Orduithe: Go ndéantar Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad do cheapa chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh ar na “Rialacha Cúirte Cuarda” a dhin an tAire Dlí agus Cirt fé Alt 66 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), Rialacha do tíolacadh do gach Tigh den Oireachtas ar an 25° lá d’Abrán, 1928 (Pádraig O Bráda).


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála á chur san in úil dóibh.


Orduithe: Go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta cúigear Seanadóirí chun fónamh ar an gCó-Choiste.


23° Bealtaine, 1928.—Seanadóirí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—


Pádraig O Bráda, Séamas Dubhdal, Tomás O Fearáin, an Tiarna Lann-Abhaidh agus Brian O Ruairc.


DÁIL EIREANN.

Bealtaine, 1928.—Teachtaireacht ón Seanad:—Tá Seanad Eireann tar éis an Rún so leanas do rith, le n-ar mian leo aontú Dháil Eireann d’fháil:—Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad do cheapa chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh ar na “Rialacha Cúirte Cuarda” a dhin an tAire Dlí agus Cirt fé Alt 66 den Acht Cúirteanna Breithniúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), Rialacha do tíolacadh do gach Tigh den Oireachtas ar an 25° lá d’Abrán, 1928.


Beartuithe: Go n-aontuíonn an Dáil leis an Seanad san Rún roimhráite a cuireadh in úil don Dáil an 2° lá Bealtaine (Aire Dlí agus Cirt).


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


17° Bealtaine, 1928.—Teachtaireacht ón Seanad:—Tá Seanad Eireann tar éis an tOrdú so leanas do dhéanamh:—Go ndintar Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad do cheapa chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh ar na “Rialacha Cúirte Cuarda” a dhin an tAire Dlí agus Cirt fé Alt 66 den Acht Cúirteanna Breithniúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), Rialacha do tíolacadh do gach Tigh den Oireachtas ar an 25° lá d’Abrán, 1928.


Orduithe: Go ndintar Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad do cheapa chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh ar na “Rialacha Cúirte Cuarda.” a dhin an tAire Dlí agus Cirt fé Alt 66 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), Rialacha do tíolacadh do gach Tigh den Oireachtas ar an 25° lá d’Abrán, 1928 (Aire Dlí agus Cirt).


Orduithe: Go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta cúigear Teachtaí chun fónamh ar an gCó-Choiste sin (Aire Dlí agus Cirt).


18° Bealtaine, 1928.—Teachtaí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Séamus Beckett, Liam Mac Réamoinn, Uinsionn Ríseach, Pádraig Ruithléis agus Geaspar de Bhulbh.


CLAR.


 

leathanach

1.

Orduithe Tagartha

...

ii

2.

Tuarasgabháil

...

...

iv

3.

Imeachta an Chó-Choiste

...

xx