|
DARA TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS-IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.Oifig an Leas-Chinn Chomhairle.1. Mar fheidhmiú ar mhola do dhin an Ceann Comhairle sa Dáil Dé hAoine, 9adh Márta, 1928, tar éis eirghe as a oifig don Leas-Cheann Chomhairle ar an 8adh Márta, do cuireadh síos ceist Oifig an Leas-Chinn Chomhairle chun a breithnithe ag an gCoiste ar Nós-imeachta agus Príbhléidí ag á gcruinnithe an 16adh, an 21adh, an 28adh Márta agus an 19adh Abrán. 2. Do bhí os cóir an Choiste memorandum do chuir an Ceann Comhairle fé n-a mbráid ar iarratas uatha, agus a thuairimí ann ar na dualgaisí ba chóir a bheith ar Leas-Cheann Chomhairle, agus ar conus na dualgaisí sin agus cúramaí sealbhóir na hoifige mar Theachta do thabhairt dá chéile. 3. Aontuíonn an Coiste gurb iad so a leanas dualgaisí na hOifige:— (1) Isé feidhm atá ag an Leas-Cheann Comhairle ná bheith ina fhear ionaid don Cheann Chomhairle go generálta. Nuair a bhíonn an Ceann Comhairle as láthair ar feadh tréimhse glacann sé chuige dualgaisí agus comhachta an Chinn Chomhairle—ar a n-áirítear ceannas riaracháin na hoifige. Cuid dá dhualgaisí, dá bhrí sin, é féin do leor-ullamhú i gcóir a leithéid sin de theagmhas. Beidh air eolas iomlán do chur ar na Buan-Orduithe agus stuidéar do dhéanamh ar na rialuithe do tugadh ón gCathaoir agus ar nós-imeachta páirliminte i gcoitinne i dtreo go mbeidh cúl feasa agus faisnéise aige. Le linn Sosa ní mór do leis cuid dá aimsir do thabhairt don obair i dtreo go mbeidh eolas aige ar chó-ghléasa oifige agus ar a mbíonn á dhéanamh sna hoifigí. (2) Is féidir dhá roinn do dhéanamh de sna dualgaisí (a) dualgaisí a bhaineann leis an ní ar a dtugtar “gnó puiblí” (b) dualgaisí a bhaineann le reachtúchán Billí Príobháideacha. Is féidir fo-ranna do dhéanamh den dá roinn seo, eadhon (c) obair oifige agus (d) obair sa Tigh féin—fo-ranna iad san de gach ceann de sna príomh-ranna. (a)Isiad dualgaisí a bhaineann le gnó puiblí ná scrúdú do dhéanamh ar théacs gach tairisginte, leasú, Bille, agus leasú ar Bhille, a beifear ar aigne a chur fé bhráid an Tighe chun a mbreithnithe, agus san i dtreo go dtuigfar go soiléir gach a mbaineann leo agus go bhféachfar chuige go bhfuilid do réir a n-éilítear le Buan-Orduithe agus le gnás na Dála. Chun an obair seo do dhéanamh go sásúil ní mór don Leas-Cheann Chomhairle bheith san oifig an lá sara suidhfidh an Dáil (tar éis cur-ar-athló ar feadh deire seachtaine no go ceann tréimhse is sia ná san) agus ar mhaidineacha na laethanta a shuidhfidh an Dáil chun roimh-ullamhú do dhéanamh agus i dtreo go mbeidh sé i láthair chun dul i gcomhairle leis an gCeann Comhairle no leis an gCléireach. (b)Ag cólíona na ndualgaisí a bhaineann le reachtúchán Billí Príobháideacha dho bíonn de chúram ar an Leas-Cheann Comhairle féachaint i ndiaidh an reachtúcháin sin sa Dáil. Tairgeann sé gach céim fé leith de chéimeanna na mBillí sin agus bítear ag brath air, nuair a bhíonn sé ag cur na mBillí sin fé bhráid an Tighe, go bhfuil eolas maith aige ar a mbíonn i ngach ceann fé leith acu agus go bhfuil sé ullamh chun an Tigh do staona o Bhille Príobháideach ina bhfuil ailt do dhéanfadh dochar do leas na ndaoine i gcoitinne do rith tré dhearmhad. Bítear ag brath air, leis, bheith páirteach san obair a bhaineann leis an nós-imeachta ana-theicniciúil, nách foláir a bheith ag gabháil le Billí Príobháideacha, do chuma do réir riachtanaisí na tíre—obair gur cuid di ath-scrúdú agus atharú do dhéanamh ar Bhuan-Orduithe fé mar agus nuair a chífar, de bharr taithí, gá do bheith leis. (3) Do ghnáth ní mór don Leas-Cheann Chomhairle bheith i láthair ar feadh na tréimhse iomláine a bhíonn an Dáil ina suidhe. 4. Isé barúil an Choiste bíodh is go bhfanann a chearta Teachta go hiomlán ag sealbhóir oifig an Leas-Chinn Chomhairle go bhfuil sa scéal féin nithe áirithe a fhágann nách maith an rud é go ndéanfadh an Leas-Cheann Comhairle gach aon cheann de sna cearta san do lán-fheidhmiú. 5. Aontuíonn an Coiste leis an tuairim gur cheart an Leas-Cheann Comhairle do bheith i dteideal vótála ach, mar gheall ar na deacrachtaí praiticiúla atá ann de bharr an choinníll atá in Airtiogal 22 den Bhunreacht, maidir le ball i gceannas do bhaint feidhme as vóta réitigh, agus mar gheall air nách foláir an Ceann Comhairle do bheith as láthair uaireanta, ní féidir leis an gCoiste aontú leis an tuairim nách foláir teideal do bheith ag an Leas-Cheann Comhairle bun-vóta do thabhairt ar gach ceist a cuirfar ón gCathaoir agus ’na n-éileófar vótáil ina taobh. 6. Isé barúil an Choiste, leis, nár cheart don Leas-Cheann Chomhairle mar ghnás, tairisgintí ná leasuithe ar thairisgintí do thionscnamh, ná leasuithe ar Bhillí do thairisgint. Ag teacht ar an gcomhairle sin don Choiste do chuaidh ina luighe ortha, imease nithe eile, dá gceaduítí don Leas-Cheann Chomhairle díospóireachtaí do thosnú mar sin ar cheisteanna as a dtiocfadh aighneas agus ’na mbeadh air, b’fhéidir, bheith sa chathaoir ina dhiaidh sin le linn a bpléite, gur dheacair mar a bheadh an scéal aige dá mbeadh a raibh ina aigne aige mar thairgtheoir á lochtú agus é sa Chathaoir. 7. Is dó leis an gCoiste, áfach, gur cheart, tré shocrú, saoráidí speisialta do thabhairt maidir le tairisgintí ’na mbeadh baint fé leith acu le dáilcheanntar an Teachta bheadh i seilbh oifig an Leas-Chinn Chomhairle. 8. Le linn don Choiste na molta atá sa tuarasgabháil seo do chur fé bhreithniú na Dála, is mian leo a chur ar breaca gurb é a dtuairim nár cheart staid an Leas-Chinn Chomhairle maidir le feidhmiú a cheart Teachta do mhíniú tuille tré Bhuan-Ordú ach gurb amhlaidh ba chóir é shocrú tré oibriú nós agus taithí agus tré dhul i gcomhairle, fé mar is gá é, leis an gCoiste ar Nósimeachta agus Príbhléidí. (Sighnithe) MÍCHEÁL O hAODHA, Cathaoirleach. 19adh Abrán, 1928. |
||||||||||||