Committee Reports::Report No. 02 - Procedure and Privileges (Office of Leas-Cheann Comhairle)::16 March, 1928::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 16adh Márta, 1928.

Thursday, 16th March, 1928.

1. Do tháinig an Coiste le chéile ar 11.15 a.m. i Seomra Coiste a 106.


2. Bhí na baill seo leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (i gCeannas); Proinnsias O hAodhagáin, Gearóid O Beolláin, Brian Cúipéir, Eamon O Dúgáin, Peadar O Dubhghaill, Pádraig O Caoilte, Seán Mac an tSaoi, Domhnall O Muirgheasa, Tadhg O Donnabháin, Gearóid O Súilleabháin agus Liam Thrift.


7. Oifig an Leas-Chinn Chomhairle.


Do chuir an Cathaoirleach in úil don Choiste na tuairimí a bhí aige maidir leis na dualgaisí a ghabhann le hOifig an Leas-Chinn Chomhairle agus maidir le staid Teachta i seilbh na hoifige sin i dtaobh tairisgintí agus leasuithe do chur síos, ceisteanna do chur, páirt do thógaint i ndíospóireachtaí, vótála, agus cúramaí poiliticeacha lasmuich den Dáil.


Do chuir an Coiste in úil gur mhian leo memorandum ina ndeighleálfaí go generálta leis an scéal do bheith fé n-a mbráid ag a gcéad chruinniú eile.


8. Do cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1 p.m., go dtí Dé Céadaoin seo chughainn ar 11.15 a.m.