Committee Reports::Report and Proceedings - Constitution (the constitution and powers of, and methods of election to, Seanad Éireann)::16 May, 1928::Report

TUARASGABHAIL.

An Có-Choiste a bunuíodh chun breithniú do dhéanamh agus tuairise do thabhairt ar na hatharuithe is gá a dhéanamh, más gá aon cheann, ar chó-dhéanamh agus ar chomhachta Sheanad Eireann agus ar na modhanna toghacháin chun Seanad Eireann táid tar éis teacht ar an aigne seo a leanas:—


Có-dhéanamh Sheanad Eireann.

1. Molann an Có-Choiste líon ball Sheanad Eireann do bheith mar atá; triocha bliain do bheith mar aois mhinimum chun duine do bheith iontoghtha mar bhall de Sheanad Eireann; naoi mbliana do bheith mar théarma oifige do bhall de Sheanad Eireann agus trian na mball do thogha gach tríú bliain.


Modhanna Toghacháin chun Seanad Eireann.

2. Isé tuairim an Chó-Choiste nách maith an rud baill do thogha chun Seanad Eireann le vóta díreach na ndaoine agus molaid go dtoghfí baill Sheanad Eireann ag baill Dháil Eireann agus Sheanad Eireann ag vótáil le chéile do réir phrionsiobal Ionadaíochta Cothromúla.


3. Do shocruigh an Có-Choiste ar a mhola, i gcóir toghachán chun Seanad Eireann, go ndéanfadh Coláiste Ainmniúcháin do bunófí chuige sin ainmliost d’iarrthóirí do chur le chéile ach a bheith de cheart ag Dáil Eireann agus ag Seanad Eireann ainmniúcháin do chur ar an ainmliost suas go dtí maximum áirithe—an Coláiste Ainmniúcháin do bheith có-dhéanta d’ionadaithe do chomlachaisí, do chó-ghléasanna, no do chóluchtaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas, eadhon, Talmhaíocht, Oibreachas, Oideachas, Tráchtáil, agus Feabhsú Náisiúnta. Toisc a dheacracht a bhí se, ámh, don Chó-Choiste teacht ar aon intinn i dtaobh modha shásúla chun a leithéid sin de Choláiste do chur le chéile do shocruigh an Có-Choiste gan a thuille breithnithe do dhéanamh ar mhion-choda scéime, ach a mhola go scriosfí amach na forálacha atá sa Bhunreacht i dtaobh an ainmliost do chur le chéile agus foráil do chur isteach ann go ndéanfí an t-ainmliost do chur le chéile i slí atá le socrú le gnáthreachtúchán.


4. I gcás a bheith de cheart ag Seanad Eireann iarrthóirí d’ainmniú chun an ainmliost molann an Có-Choiste, maidir le Seanadóirí a bheidh ag dul as oifig, gan a bheith de cheart acu, mar Sheanadóirí den tsórt san, iad do chur ar aon ainmliost d’iarrthóirí a cuirfar le chéile chun baill do thogha chun Seanad Eireann.


5. Molann an Có-Choiste, má glactar leis an Mola atá i Mír 2 den Tuarasgabháil seo, go ndéanfí foth-fholúntas i Seanad Eireann do líona tríd an mbun-chólucht toghacháin do thogha duine chuige agus go mbeadh an duine a toghfí chun an fhoth-fholúntais sin i seilbh oifige go dtí an chéad ghnáth-thoghachán eile chun Seanad Eireann.


Comhachta Sheanad Eireann.

6. Molann an Có-Choiste, má glactar leis an Mola atá sa chéad mhír eile a leanas anso, go ndéanfí Airtiogal 47 den Bhunreacht do leasú i slí go mbeadh Seanad Eireann gan comhact acu Referendum d’éileamh ach amháin i geás Bille chun an Bunreacht do leasú.


7. Molann an Có-Choiste Airtiogal 38 den Bhunreacht do leasú sa chéill seo:—


(a) má dhiúltuíonn Seanad Eireann do Bhille (nách Bille Airgid) do tionscnadh i nDáil Eireann agus do rith Dáil Eireann no má ritheann Seanad Eireann é tar éis leasuithe do dhéanamh air agus ná haontóidh Dáil Eireann leis na leasuithe sin, cuirfar an Bille sin ar fiunraoi. Más rud é, tar éis na tréimhse orduithe, go gcuirfidh Dáil Eireann an Bille arís chun Seanad Eireann, sa bhfuirm dheiridh in ar rith Dáil Eireann é agus in ar dhiúltuigh Seanad Eireann do (agus aon atharuithe air a dheimhneoidh Ceann Comhairle Dháil Eireann do bheith riachtanach de bharr imeacht aimsire), agus go dteipfidh ar Sheanad Eireann an Bille do rith laistigh de dhá mhí chaileandair ina dhiaidh sin gan leasú no fé pé leasuithe le n-a n-aontóidh Dáil Eireann tuigfar, ar rún do rith do Dháil Eireann, an Bille sin do bheith rithte ag an dá Thigh;


(b) tosnóidh an tréimhse orduithe an lá a céad-chuirfar an Bille sin chun Seanad Eireann agus críochnóidh sí i gceann ocht mí dhéag caileandair ón lá san mara scuirtar an tOireachtas laistigh den tréimhse sin agus sa chás san críochnóidh an tréimhse an lá a haththionólfar an tOireachtas tar éis an scuir sin.


8. Molann an Có-Choiste Airtiogal 39 den Bhunreacht do leasú i slí is go bhforálfar leis, maidir le Bille a tionscnófar i Seanad Eireann agus a rithfidh Seanad Eireann agus a leasóidh Dáil Eireann, go mbeidh an Bille sin, chun é do rith ina dhlí, sa staid chéanna ina mbeadh sé dá mba i nDáil Eireann do tionscnófí é agus dá réir sin go mbeidh sé fé réir na bhforálacha atá leagtha amach sa mhola i Mír 7 thuas. Molann an Chó-Choiste fós go scriosfí amach na focail “Má diúltuítear i nDáil Eireann é ní tabharfar isteach arís é sa tsiosón chéanna, ach féadfaidh Dáil Eireann é d’aith-bhreithniú ar a tairisgint féin.”


9. Molann an Chó-Choiste Airtiogal 35 den Bhunreacht do leasú sa chéill seo: más rud é, laistigh de sheacht lá tar éis do Cheann Chomhairle Dháil Eireann aon Bhille do dheimhniú mar Bhille Airgid no tar éis do Dháil Eireann Bille a bheidh deimhnithe amhlaidh do rith, pe’ca aca is déanaí a thárlóidh, go n-éileoidh dhá chúigiú de bhaill aon Tighe é, le fógra i scríbhinn do Cheann Chomhairle an Tighe dar baill iad, no go mbeartófar amhlaidh ag móráireamh de bhaill Sheanad Eireann agus iad i láthair agus ag vótáil ag suidhe a bheidh ag Seanad Eireann agus triocha ball ar a laighead i láthair, déanfar an cheist i dtaobh ce ’ca Bille Airgid no nách ea an Bille d’fhágaint fé Choiste ar Phríbhléidí ar a mbeidh trí baill a thoghfaidh gach Tigh agus mar Cheann Chomhairle ortha an breitheamh is aoirde céim den Chúirt Uachtarach a bheidh ábalta agus toilteannach ar fheidhmiú, agus a bheidh, i gcás có-ionannas vótanna, agus sa chás san amháin, i dteideal vótála. Ní bheidh aon dul thar breith an Choiste ar an gceist.


10. Molann an Có-Choiste an dí-cháilíocht fé n-a bhfuil baill Sheanad Eireann fé láthair chun bheith ina mbaill den Ard-Chomhairle do chur ar ceal.


Tuigeann an Có-Choiste, má glactar leis na Molta san roimhe seo, nách foláir forálacha díombuana do dhéanamh maraon le hatharuithe sa Bhunreacht agus sa dlí go generálta. Ní dó leis an gCó-Choiste gur gá molta do dhéanamh i dtaobh na nithe seo.


(Sighnithe)


MÍCHEÁL O hAODHA,


Cathaoirleach.


16° Bealtaine, 1928.