Committee Reports::Report and Proceedings - Constitution (the constitution and powers of, and methods of election to, Seanad Éireann)::16 May, 1928::Orders of Reference

SEANAD EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

15° Feabhra, 1928.—Beartuithe: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste, ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, do bhunú chun breithniú do dhéanamh agus tuairise do thabhairt ar na hatharuithe is gá a dhéanamh, más gá aon cheann, ar chó-dhéanamh agus ar chomhachta Sheanad Eireann agus ar na modhanna toghacháin chun Seanad Eireann (Seán O Fearghail).


Orduithe: Go gcuirtar Teachtaireacht chun na Dála chun an Rún so do chur in úil dóibh agus chun a n-aontú do lorg.


Márta, 1928.—Teachtaireacht ón Dáil go n-aontuíonn an Dáil leis an Seanad san Rún réamh-ráite.


Orduithe: Go ndintar Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, do bhunú chun breithniú do dhéanamh agus tuairisc do thabhairt ar na hatharuithe is gá a dhéanamh, más gá aon cheann, ar chó-dhéanamh agus ar chomhachta Sheanad Eireann agus ar na modhanna toghacháin chun Seanad Eireann (Seán O Fearghail).


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun na Dála á chur san in úil dóibh.


Orduithe: Tomás Beinéid, Séamas Dubhglas, Aindrias Mac Séamais, Mícheál O hAnnluain agus Seán O Fearghail, maraon le Cathaoirleach an tSeanaid ex officio, do cheapa chun fónamh ar an gCó-Choiste (Seán O Fearghail).


DÁIL EIREANN.

22° Feabhra, 1928.—Teachtaireacht ón Seanad—Go bhfuil Seanad Eireann tar éis an Rún so leanas do rith, le n-ar mian leo aontú Dáil Eireann d’fháil:—Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste, ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, do bhunú chun breithniú do dhéanamh agus tuairisc do thabhairt ar na hatharuithe is gá a dhéanamh, más gá aon cheann, ar chó-dhéanamh agus ar chomhachta Sheanad Eireann agus ar na modhanna toghacháin chun Seanad Eireann.


Beartuithe: Go n-aontuíonn an Dáil leis an Seanad san Rún réamhráite a cuireadh in úil don Dáil an 15° lá d’Fheabhra (Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí).


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


Márta, 1928.—Teachtaireacht ón Seanad—Go bhfuil Seanad Eireann tar éis an tOrdú so leanas do dhéanamh:—Go ndintar Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, do bhunú chun breithniú do dhéanamh agus tuairisc do thabhairt ar na hatharuithe is gá a dhéanamh, más gá aon cheann, ar chó-dhéanamh agus ar chomhachta Sheanad Eireann agus ar na modhanna toghacháin chun Seanad Eireann.


Orduithe: Go ndintar Có-Choiste ar a mbeidh cúigear ball den Dáil agus cúigear ball den tSeanad, maraon le Ceann Comhairle na Dála agus Cathaoirleach an tSeanaid mar bhaill ex officio, do bhunú chun breithniú do dhéanamh agus tuairisc do thabhairt ar na hatharuithe is gá a dhéanamh, más gá aon cheann, ar chó-dhéanamh agus ar chomhachta Sheanad Eireann agus ar na modhanna toghacháin chun Seanad Eireann (Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí).


Orduithe: Go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta cúigear Teachtaí, chun fónamh ar an gCó-Choiste (Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí).


Márta, 1928.—Teachtaí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:— Eamon de Valera, Domhnall O Muirgheasa, Gearóid O Súilleabháin, Pádraig Ruithléis agus Mícheál O Tighearnaigh, maraon le Ceann Comhairle na Dála ex officio.


CLAR.


 

leathanach

1.

Orduithe Tagartha

...

ii

2.

Tuarasgabháil

...

...

iv

3.

Imeachta an Chó-Choiste

...

xiv