Committee Reports::Report No. 02 - Dentists Bill, 1927, 3rd and 4th Schedules of the ::06 June, 1928::Report

DARA TUARASGABHAIL.

Do dineadh an Coiste Speisialta ar a raibh Sir Eadbhard Bigear, Séamas Dubhdal, Tomás O Fearáin agus Liam O Súilleabháin do cheapa le hOrdú ón tSeanad den 28° Márta, 1928, chun an Treas Sceideal agus an Ceathrú Sceideal a ghabhann le Bille na bhFiaclóirí, 1927 do bhreithniú agus chun a thuairisciú don Tigh an ceart nó nách ceart cur leis na liostaí d’ainmneacha atá sna Sceidil sin nó ainmneacha do scriosa asta nó iad d’atharú in aon-tslí eile.


Ar an 27° Abrán, 1928, do chuir an Coiste a dtuarasgabháil le chéile agus do tíolacadh í don tSeanad an 2° Bealtaine, 1928.


Le hOrdú do dhin an Seanad an 16° Bealtaine, 1928, do cuireadh an tuarasgabháil thar n-ais chun an Choiste chun í d’athbhreithniú.


Tháinig an Coiste le chéile an 23° Bealtaine agus an 6° Meitheamh, 1928.


Tá an Coiste tar éis a dtuarasgabháil d’ath-bhreithniú go cuibhe agus dinid anois na molta atá leagtha amach sa sceideal a ghabhann leis seo in ionad na molta atá leagtha amach sa sceideal a ghabhann leis an tuarasgabháil roimhe sin uatha.


E. COEY BIGGER,


Cathaoirleach an Choiste.


6° Meitheamh, 1928.